Tá cuntais ar a shaol is a shaothar in: A group of nation-builders. O’Donovan—O’Curry—Petrie (1913) le Patrick M. MacSweeney; Síoladóirí (1941) le Bráthair Críostamhail [Micheál Mac Confhormaoil]; Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí (1962) (An Clóchomhar) le hÉamonn de hÓir. Dhá chéad bliain i ndiaidh a bhreithe foilsíodh Ómós do Eoghan Ó Comhraí (1995) in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta agus tá aistí ann ar ghnéithe dá shaol agus dá shaothar ag Pádraig de Barra, Pádraig Ó Riain, Eilís Ní Dheá, Breandán Ó Madagáin, Ríonach uí Ógáin, L.P. Ó Murchú, Mainchín Seoighe, Tadhg Ó Dúshláine, agus Art Ó Maolfabhail. In North Munster Antiquarian Journal 1966-7 (‘Eugene O’Curry’s Early Life: details from an unpublished letter’) cuireann Michael Herity i gcló cuntas claonta ar a shaol, anuas go dtí gur shroich sé Baile Átha Cliath, a scríobh Seán Ó Donnabháin in 1853, chomh maith le heolas insuime eile. Tá cuid mhór dá dhéantús filíochta i gcló ag Pádraig Ó Fiannachta in Sages, saints and storytellers (1989) in eagar ag D. Ó Corráin, L. Breathnach agus K. McCone. Tá cuntas breá ag Brian Ó Dálaigh air in North Munster Antiquarian Journal: Irisleabhar Ársaíochta Tuadh-Mhumhan, 44, 2004 (‘Eoghan Ó Comhraí and the Local Perspective’).

Bhí sé féin agus an Donnabhánach ar an mbeirt scoláirí Gaeilge ba mhó lena linn, cé gur sa stair is mó a bhí dúil acu araon. Níl aon dabht ach gurbh fhearr an t-eolas a bhí ag Ó Comhraí ar an nGaeilge labhartha. I nDún Átha, Co. an Chláir, a rugadh é, ar 20 Samhain 1794 de réir nóta a scríobh sé féin. Tá cur síos ar a sheanathair, Maolsheachlainn, ag Pádraig de Barra. Mangaire siúil, file agus seanchaí a athair, Eoghan Mór, agus chuir sé faoi i nDún Átha nuair a phós sé Cáit Ní Mhadagáin (Hannah a thugann Ó Donnabháin uirthi) ón mbaile sin. Deir an Barrach go raibh feirm seacht n-acra acu. Ba é Eoghan an tríú duine den cheathrar mac a bhí acu. Bhí bailiúchán lámhscríbhinní ag a athair agus is uaidh a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge. D’fhreastalaíodh sé ar scoil oíche a bhí eagraithe ag fir óga an cheantair, leithéidí an chineáil ar thagair sé dóibh i litir chuig Thomas Larcom 27 Nollaig 1839: ‘the ragged, unwashed but high minded fellows that waste a vigorous but unproductive life on those inhospitable outskirts.’ Níorbh fholáir nó bhíodh sé ag foghlaim ón bhfoclóirí Peadar Ó Conaill a thagadh ar cuairt chuig a athair.

Timpeall na bliana 1815 chaith Ó Comhraí tamaill ag foghlaim matamaitice ó mháistir scoile dar sloinne Roche in Eiltiún in oirthear Luimnigh agus ó Patt Hennessy i Lios Tuathail, Co. Chiarraí. Faoi 1821 bhí sé tamall i gCill Chaoi agus d’fhaigheadh deis ann chun a bheith ag comhrá i mBéarla le fámairí. Chaith sé tamaill le feirmeoireacht agus le múinteoireacht; bhí teach síbín aige tamall; agus, in ainneoin bacaíl bheag a bheith ann, bhí ag sclábhaíocht ar feadh roinnt blianta sula bhfuair sé post in 1827 nó 1828 i nGealtlann Luimnigh ar £15 sa bhliain. Phós sé Anne Broughton, Gaeilgeoir ón Áth Leathan, in 1825 nó 1826 agus rugadh an chéad leanbh i Luimneach 13 Samhain 1826. Aon duine dhéag clainne a bhí acu. Chum sé dánta comórtha nuair a toghadh Ó Conaill sa Chlár in 1828 agus The O’Gorman Mahon in 1830. D’aistrigh sé go Baile Átha Cliath sna luath-thríochaidí agus 21 Samhain 1835 d’fhostaigh an tSuirbhéireacht Ordanáis é. Bhí sé ann go 31 Lúnasa 1842. Tá cuntas ar a cheapachán agus ar an tréimhse ag Art Ó Maolfabhail in Ómós do Eoghan Ó Comhraí. Faoin am ar chuir an Rialtas deireadh le rannóg na topagrafachta den tSuirbhéireacht bhí sáreolas aige ar lámhscríbhinní. Rinne sé roinnt taistil ach níor mhór é le hais a ndéanadh an Donnabhánach agus cuid eile díobh sa ghnó sin. Bhí obair seachas logainmneacha ar siúl aige agus is i rith na tréimhse sa tSuirbhéireacht a rinne sé cóipeanna de lámhscríbhinní d’Acadamh Ríoga na hÉireann agus do Choláiste na Tríonóide. Ó Shamhain 1842 amach, ar feadh dosaen bliain, bhí sé ag clárú 400 lámhscríbhinn de chuid an Acadaimh. D’éirigh leis eolas a chur ar lámhscríbhinní i Músaem na Breataine agus sa Bhodleian. Deir Brian Ó Dálaigh: ‘He discovered the long lost Tripartite Life of St Patrick, a vellum written in 1477. This was perhaps his most valuable find, as scholars knew that such a text had existed but they were unaware that a copy still survived.’

Ba é a d’athscríobhadh téacsanna Gaeilge do cibé clódóir a raibh foilseacháin na gcumann Gaeilge á gclóbhualadh aige. Rinne sé cóip de Annála Ríoghachta Éireann le haghaidh eagrán Uí Dhonnabháin. Ó 1852 amach bhí sé féin agus Ó Donnabháin ina gcomheagarthóirí i bhfiontar na seandlíthe (Senchas Már) a athscríobh agus a thiontú go Béarla. An bhliain roimhe sin bhí cóip de ‘The Book of Achill’, téacs dlíthiúil i gColáiste na Tríonóide, cóipeáilte aige agus ba é an saothar sin faoi deara gur tathantaíodh ar an rialtas an coimisiún um fhoilsiú seandlíthe na hÉireann a bhunú. Tharlaíodh teannas idir an bheirt scoláirí agus iad in aon seomra le chéile. Cuireadh moill mhór ar an obair nuair a bhíothas ag lorg an tríú eagarthóir, fear a mbeadh cúlra níb fhearr aige ná an bheirt ó thaobh dlí agus eile de, agus bhí an bheirt mhórscoláirí marbh faoin am ar foilsíodh The ancient laws of Ireland (1865-1901) (6 iml.): bhí lámh ann sa deireadh ag Thaddeus O’Mahony, W. Neilson Hancock, Alexander George Richey agus Robert Atkinson. In 1852 freisin bhí sé i gceist go gcuirfeadh sé féin agus an Donnabhánach foclóir mór Gaeilge le chéile, ach, cé gur fhág William Elliott Hudson £200 le huacht agus gur thug John Martin (1812-75) £200 eile, ní dheachthas ar aghaidh leis an bhfiontar ag an am sin.

In 1853 rinneadh comhalta d’Acadamh Ríoga na hÉireann de agus 29 Meitheamh 1854 ceapadh é ina Ollamh le Stair agus Seandálaíocht na hÉireann san Ollscoil Chaitliceach a bunaíodh an bhliain sin. Nuair a bhí sé ag cur isteach ar an bpost sin, d’iarr an staraí John T. Gilbert ar Sheán Ó Donnabháin eolas ar bheatha Eoghain a thabhairt dó. Fianaise ar an ngoimh a bhí ag an Donnabhánach le hEoghan, ní foláir, is ea an t-eolas a thug sé do Gilbert. Deir Ó Dálaigh: ‘Not surprisingly John T. Gilbert’s notice on Ó Comhraí’s life was never published.’ Deir Herity gurbh í an chathaoir a fuair Ó Comhraí an chéad cheann riamh sa Bhreatain agus in Éirinn a bhain leis an tseandálaíocht réamhstaire. Thagadh Reachtaire na hOllscoile, J. H. Newman, chuig a léachtaí. Nuair a foilsíodh sraith díobh mar Manuscript materials of ancient Irish history in 1861 ba é Newman a rinne cúram de chostas a fhoilsithe. Thug sé cabhair arís nuair a bhí an dara bailiúchán de léachtaí á fhoilsiú, On the manners and customs of the ancient Irish (1873). Seasann méid a chlú mar scoláire ar na saothair cheannródaíocha sin. Chuaigh siad i gcion ar Mathew Arnold a thug ‘obscure Scaliger of a despised literature’ air uair.

D’aistrigh sé agus chuir sé eagar ar Cath Mhuighe Léana (1855) don Celtic Society agus ba liosta le lua a aistriúcháin agus a eagráin de scéalta, dánta agus eile in irisí mar Atlantis, Irish Ecclesiastical Record, Irish Penny Journal agus i mbailiúcháin le húdair mar William Reeves agus Matthew Kelly. Ní fios ar bhuair aon scrupall coinsiasa é agus é ag aistriú Introductory kessons on Christian evidences leis an Ardeaspag Richard Whately (1787-1863) faoin teideal Aiceachta reambrollaigh ar fhiadhnaisibh na Criostaidheachta (1857) don Society for Promoting Christian Knowledge. Tuairimíonn De hÓir gurb é an píosa próis is doléite sa Ghaeilge é agus, dá réir sin, nach bhféadfadh sé leas ná aimhleas daltaí scoile a dhéanamh. Luann Pádraig Ó Fiannachta dileagra ó uachtarán agus foireann na hOllscoile Caitlicí a d’ullmhaigh sé le cur faoi bhráid Pio Nono: ‘Sórt Meán-Ghaeilge dhoiléir chasta atá aige’ (Léachtaí Cholm Cille 1972).

Bhí dúil sa cheol aige agus thug sé cabhair do George Petrie nuair a bhí seisean ag bailiú na seanfhonn atá in The ancient music of Ireland (1855) (in Ómós do Eoghan Ó Comhraí tá caibidil dar teideal ‘Eoghan Ó Comhraí agus Amhráin Ghaeilge an Chláir’ ag Breandán Ó Madagáin). D’éag sé ar 30 Iúil 1862 ina theach ag Sráid Portland, Baile Átha Cliath agus cuireadh é i nGlas Naíon. Bhí a bhean marbh ó 1858 agus beirt iníoníocha agus beirt mhac a d’fhág sé ina dhiaidh. Rinne Conradh na Gaeilge cothrom chéad bliain a bhreithe a chomóradh ar 27 Samhain 1896—an bhliain 1796 atá ag Alfred Webb agus ag roinnt de na foclóirithe beathaisnéise—agus léigh Eoin Mac Néill páipéar, sheinn Thomas Garoghan foinn ar an bpíb uilleann agus dúradh amhráin Ghaeilge (Irisleabhar na Gaedhilge, Iml. VII, Uimh. 8, Nollaig 1896).

File ba ea a dheartháir Maolsheachlainn (d’éag 1849); tá cuntas ar a dheartháir Antoine (d’éag c.1881-2), a bhí ag obair sa tSuirbhéireacht Ordanáis Iúil 1838-Nollaig 1841, in The Irish Book Lover, Samhain-Nollaig 1929. Deir Pádraig de Barra gur cailleadh beirt eile dá chlann féin go hóg agus go ndeachaigh beirt de na hiníonacha isteach mar mhná rialta i gClochar Loreto, Ráth Fearnáin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú