B’fhéidir a rá go raibh sé ar na daoine ba mhó a raibh baint acu le bunú na nÓglach in 1913. Scríobhadh péire beathaisnéis: The O’Rahilly (1967) le Marcus Bourke; Winding the clock: O’Rahilly and the 1916 Rising (1991) lena mhac Aodogán O’Rahilly. I dteach trí urlár i mBéal Átha Longfoirt, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 21 Aibreán 1875. Ceannaí saibhir a athair Richard Rahilly. Aige a bhí an siopa ba mhó i gCiarraí thuaidh. Bhí seisean síolraithe go díreach ó athair Aogáin Uí Rathaille, file, agus deartháir leis ba ea Tomás, athair Thomáis Uí Rathile agus Shisile Ní Rathaille. Ba í Ellen Mangan máthair Mhichíl. Ba é an duine ab óige de thriúr clann é. Phósfadh duine dá dheirfiúracha David Humphreys agus sa teaghlach acusan bhí Dick Humphreys agus a dheirfúr Síle Uí Dhonnchadha.

Tar éis bunoideachais cuireadh go Coláiste Choill Chluana Gabhann é (1890-1893) agus ansin chláraigh sé mar mhac léinn i nDámh an Leighis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tholg sé eitinn in 1894 agus fuair a athair bás in earrach 1896. Chuir an dá thubaiste sin deireadh lena iarracht ar bheith ina dhochtúir. Bhí tite i ngrá aige le Nannie Browne, Meiriceánach a raibh muilte olla ag a muintir. Shíl sé, mura dtéadh sé go dtí na Stáit Aontaithe, go bpósfadh sí fear eile. Shocraigh a mháthair £9,000 punt air, suim ab ionann agus £450 sa bhliain. Chuaigh sé go Meiriceá i Meán Fómhair 1898 agus phós Nannie Brown 15 Aibreán 1899 i Nua-Eabhrac. Chaith siad trí mhí beagnach ag taisteal san Eoraip. Mar ghnáthoibrí a bhí sé ag obair sna muilte a bhí ag muintir de Brún. Is cosúil gur tharla easaontas leis na Brúnaigh in 1902 agus gur shocraigh sé ar aistriú go mór-roinn na hEorpa. Ach faoi gheimhreadh 1902 bhí siad ina gcónaí i mBré. Ceapadh é ina ghiúistís. Meastar gur tuairim 1901, le linn dó a bheith i Meiriceá, a thosaigh a spéis sa teanga: shínigh sé a ainm i nGaeilge uair i rith na haimsire sin. Thosaigh sé anois ag staidéar ar stair agus ar ghinealas sa Leabharlann Náisiúnta. Thaithíodh sé an Stad, siopa tobac Chathail Mhic Gharbhaigh. Fuair a chéad mhac bás in 1903 agus bhí baint aige sin leis an aistriú a rinne siad go Brighton ar dtús agus ansin go Londain. Ar feadh tamaill bhí dúil aige a bheith ina fheisire agus ba chúnamh a bheith ina chónaí thall. Chaith sé 1905 go 1909 ag obair arís i muilte de Brún in Philadelphia agus is i rith an achair sin a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge as priméar a chuir Tomás Ó Rathile chuige. ‘Sliabh Luachra’ a bhaist sé ar an teach mór a bhí aige.

Bhí spéis á cur aige i ngluaiseacht Shinn Féin tuairim an ama seo. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath in earrach 1909. Bhí baint aige le láinseáil an nuachtáin Sinn Féin Daily agus ba gheall le hiriseoir lánaimseartha acu é. Thaistil sé go Meiriceá le William Bulfin chun airgead a bhailiú don pháipéar ach ní rómhaith a d’éirigh leo. Bhí spéis ar leith aige i ndéantúsaíocht na hÉireann. Bhí sé bainteach go háirithe le hAonach Nollag Shinn Féin . Chuir sé scéimeanna chun tosaigh d’fhonn go dtáirgfí brícíní móna. Chuir sé spéis san eitlíocht agus shocraigh go mbeadh eitleán Harry Ferguson ar taispeáint i mBaile Átha Cliath. Ba é an duine ba ghníomhaí é san fheachtas a ritheadh in aghaidh fáilte a chur roimh Rí Seoirse V in 1911. Faoin ainm pinn ‘Rapparee’ bhí sraith aige in Irish Freedom inar áitigh sé gur ghá d’Éireannaigh a bheith faoi arm. Ach dhiúltaigh sé bheith ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta.

Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ó 1912 go 1916. Théadh an teaghlach ar saoire go Gaeltacht Chiarraí gach samhradh. Thóg sé bungaló adhmaid i bhFionntrá tuairim 1912. Gaeilge a labhraíodh an chlann le chéile ach is deacair a mheas conas a d’éirigh leis féin, má d’éirigh leis, líofacht a bhaint amach. Dúirt Stiofán Mac Enna uair, deir Marcus Bourke, go raibh feabhas ag teacht ar an nGaeilge aige de réir a chéile ach gurbh éigean dó riamh dul i muinín na geáitsíochta chun é féin a chur in iúl agus gur mhinic a dhéanadh sé earráid áiféiseach. Luann Bourke go raibh Seán a’ Chóta (Seán Caomhánach) mar mhúinteoir aige tar éis dó filleadh ar Éirinn. Ba bhall de Chraobh na gCúig gCúigí é agus b’fhéidir go bhfreastalaíodh sé ar rang ansiúd. Dar leis an mBúrcach gur eagraigh sé turas ceolchoirmeach samhradh amháin chun cur in aghaidh seónna gallda na linne agus go raibh sé féin, a dheirfiúr Anna, a chol ceathar Tomás Ó Rathile agus Siobhán Jennings (a phósfadh Nioclás Tóibín) páirteach ann. Lean sé ar feadh tamaill de mhíosa. Bhí sé gafa go mór sa troid i dtaobh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann. Creidtear gurbh é ba thúisce a mhol don Chonradh lá bratach a chur ar siúl, an chéad uair in Éirinn a bailíodh airgead ar an gcuma sin. Ag Ard-Fheis 1913 ba é a chuidigh le rún Éamoinn Ceannt go n-atoghfaí Dubhghlas de hÍde ina uachtarán. É féin, Seán T. Ó Ceallaigh agus Micheál Smidic a fuair na vótaí ab airde sa toghchán don Choiste Gnó (An Claidheamh Soluis 9 Lúnasa 1913). Ba é a mhol go dtairgfí an tríú leasuachtaránacht do Mhicheál Ó hIceadha (idem 30 Lúnasa 1913). An bhliain sin bhí sé ina bhall de Choiste an Oireachtais agus eisean a mhol gur i gCill Airne a bheadh Oireachtas 1914. Rinne sé obair fhónta chun a thabhairt ar na bainc agus ar oifigí poist freastal ar lucht na Gaeilge agus chun a áitiú ar an mBardas i mBaile Átha Cliath na sráidainmneacha a bheith i nGaeilge. Bhí sraith aige in An Claidheamh Soluis 1915-6 i dtaobh logainmneacha Bhaile Átha Cliath. Ba é a bhunaigh an Irish Topographical Society chun litreacha agus ainmleabhair Uí Dhonnabháin agus Uí Chomhraí a chóipeáil ar eagla go gcaillfí na bunchóipeanna i ndóiteán. Bhí sé ar bhaill bhunaidh Chuallacht na nGaeilgeoirí in eaglais Shráid Gairdinéir a dtabharfaí Cuallacht Mhuire gan Smál air ar ball.

Bhí sé ina bhainisteoir oinigh ar An Claidheamh Soluis in 1913. D’fhéach sé chuige go mbeadh cuma níos nua-aimseartha ar an bpáipéar agus go mbeadh níos mó pictiúr ann. Mhínigh sé in eagrán 6 Meán Fómhair 1913 polasaí nua an pháipéir. D’iarr sé ar Eoin Mac Néill príomhalt eagrán 1 Samhain a scríobh toisc an Conradh a bheith scór bliain d’aois. Comharsana ba ea iad i bPáirc Herbert, Droichead na Dothra. Is mar sin a tharla gur scríobh Mac Néill ‘The North began’, an t-alt a chuir tús leis na hÓglaigh. Tá an dá thuairim ann i dtaobh cé acu arbh é Ó Rathghaille a chuir ina cheann é nó ar rith an smaoineamh leis féin. Is é a dúradh sa pháipéar féin ar 17 Deireadh Fómhair 1914: ‘He was circulation manager and assistant editor and had charge of the pictures. The suggestion that Eoin MacNéill should be asked to write this famous article was the editor’s’. D’fhág sé an ‘post’ a bhí aige sa pháipéar i bhFeabhra 1914.

Níl amhras ach gurbh é Ó Rathghaille a chuir i gceann an Phiarsaigh an príomhalt tábhachtach ‘The Coming Revolution’ a scríobh an tseachtain i ndiaidh phríomhalt Mhic Néill. Ba iad Ó Rathghaille agus Bulmer Hobson a thug cruinniú le chéile in Óstán Wynn ar 11 Samhain chun bunú an fhórsa nua a phlé. Scríobh sé an leabhrán The secret history of the Irish Volunteers (1915). Bhí páirt mhór aige i bhforbairt na gluaiseachta agus go háirithe sna hiarrachtaí ar ghunnaí a cheannach agus a thabhairt i dtír. I nGaeilge a choinníodh sé taifid airgeadais na nÓglach agus na leabhair nótaí míleata. Faoi 1915 bhí sé ina Stiúrthóir Arm. In 1916 is toisc gurbh é Mac Néill an ceann foirne a chabhraigh sé leis chun orduithe cealaithe a chur amach agus a thaistil go Luimneach, Ciarraí, Corcaigh agus Tiobraid Árann oíche Shatharn Cásca. Ach ina ainneoin sin bhí sé ina bhall de gharastún Ardoifig an Phoist. Tá an fáth a bhí leis sin sa dán a scríobh Yeats: ‘Because I helped to wind the clock / I come to hear it strike’. Maraíodh é go deireanach Aoine Sheachtain na Cásca nó go luath maidin an tSathairn tar éis gur goineadh é i ruathar ionsaithe ar bharacáid na saighdiúirí i Sráid Uí Mhóra. Mura raibh sé ar shínitheoirí Fhorógra na Cásca aithnítear mar dhuine de cheannairí an Éirí Amach é. Ba é an chéad duine díobh a maraíodh. Tá sé curtha i nGlas Naíon. Fuair a bhean bás in 1961. Bhí seisear mac aige: Bobby (a d’éag in 1903), Richard, Aodogán, Niall, Maolmhuire agus Ruairí (baisteadh Micheál Seosamh é), a rugadh tar éis bás a athar.

Fear ildánach tionscantach ba ea é. Bhuaigh sé duais Uí Dhíosca ar bhratach a dhearadh don Chonradh uair. Dhear sé cló gaelach nua do An Claidheamh Soluis - bhí sé ina bhall d'fhocoiste na clódóireachta. Bhí scil ar leith aige chun armas a tharraingt agus a phéinteáil. Pianadóir maith ba ea é. Bhí sé an-chliste ar charranna a dheisiú. Bhí dúil aige i dteangacha: bhí Fraincis go líofa aige agus d'fhoghlaim sé Iodáilis. Maidir leis an teideal sin 'Ua Rathghaille' nó 'The O'Rahilly', tuairimíonn a mhac Aodogán gur mar ainm pinn a bhaineadh sé úsáid as ar dtús agus gur lean an t-ainm dó i ndiaidh 1914. Tá clár a shaothair scríbhneoireachta ag P.S. Ó hÉigeartaigh in Dublin Magazine, July-September 1936. Bunaíodh comórtas comhrá ina chuimhne ag Oireachtas 1924.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú