Tá cuntais iarbháis: in Foinse 20 Aibreán 2003 ag Breandán Mac Gearailt; san Irish Times 26 Aibreán 2003. Scríobh sé Merriman agus filí eile, 1985; is iad na filí eile a bhfuil aistí orthu ann: Tadhg Dall Ó hUiginn, Piaras Feiritéar, Pádraigín Haicéad, Dáibhí Ó Bruadair, Aogán Ó Rathaile, Eoghan Rua Ó Súilleabháin, Tomás Rua Ó Súilleabháin. Bhíodh aistí, léirmheasanna, agus gearrscéalta aige in Comhar. Bhí Rúisis, Spáinnis agus Fraincis aige agus ardspéis aige i litríochtaí na dteangacha sin. I mBéal Átha Longfoirt, Ciarraí, sa teach céanna inar saolaíodh Ó Rathghaille, a rugadh é ar 8 Eanáir 1920. Línitheoir cáiliúil a athair Art a chaith tamall i gcomhlacht Harland agus Wolff agus a raibh baint aige le dearadh an Titanic. Ba í Caitríona Ní Chionnfhaola a mháthair. Tar éis bunoideachais chaith sé sé mhí i Scoil na Leanbh sa Rinn sula ndeachaigh sé go Coláiste Chaisleán Cnucha. Sa Roinn Gnóthaí Eachtracha a thosaigh sé sa státseirbhís i 1938 agus bhí sé ina Rúnaí Cúnta sa Roinn Leasa Shóisialaigh nuair a chuaigh sé ar pinsean i 1981. Gheofar cuntas ar an gcomhluadar a thaithíodh sé agus ar na cairde ab ansa leis i mBaile Átha Cliath san aiste atá aige in Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde, 1997 in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa. Chuaigh sé an bhliain sin 1981 chun cónaithe in Ard na Caithne, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí. Bhí iníon amháin aige féin agus a bhean Máire Finucane. D’éag sé 13 Aibreán 2003 agus tá sé curtha i nDún Urlann. Deirtear in Foinse: ‘An ghné ba scanrúla fé Art Ó Beoláin, ná an chuimhne bheacht a bhí aige, pé acu fadó fadó, nó cúpla seachtain é; bhí a chuimhne agus a éirim dochreidte. Níorbh aon nath aige stráicí as aon leabhar a léigh sé, is cuma cathain, a aithris gan dua.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú