‘A model Dublin boy’ a thug The Catholic Bulletin air in Iúil 1916 sa tsraith cháiliúil alt i dtaobh na bhfear a maraíodh san Éirí Amach. Dúradh in An Claidheamh Soluis 5 Lúnasa 1916: ‘Peadar Ó Maicín, who, like Ó Rathghaille, died of wounds received in fighting, was a type of Dubliner that is all too rare. He was a tradesman with a fine intellect and a great love of intellectual advancement. He had acquired a fine knowledge of Irish, and his Irish studies he used as a means of interpreting the ideals of the people’. Tá sráid agus bloc árasán sa chathair ainmnithe ina dhiaidh agus gan amhras foirne peile agus iomána. Bunaíodh Craobh Pheadair Uí Mhaicín de Chonradh na Gaeilge in 1917.

Ar 29 Meitheamh 1878 a rugadh Peter Paul Macken ag 13 Plás Nassau (sráid a bhíodh idir Sráid Fhreidric Theas agus Sráid Chill Dara), Baile Átha Cliath. Péintéir tí ba ea a athair Seoirse. Cé go ndeirtear in DIB gurbh as Cúil an tSúdaire dá mhuintir, tá sé le tuiscint ó dhaonáireamh 1901 gurbh as Osraí dóibh – sin é a chuir a athair síos i bhfoirm an daonáirimh féin. Anne Shanahan ab ainm do mháthair Pheadair. Is léir ar aiste in An Bhearna Bhaoghail 12 Aibreán 1912 gur naisiúntóir láidir ba ea Seoirse. Nuair a bhí Peadar an-óg thug sé pingin ar pháipéirín dar teideal Young Brittanica. Bhí cuntas ann ar ghaiscíocht na Sasanach sa chogadh in aghaidh na Zulu. ‘Nuair a shroicheas an baile cé a bheadh istigh romham ach m’athair dílis féin. Thug sé faoi ndeara an saghas páipéir a bhí im’ láimh, sciob uaim agus sháigh sa tine é. Do chuir sin ag gol mé agus tháinig trua aige dom. Thug pingin dhom ansin agus a dúirt liom Young Ireland a cheannach’. Ba é Seoirse a líon amach foirm Dhaonáireamh 1911 i nGaeilge. Nuair a fuair a bhean chéile bás 25 Aibreán 1901 bhí an fógra báis i nGaeilge in An Claidheamh Soluis. Ag an am sin síleadh gur ‘Mac Cuinn’ an sloinne.

I ndiaidh bunoideachais i Scoil na mBráithre, Sraith an Iarthair, is le péintéireacht tí a chuaigh Peadar. Deir cuntas ar a bheatha in An Glór 24 Aibreán 1943 faoin teideal ‘Oighreacht Ghael’ gur cheangail sé le Cumann William Orr Feabhra 1897. Chun ullmhú do cheiliúradh ’98 a bunaíodh an cumann sin ach shíl Peadar greim ró-dhocht a bheith ag lucht an pháirtí parlaiminte air agus d’fhág é le dul isteach i gCumann Oliver Bond. Bhí sé ina uachtáran ar an gcumann sin. Bhí sé ina bhall den Chumann Liteartha Ceilteach freisin agus b’fhéidir gur fhoghlaim sé roinnt Gaeilge ansiúd. Thóg sé mionn Bhráithreachas na Poblachta in 1899. In Sinn Féin , 11 Márta 1910, míníonn Peadar conas a tharla spéis sa Ghaeilge aige agus léiríonn na litreacha agus na haistí a bhí aige san iris sin a chumas agus a stádas. Bhí comhfhreagras cantalach ann idir é agus Seán Maolmhuire Ó Raghallaigh ó 25 Feabhra 1910 ar aghaidh—scríobh Stiofán Mac Énna litir ag cosaint Pheadair.

Cheangail sé le hArd-Chraobh Chonradh na Gaeilge i mí Feabhra 1900 agus faoi Iúil bhí sé i measc na bhfoghlaimeoirí ab fhearr a chruthaigh sna scrúduithe – bhí Sinéad Ní Fhlannagáin agus Máire Ní Chinnéide ina measc freisin. I gceann achair an-ghairid bhí sé ar dhuine de na daoine ba ghníomhaí sa Chonradh, é ina bhall de choiste rúnaíochta agus foilseachán Fheis Laighean agus ina theachta ón Ard-Chraobh ag Mór-Chomhdháil na heagraíochta in Aibreán 1901. Deir cuntas An Glór gurbh é féin agus Sinéad Ní Fhlannagáin [bean de Valera] a bhunaigh craobh i mBaile Brigín. I bhfómhar na bliana sin bhí sé ina rúnaí ag Craobh Phádraig Naofa, craobh a bhunaigh sé féin. I halla na bPéintéirí Tí, 27 Sráid Aungier, a bhíodh ranganna na craoibhe seo ach i ndiaidh Fheabhra 1901 is ag 44 Sráid York a thionóltaí na cruinnithe agus bhíodh Peadar ‘Mac Cuinn’ ag múineadh ranga ansiúd. Is faoin leagan sin freisin a foilsíodh a chéad aiste Ghaeilge in United Irishman 11 Eanáir 1902.

Fuair sé teastas múinteora Gaeilge in 1903 agus an bhliain dár gcionn thug scoláireacht de chuid Sparán na Scillinge é go dtí Coláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Ba iad na scrúdaitheoirí 28 Meitheamh 1904 ná Dubhghlas de hÍde, Eibhlín Ní Dhonnabháin agus Cú Uladh [Peadar Mac Fhionnlaoich]. Bhuaigh sé boinn óir i scrúduithe an Fleming Companionship, comórtas a bunaíodh le hómós do Dhonnchadh Pléimionn. In 1904 bhí sé páirteach le Seán T.Ó Ceallaigh i léiriú de dhráma an Chraoibhín, An Pósadh.

Bhí sé gníomhach freisin i gceardchumann na bpéintéirí agus toghadh é ina bhall de Bhardas Bhaile Átha Cliath do bharda an Duga Thuaidh in Eanáir 1905 thar ceann Pháirtí an Lucht Oibre . Ach bhíodh sé chomh gnóthach sin nár bhac sé le dul ar aghaidh sa chéad toghchán eile. B’fhéidir gur cheann de na fáthanna a bhí leis rud a luann Earnán de Blaghd (Trasna na Bóinne, 1957): ‘Péintéir ab ea é agus bhí sé tar éis bheith in Árainn agus in áiteacha eile sa Ghaeltacht ag gabháil dá cheard sna tithe soluis’. Bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta um an dtaca seo agus luann an Blaghdach gur ina chomhluadrsan san áiléar a bhí sé ag drámaí de chuid Shaw agus Ibsen in Amharclann na Mainistreach.

Is mar seo a chuireann An Glór síos ar a chúrsaí oibre: ‘Dathadóir ab ea a athair agus dhein sé seirbhíseacht don cheird sin. Ach chaith sé uaidh é agus bhí ina sclábhaí anseo is ansiúd go dtí sa deireadh go bhfuair sé post faoi “Bord Soilse na hÉireann” ag tabhairt aire do na lampaí sna tithe soluis ar chósta an oirthir. Ach mar sin féin níor thréig sé an dathadóireacht ar fad. Dhein sé cruinnstaidéar agus diantaithí ar an ealaín sin agus ghnóthaigh an-chuid teastas. Tairgeadh post breá dó i Sasana ach bhí an fhéith náisiúnta ró-láidir ann agus d’eitigh sé é. An t-aon dathadóireacht dár dhein sé feasta ná radharcanna a dhathú do dhrámaí Chonradh na Gaeilge agus dreamanna náisiúnta eile’. Deirtear sa chuntas sin freisin gur dornálaí fiúntach ab ea é agus é ‘ar fheabhas leis an meáchan a ardú’.

In ainneoin na tagairte sin do chósta an oirthir is léir ar litreacha a bhí i gcló aige in An Claidheamh Soluis go mbíodh sé ag taisteal sna ceantair Ghaeltachta, i dToraigh, Dún na nGall, Maigh Eo, agus Corcaigh, go háirithe, agus é ar dualgas sna tithe solais, agus go gcuireadh sé an taisteal sin chun tairbhe dá eolas ar cheart na Gaeilge. Agus ní léir orthu gur scar sé leis an bpéintéireacht mar cheird. Níor mhiste leis dúshlán Sheosaimh Laoide agus Chonchubhair Uí Mhuimhneacháin a thabhairt agus é ag plé conas frása as an Tiomna Nua a aistriú. Agus ba mhinic searbhasach é mar is léir ar litir in uimhir 2 Márta 1912: ‘Is ionadh liom féin é leis gur thit an crann ar dhuine bocht suarach a shaothraíos a bheatha ag cur dath ar fhuinneoga agus doirse ar a phá lae ceist dá leithéid a réiteach agus a liacht d’ollúna is de shaoithe re héigse a gheibhtear ar Chlár Fodhla inniu’. Bhí spéis ar leith aige i gcanúint Bhéarla Bhaile Átha Cliath agus ba mhian leis a thaispeáint go raibh an oiread sin den Ghaelachas ag baint leis an gcanúint sin go mba chúnamh í chun an Ghaeilge féin a fhoghlaim. Sa chló rómhánach a scríobhadh sé agus bhí sé ar son an litriú a shimpliú.

Bhí sé ina bhall de Choiste Sealadach na nÓglach in 1913. Tuairimíonn Pádraig Ó Snodaigh (Comhghuaillithe na Réabhlóide 1913–1916, An Clóchomhar, 1966) gur chun an lucht oibre a tharraingt isteach is ea a roghnaíodh é. Bhí sé ina bhall den Choiste Feidhmeannach ina dhiaidh sin. Is i Muilte Uí Bheoláin a bhí sé seachtain na Cásca agus lámhachadh é go timpisteach 26 Aibreán. Is mar seo a chuireann An Glór síos ar thoscaí a bháis: ‘I rith na seachtaine bhí sé i bhfeighil buíne de na hÓglaigh a bhí i seilbh dhroichead an bhóthair iarainn atá os cionn na sráide go ngairmtí Great Clarence Street uirthi an taca san ach gurb é Sráid Pheadair Maicín a ghlaoitear uirthi ó shin i leith. Throid siad go calma neamheaglach gan sos gan scíth gan chodladh. Lead bocht de na hÓglaigh ghoill an cruatan air, theip na neirbhíní air, agus i ndorchadas na hoíche lámhaigh sé Peadar’. In Dublin’s Fighting story deirtear: ‘Unfortunately a comrade who had lost his balance shot Peadar Macken through the heart in the Boland’s Mills area’. Tá sé curtha i bplásóg Naomh Bríd i nGlas Naíon. Cumann na nDathadóirí a thóg an leac atá os cionn na huaighe.

Níor phós sé riamh. Dar le tuairisc Dhaonáireamh 1911 go raibh beirt deirfiúracha aige, duine acu níos sine ná é agus an duine eile níos óige.

Dúradh i dtuairisc úd an Catholic Bulletin gur tháinig sé os comhair an phobail den uair dheireanach ag cruinniú den Ard-Chraobh ag ar thug Eoin Mac Néill léacht i dtaobh na nÓglach. Thug an Maicíneach faoi Mhac Giolla Bhríde ag an gcruinniú á rá gur tharraing sé polaitíocht isteach sa phlé.

Bhí aistí Gaeilge i gcló aige in The United Irishman, Sinn Féin, The Irish Nation, Glór na Ly, An Barr Buadh, An Bhearna Bhaoghail.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú