Bhí sé ar dhuine de cheannairí an lucht oibre i dtús an chéid. I 1917 bhí sé ina uachtarán ar Chomhdháil na gCeardchumann agus ar Pháirtí an Lucht Oibre. I Sráid Thomáis i Sligeach a rugadh é (Thomas Lawrence) 22 Lúnasa 1879. Ba é John McPartland, tógálaí, a athair agus ba í Margaret Burns a mháthair. D’úsáideadh sé an leagan ‘McPartlin’ go minic. Ar éigean bliain slánaithe aige nuair a d’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath. Bhí ar a laghad triúr deartháireacha aige. Deirtear go raibh sé ag tuilleamh a choda nuair a bhí sé deich mbliana d’aois. Le siúinéireacht a chuaigh sé agus faoi 1901 bhí cónaí air ag 172 Great Britain St, in éineacht lena mháthair, Margaret (56), baintreach, a rugadh i Sligeach. Bhí Gaeilge aici. Bhí Tomás 21 bliana d’aois agus ‘house carpenter’ an cur síos ar a shlí bheatha. ‘Learning Irish’ an cur síos a rinne sé ar a eolas féin ar an teanga. Ní foláir nó is tuairim an ama sin a bhí sé ina bhall d’Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge. Bhí an méid seo in An Saol Gaelach 25 Eanáir 1919: ‘One of the most consistent of Gaelic Leaguers and, with the late Peadar Ó Maicín as his teacher, mastered Irish’. Bhí sé sa chraobh go fóill nuair a bhí Earnán de Blaghd ina bhall. Tugann an Blaghdach cuntas ar an gcaidreamh a bhí aige leis in Trasna na Bóinne, 1937. Bhí bean agus clann aige um an taca seo. I Meán Fómhair 1901 in Eaglais Naomh Michan phós sé Hannah O’Grady ó Sráid Henrietta. Rugadh ceathrar mac agus ceathrar iníonacha dóibh.

Tá cuntas fada air in The Voice of Labour 27 Deireadh Fómhair 1923. Le breis is fiche bliain bhí sé gníomhach i ngluaiseacht an lucht oibre. Ar feadh i bhfad bhí sé ina chathaoirleach ar choiste bainistíochta Cheardchumann na Siúinéirí. Toghadh é ina bhall de choiste gnótha Pháirtí an Lucht Oibre i 1912 agus bhí ina chathaoirleach ar Chomhairle na gCeard an bhliain dár gcionn. I 1914 thug sé tiomchuairt Shasana ag bailiú airgid do na teaghlaigh a bhí thíos le corraíl 1913. Dhealródh an scéal nach raibh lánmhuinín aige as Jim Larkin: ‘My closest friend in the Trades Council’, a dúirt William O’Brien (1881-1969), céile comhraic an Lorcánaigh, faoi. Sheas sé mar iarrthóir sa Dug Thuaidh ach bhuaigh Alfie Byrne air. I ndiaidh 1916 bhí sé ina ionadaí ag gluaiseacht an lucht oibre sa choiste a bunaíodh chun dul i gcabhair ar chleithiúnaithe na bhfear a ghlac páirt san Éirí Amach—duine díobh ba ea a dheartháir Syl. Roghnaigh Páirtí an Lucht Oibre é mar iarrthóir i ndáilcheantar Fhaiche an Choláiste in olltoghchán 1918 ach ansin tharraing an páirtí a chuid iarrthóirí go léir as an iomaíocht. Faoi 1922 bhí ag teip ar a shláinte. Is mar gheall air sin nár lig sé don pháirtí é a ainmniú mar iarrthóir Dála. Ainmníodh é mar bhall den Seanad. Chuaigh sé in éineacht le ceannaire an Pháirtí, Tom Johnson, go dtí Comhdháil an Lucht Oibre sa Ghinéiv. D’éag sé agus é ina chodladh in Hotel des Bergues sa chathair sin ar 20 Deireadh Fómhair 1923. Tugadh a chorp abhaile agus cuireadh sochraid mhór air i nGlas Naíon ar 29 Deireadh Fómhair 1923.

Ag am a bháis bhí cónaí air ag 46 Ascaill Naomh Tomás, An Cuarbhóthar Theas (Sligo Champion 27 Deireadh Fómhair 1923). Ach ar feadh i bhfad bhí cónaí air arís sa Carpenters’ Asylum i Sráid Gloucester agus is ann a rugadh duine dá mhic i 1915. Nuair a bhí an Blaghdach mór leis is in Ardán nó Sráid na Seamróige a bhí cónaí air.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú