Tuairim 1906 chuaigh sí i gcion go mór ar Earnán de Blaghd agus in Trasna na Bóinne, 1957 tugann sé pictiúr beo den ógbhean tarraingteach i mbun ranga in Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge. ‘Bhíodh a rang sise plódaithe i gcónaí... agus ba mhinic idir dhosaen agus fiche duine nach mbíodh slí sna suíocháin dóibh ina seasamh thart timpeall leis na ballaí. . . Bhíodh Sinéad lách cineálta le gach éinne agus in ann an rang a chur ag gáire go minic gan aon rud a rá a ghoinfeadh an té ba ghoilliúnaí amuigh. Chuireadh sí éagsúlacht iontach ina ceachtanna agus bhaineadh sí lánfheidhm as a pearsantacht taitneamhach féin lena chur abhaile ar gach éinne go rabhthas ag tabhairt aire faoi leith dó féin. . . Bhraitheadh cách go mba chosúil gach rang dá cuid le siamsa go mba mhór an náire é a chailliúint. Ní miste a rá go raibh gach fear óg dá raibh sa rang i ngrá léi. Agus ina theannta sin bhí ardmheas agus ardchion ag na mná uirthi freisin’.

I mBaile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh í ar 1 Meitheamh 1878, dar le Clár na mBaistí sa Leabharlann Náisiúnta. Ceardaí ba ea a hathair Lorcán Flanagan agus ba í Margaret Byrne a máthair. Bhí buachaill, Lorcán, agus triúr cailíní, Máire, Sinéad agus Bríd, sa teaghlach ag an am sin, dar le Caitlín Uí Thallamhain in Sinéad: scéal Shinéad Bean de Valera, 1978. Fuair an t-athair post mar chléireach oibreacha nuair a bhí Eaglais Naomh Peadar á tógáil i mBaile Phib. I ndiaidh bunoideachais ansiúd chaith Sinéad cúpla bliain mar mhonatóir agus ansin chaith cúpla bliain sa choláiste oiliúna i Sráid Bhagóid. Fuair sí post sealadach in Éadan Doire in Uíbh Fhailí ar dtús sula bhfuair sí post buan in Ard Aidhin. Tuairim 1901 d’aistrigh sí go scoil i Sráid Dorset. Deirtear in An Claidheamh Soluis 29 Meán Fómhair : ‘One of the first schools to take advantage of the new interpretation of the National Board rules with reference to the teaching of Irish within ordinary hours has been the Dorset-street schools, where Irish is now being taught’. Faoi 1901 bhí cónaí ar an gclann ag 6 Richmond Cottages agus tá an t-eolas seo fúthu i nDaonáireamh 1901: Laurence Flanagan ( 62), siúinéir a rugadh i gContae Chill Dara; Margaret (58), a bhean ; a iníon Mary (30), gúnadóir a rugadh i Nua-Eabhrac; a mhac Laurence (28), táilliúr; a iníon Jane (22), múinteoir náisiúnta ; Brigid (16), múinteoir náisiúnta (monatóir). I gContae Bhaile Átha Cliath a rugadh Margaret, Laurence óg, Jane agus Brigid. Ag an athair, Jane agus Brigid amháin a bhí Gaeilge. Faoi 1911 bhí cónaí ar an gclann i Sráid na Mumhan, Baile Phib, agus is mar seo a bhí an scéal sa Daonáireamh: Laurence (75), siúinéir dífhostaithe; Margaret (73); Mary (40) agus gan aon slí bheatha aici; Laurence (38), cúntóir táilliúra; Brigid (26), múinteoir náisiúnta. Ní luaitear an Ghaeilge i gcás an athar ach bhí sí ag Mary agus Brigid. Deirtear go raibh an lánúin pósta le 42 bliana agus gur rugadh aon duine déag clainne dóibh ach nár mhair díobh ach cúigear.

Cár fhoghlaim Sinéad an teanga? In An Claidheamh Soluis 27 Aibreán 1901 tá an tagairt seo di: ‘who learned her Irish at Central Branch classes’. Ach deir Caitlín Uí Thallamhain go raibh roinnt Gaeilge foghlamtha aici as leabhair Eoghain Uí Ghramhnaigh agus tá an abairt seo ag Proinsias Mac Aonghusa in Éamon de Valera: na blianta réabhlóideacha, 1982: ‘Bunmhúinteoir í a tógadh i dtuaisceart Chontae Átha Cliath agus a thug a cuid Gaeilge léi ó phílear as Árainn a bhí ag obair sa gceantar’. Ó Liam Ó Briain a chuala Proinsias an méid sin. B’fhéidir gurbh in Éadan Doire a chuaigh sí isteach sa Chonradh. Bhí craobh láidir ann i bhfad sular tháinig forbairt náisiúnta ar an eagraíocht. Bhí ‘Miss Flanagan’ ag mórchruinniú den chraobh 16 Iúil 1899 (An Claidheamh Soluis 29 Iúil 1899). Bhí 250 sa láthair ach ainmníodh seisear ban. Is é is dealraithí go mba mhúinteoirí náisiúnta iad.

Chláraigh Jennie Flanagan, 6 Richmond Cottages, Sráid Richmond Thuaidh, mar bhall den Ard-Chraobh ar 22 Samhain 1899 (idem 2 Nollaig 1899). Ag scoraíocht na craoibhe in Óstán Gresham i dtús Iúil 1900 tugadh duaiseanna don seachtar foghlaimeoirí ab fhearr a chruthaigh sna scrúduithe. Ina measc bhí Sinéad, Peadar Ó Maicín agus Máire Ní Chinnéide (idem 7 Iúil 1900). Faoi fhómhar 1900 bhí rang na mban á mhúineadh aici i gCraobh Cholm Cille, Cé Árann, craobh a dtugadh Caipisínigh Shráid na hEaglaise tacaíocht di. Bhí baint aici freisin le craobh na gConnachtach, Craobh Mhic Éil, agus bhí ag múineadh sólfá tonach don rang amhránaíochta (idem 1 Samhain 1902). Chuaigh sí ar thuras traenach na hArd-Chraoibhe go Port Láirge agus Trá Mhór i Meán Fómhair 1901 agus thuairiscigh ‘Glenmalure’ sa Claidheamh: ‘Pearse recited “Shamus O’Brien”—a capital performance. I never listened to a recitation I liked more. Miss O’Flanagan (Central Branch), one of our lady teachers, recited Locke’s fine poem, “Oh, Ireland, I bid you the top of the morning”’ (idem 21 Meán Fómhair 1901). Is léir ar liosta na múinteoirí a bhí ag fáil táillí de bharr an teanga a mhúineadh lasmuigh d’uaireanta na scoile sa bhliain dar críoch 28 Feabhra 1902 (i gcló in An Claidheamh Soluis 27 Nollaig 1902) nach raibh ach triúr ban dá leithéid i mBaile Átha Cliath agus gur bhean díobh Sinéad. I Scoil Naomh Proinsias Xavier a bhí sí ag an am. Ghlac sí páirt na sióige os comhair thincéir an Chraoibhín sa dráma An Tincéir agus an tSióg i ngairdín George Moore i bPlás Ely 19 Bealtaine 1902. Nuair a d’fhiafraigh sí den Mhórdhach arbh fhiú di dul leis an aisteoireacht mar cheird d’fhreagair sé, más fíor: ‘Height: five four. Hair red. Name Flanagan. No, my dear’. Bhí an tOireachtas ar siúl lá arna mhárach agus scríobhadh an nóta seo in An Claidheamh Soluis 17 Bealtaine: ‘A protest having been made against the association of Mr George Moore’s garden-party with the Oireachtas, it is necessary to state that Mr Moore’s entertainment is an entirely private one, for which neither the Executive Committee nor the Oireachtas Committee have any responsibility’. Sa pháipéar sin 21 Feabhra 1903 rinne Tadhg Ó Donnchadha (Torna) tagairt do dhrámaí Gaeilge sa Rotunda: ‘Dhin Iníon Uí Fhlannagáin a cuid féin go deas; tá sí ag teacht chun cinn go seoigh’.

Bhí baint aici le Coláiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh ó 1905 (idem 19 Lúnasa 1905) amach agus leithéidí Mhichíl Bhreathnaigh, Phádraig Uí Dhomhnalláin agus Sheáin Uí Ruadháin mar ollúna aici. Tuairiscíodh (idem 29 Meitheamh 1907) go bhfuair sí teistiméireacht tar éis bliain a chaitheamh san ardrang i gColáiste Laighean. D’ainmnigh Craobh Chúculainn, Ardoifig an Phoist, Corcaigh, í mar theachta chuig Ard-Fheis 1906 (idem 28 Iúil 1906)

Bhí ardmheas aici ar Art Ó Gríofa agus tuairiscíodh in Sinn Féin 4 Nollaig 1907: ‘On Sunday week at 4 o’clock Sinéad Ní Fhlannagáin of the Ard-Chraobh of the Gaelic League delivered a very sympathetic lecture to the children of Clann na hÉireann branch and their friends. These lectures, which will be continued from time to time, are being organised by Coiste na gCailíní’.

Ag Oireachtas 1907 fuair sí an chéad áit sa chomórtas ‘Taisbeántas don mhodh múinteoireachta is fearr a oireann don Ghaeilge’. Searlot Ní Dhúnlaing , Diarmuid Stokes agus Seán [a’Chóta] Caomhánach a bhí sna háiteanna tosaigh ina diaidh (Scéal an Oireachtais 18987-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin). Deirtear in An Claidheamh Soluis 17 Lúnasa 1907 go raibh a deirfiúr Bríd i measc na n-iarrthóirí a ghnóthaigh duais sa chomórtas céanna—luaitear Bríd freisin mar oibritheoir díograiseach i gColáiste Laighean (idem 18 Deireadh Fómhair 1913). Chuaigh Sinéad ar cuairt go Cill Scíre, Tír Eoghain, agus scrúdaigh sí na páistí le haghaidh Duaiseanna an Chliabhraigh agus thug sí ‘léacht breá láidir foghlamtha’ uaithi ar Pharlaimint Chill Chainnigh (idem 15 Lúnasa 1908). Fógraíodh sa pháipéar sin 2 Deireadh Fómhair 1909 go raibh post ollaimh aici ar fhoireann Choláiste Laighean. Bhí Éamonn de Valera ina rang ann i 1908. Bhí siad le chéile i gColáiste Chonnacht an samhradh dár gcionn agus phós siad 8 Eanáir 1910 in Eaglais Naomh Pól, Cé Árann. I nGaeilge a bhí an searmanas agus dúradh fúithi sa mhír nuachta faoin bpósadh in An Claidheamh Soluis 29 Eanáir 1910: ‘... one of the most successful teachers in the League’.

Líon Éamonn Ó Tuathail a háit i gColáiste Laighean i nDeireadh Fómhair 1910. Bhí sí ar dhuine de na scrúdaitheoirí ag Feis Bhaile Átha Cliath an bhlian dár gcionn (idem 25 Márta 1911) agus fógraíodh 8 Iúil go mbeadh sí ar dhuine de na múinteoirí sa chúrsa a thabharfadh Coláiste Laighean do mhná rialta Ord Loreto. D’ainmnigh Craobh an Chóibh í mar iarrthóir i dtoghchán an Choiste Gnó (idem 25 Iúil 1914). Ach feasta bheadh cúrsa a saoil snadhmtha le gníomhréim de Valera. Thug sí cabhair ar leith dó nuair a bhí sé i gceannas ar an gcoláiste samhraidh i dTamhain ar feadh trí bliana. Bhí seachtar clainne acu: Vivion, Máirín (déag 11 Lúnasa 1984), Éamonn, Brian (d’éag 9 Feabhra 1936 de dheasca timpiste marcaíochta), Ruairí (d’éag 28 Deireadh Fómhair 1978), Terry (Traolach), Éimear (a phós an tOllamh Brian Ó Cuív). D’fhulaing sí go leor de chruatan na tréimhse 1916-1923, í ag sracadh ina haonar ar bheagán ioncaim chun clann a thógáil. Gan trácht ar chúrsaí an Éirí Amach, bhí an bhliain 1916 go hainnis aici. B’éigean di scarúint lena leanaí chun cúram a thabhairt dá deirfiúr Máire a fuair bás den ailse i mí Lúnasa. Fuair a máthair bás an bhliain chéanna. Rugadh an tríú mac (Ruairí) i mí Eanáir 1917 agus d’éag a hathair an bhliain sin. Toisc ráflaí a bhí curtha timpeall i dtaobh de Valera agus a rúnaí síleadh gur den chríonnacht í a bheith in éineacht leis i Meiriceá ar feadh tamaill de 1920. Chuir an Cogadh Cathartha as go mór di, tharla cuid mhór dá cairde, leithéidí Mhichíl Uí Choileáin, Airt Uí Ghríofa, agus Earnáin de Blaghd, a bheith scartha amach uaithi. Ach tuairim 1924 bhí rang páistí á stiúradh aici san Ard-Chraobh.

Tuairim 1917 a thosaigh sí ag scríobh drámaí beaga agus scéalta dá páistí féin. Ar na leabhair léi a foilsíodh tá: Teach in airde: fronsa beag i gcomhair buachaillí, 1936; Lá Bealtaine: dráma beag grinn i gcomhair cailíní óga (a cuireadh i gcló in Catholic Bulletin, Samhain 1936); Buaidhirt agus bród: drama beag grinn i gcomhair páistide (c.1935); Na buidéil draíochta, c.1936; An Choróin ar iarraidh [dráma],1940; Bronntanas Nollag [dráma], 1940; An t -úbhall órdha, 1940; An tseanbhean a bhí ina cónaí i mbróg, 1940; Morann an ceart-bhreitheamh, 1940; Forbhas Chluain Meala, 1941; Niall agus Gormfhlaith [dráma], 1941; Máistir nó máistreás, 1943; Féasóg Gorm in Éirinn, 1943; Cathal Crobh Dearg, 1943; Coinneal na Nollag agus sgéalta eile, 1944; Áilleacht agus an beithíoch [ceoldráma], 1946; Oilibhéar Beannuithe Ploingcéad [dráma], 1948; Work and play: a play for schoolchildren, 1954; A house to let: a farce for juniors, 1954; May Day, a play for schoolchildren, 1954; Fairy tales retold, 1958; The Emerald Ring and other Irish fairy tales, 1960; Cochaillín dearg agus an mactíre, 1961; Luaithrín agus an Prionsa [dráma], [1961]; Dánta do leanaí. Aistrithe ar fhinnscéalta de chuid La Fontaine, [1961]; The Stolen child and other stories, [1961] ; The Fourleaved shamrock and other stories, [c.1964]. Bhí ábhar aici in ‘The Ulster Question’ in The Friends of Irish freedom Vol.1, Uimh 2 Aibreán 1918 a foilsíodh i Nua-Eabhrac. Bhí leagan de ‘The Bonny little bunch of blackberries’ aici in Béaloideas 10, 1940. D’éag sí i mBaile Átha Cliath ar 7 Eanáir 1975, 65 bliana ach lá ó phós sí Éamonn de Valera agus cuireadh í i Reilig Ghlas Naíon.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú