Rugadh é ar 20 Meán Fómhair 1853 sa Chartún Dubh, Eadargúil, Co. Mhaigh Eo. Feirmeoir beag ba ea an t-athair John Timoney. Catherine Lynn ó Chrois Mhaoilíona a mháthair. D’éirigh leis bheith ina mhonatóir sa scoil náisiúnta sula bhfuair sé post i mBéal an Átha le siopadóir darbh ainm Ó Beirn. Tuairim 1874 d’imigh sé go Sasana agus as sin go dtí Queensland na hAstráile. Deirtear go raibh sé ag tochailt an óir tamall, ach ag iompar olla ina hualaí móra trí na coillte iargúil is mó a chaith sé a shaol san Astráil. D’fhill sé ar Éirinn in 1894. Ní foláir nó thug sé slám airgid abhaile leis nuair a bhí ar chumas dó a shaol anuas go 1910 a chaitheamh ag bailiú amhrán agus béaloidis ar fud Mhaigh Eo.

In Aibreán 1903 bhí sé ar thrí dhuine déag a chuaigh faoi scrúdú Gaeilge do mhúinteoirí sa Ghort Mór, Ros Muc. Ba é Pádraig Mac Piarais an scrúdaitheoir. D’fhág Colm Ó Gaora cuntas againn in Mise (1943) ar dhealramh Uí Thiománaidhe an lá sin. ‘Bhí sé ag fágáil na hóige taobh thiar de faoi seo. Fear urrúnta go leor a bhí ann. Níor fhéach sí chomh hard is bhí sé de bhithin a raimhreachta agus a otraíochta. Bhí ceannaí lasánta air—an méid di a bhí le feiceáil—ach ba bheag sin mar bhí cab féasóige air. Féasóg fhionnrua a bhí inti ...’.

Bhí tosaithe aige ar an scríbhneoireacht cheana féin le ‘Beatha Sheaghain Mhic Éil’, saothar neamhfhoilsithe a ghnóthaigh duais Oireachtais dó i 1902. D’fhoilsigh Gill Abhráin Ghaedhilge an Iarthair. An Chéad chuid. Gaelic Songs of the West agus Targaireacht Bhriain Ruaidh Uí Chearbáin agus stair-sheanchas le cois, an chéad chuid i 1906. Tá beagnach trí scór amhrán sna leabhair sin. Ceithre bliana ina dhiaidh sin chlóbhuail Pádraig Ó Briain Sgéalta gearra an Iarthair do chruinnigh Mícheál Ó Tiománaidhe agus Domhnall Ó Fotharta. Western Folk reports collected in Connaught amongst Irish-speaking people.

Is cosúil go n-íocadh sé táillí leis na scéalaithe, rud neamhghnách a chuirfeadh ó rath iarrachtaí bailitheoirí eile nach raibh chomh deisiúil sin. I gcuntas ar pháipéar áitiúil i ndiaidh a bháis dúradh: ‘He invited to and kept in his home for many months seanchaidhthe and recorded their stories. While in his house he paid them for their time. In his great work for the language he spent a fortune and continued his efforts until he was almost penniless’.

Bhí sé ar na chéad mhic léinn a d’fhreastail ar Choláiste Thuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo díreach i ndiaidh a bhunaithe. Deirtear gurbh é a mhúin Gaeilge do Shinéad de Valera ach ní móide gur chaith sé mórán ama le múineadh na teanga. ‘Údar’ an tslí bheatha atá luaite sa teastas báis.

B’éigean dó filleadh ar an Astráil tuairim 1910 chun stór eile airgid a chruinniú. Timpeall 1925 a d’fhill sé abhaile arís. Bhí scéalta a bhailigh sé i gcló ar an iris nua Béaloideas sna blianta 1927–1929. D’fhoilsigh An Gúm An Lampa Draoidheachta agus naoi sgéalta eile i 1936. I 1937 d’íoc sé as cros Cheilteach a chur suas i Leathardán in onóir don Athair Ó Conaire a crochadh i gCaisleán an Bharraigh i 1798. Cheannaigh sé clog don séipéal i Leathardán. Bhí sé ag cur faoi i dteach a nia Tim Jordan, comhairleoir contae, in aice Chrois Mhaoilíona nuair a d’éag sé ar 7 Márta 1940. Níor phós sé riamh.

I mbliainiris 1983 Chumann Staire agus Seandálaíochta Thuaisceart Mhaigh Eo tá aiste ag Tony Donohoe ar cuid de cuntas ar Ó Tiománaidhe mar ba chuimhin le seanduine i gCrois Mhaoilíona é.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú