Sa Bhaile Nua, an Líonán, Co. na Gaillimhe, a rugadh ‘Conall Cearnach’ (Frederick William O’Connell) ar 22 Deireadh Fómhair 1876. Ba é an Canónach William Morgan O’Connell a athair agus ba í Catherine Donnelly a mháthair. Bhí labhairt na Gaeilge acu beirt agus ag a muintir rompu. D’fhoghlaim Feardorcha léamh na Gaeilge ó sheanchaí darb ainm Maitiú Ó Maoláin nuair nach raibh sé ach sé bliana d’aois. “I owe a debt of gratitude to my parents for having had me taught Irish at the age of six” (The Writings on the walls).

Ó 1886 go 1889 bhí sé san Ardscoil i Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. Chaith sé tamall ina ábhar dochtúra i gColáiste na Tríonóide. D’éirigh sé as mar gheall ar chúrsaí sláinte agus bhí sé tamall ansin ag cruinniú focal le haghaidh Fhoclóir an Acadaimh Ríoga. Bhain sé B.A. amach le honóracha den chéad ghrád sa Nua-Litríocht i gColáiste na Tríonóide in 1900 tar éis dó gach duais agus scoláireacht dá raibh ar fáil a ghnóthú. Oirníodh ina mhinistir é in 1902. Bhí spéis aige cheana féin san athbheochan. Bhailigh sé ó sheanfhear i bparóiste an Líonaín caoineadh a rinneadh ar fhear a maraíodh in ’98 agus tá sé i gcló aige in Irisleabhar na Gaedhilge i Meitheamh 1895. Bhí sé 18 bliana d’aois san am. Le triúr eile de na mic léinn bhunaigh sé na Draoithe. Bhí sé ina eagarthóir ar a n-iris An tEurópach (1901–2). Bhí cead gach teanga seachas an Béarla a bheith inti.

Ceapadh é ina churáideach sa Lios Breac, Co. an Longfoirt, ar dtús, in 1903, ina churáideach i gceannas ar Dhroim Seanbhó i gContae Liatroma agus ina reachtaire i gCaisleán Mhic Conchúir in 1905. Ó 1907 go 1910 bhí sé ina reachtaire in Achadh Conaire i gContae Shligigh agus ina Chanónach i gCill Mobhí. Phós sé Helen Young ón Aonach, Co. Thiobraid Árann, agus bhí iníon is triúr mac acu.

In 1909 ceapadh ina léachtóir le Ceiltis in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, é. Deir Moody agus Beckett in Queen’s University Belfast 1845–1949 (1959): “The inclusion of Celtic as a subject for the faculty of Arts aroused no controversy, partly, perhaps, because the appointment of a Church of Ireland clergyman (F. W. O’Connell) as the first lecturer made it impossible for Protestant opinion to take alarm on sectarian grounds”. Bhí Conradh na Gaeilge ag iarraidh gurbh ollúnacht a bhunófaí. Shocraigh an Seanad air sin ar dtús. Bhí an Conradh sásta na costais bhreise a íoc ach d’athraigh an Seanad a n-aigne, cé gur thug siad tuarastal ollaimh do Chonall Cearnach. Bhí sé ina scrúdaitheoir seachtrach ag Ollscoil na hÉireann ar feadh 1914–1919 agus arís ó 1923 amach, agus ina scrúdaitheoir comhairleach Gaeilge ag Bord an Mheánoideachais ó 1908 go 1913. Ceapadh ina scrúdaitheoir Gaeilge ag Bord Thuaisceart na hÉireann é in 1923. Bhí na céimeanna B.D (1907), M.A. (1908), Litt. D. (1915) aige.

I mBeannchar a bhí cónaí air agus rinneadh bagairt air ansiúd toisc gur Ghaeilgeoir é agus b’éigean do na póilíní é a chosaint. D’fhoilsigh páipéar i mBéal Feirste litir ó mhinistir á ionsaí. Fuath don teanga ba chúis leis. Chuir Ó Conaill an dlí ar an ministir agus bronnadh damáistí réil air. Ní raibh aon airgead ag an ministir eile agus is ar Ó Conaill a thit sé iomlán chostais na cúise a íoc.

Níor oir an post ollscoile dó. Ba dheacair dó an léachtóireacht a sheasamh. Go gcaithfeadh sé bheith in am do thraein Bheannchair an leathscéal a bhíodh aige chun scaradh leis na mic léinn sula mbeadh an uair a chloig féin caite aige ag labhairt leo. Ach rinneadh gearáin ní ba thromchúisí ná sin air. An gearán ba thrioblóidí, is mac léinn a rinne é. Ní bhfuair sí ach onóracha den tríú grád toisc nach raibh Ó Conaill i láthair ag cruinniú de na scrúdaitheoirí. Ba léir go ndearnadh éagóir uirthi. B’in é an dara gearán tromchúiseach ina aghaidh agus chaill Conall Cearnach a phost léachtóra, in ainneoin gur cara pearsanta leis uachtarán an Choláiste, R. M. Henry. Bhain an gearán eile leis na mic léinn a fhágáil gan phaipéar na gceist lá na scrúdaithe!

Ní mór a rá go raibh ardmheas ag scoláirí air. Mar seo a chuireann Seán Mac Airt síos air in Fearsaid 1906–1956: “Ba duine iontach é ar mhórán dóigheanna Ó Conaill. Bhí éirim an léinn ar eolas aige ní b’fhearr b’fhéidir ná ag duine ar bith eile ina chomhaimsir nó bhí bua na dteanga aige go hóg. Ar dhóigh ba sin é an fáth nár fhág sé lorg a láimhe go buan ar chionn ar bith acu cé go dtearn sé saothar fiúntach sa Ghaeilge. Ba í barúil na scoláirí uilig a chuir aithne air go raibh féith ar leith aige do obair scoláireachta ach nach raibh sé sásta cloí le cuspóir chinnte amháin riamh”.

Bhí an eitinn ar a bhean agus in 1925 d’aistrigh siad go dtí Baile Átha Cliath chun go mbeadh sí faoi chúram saineolaí ansiúd. Cailleadh an bhliain chéanna sin í. Deirtear go raibh Ó Conaill ag ól go trom ar feadh tamaill le cumha ina diaidh.

Phós sé ansin Marcella Graham, Francach de bhunadh Albanach a raibh páirt aici i siopa leabhar Francach i mBaile Átha Cliath. Caitliceach ba ea í. Deirtear gur iompaigh sé féin ina Chaitliceach i mBéal Feirste. Cé nach bhfuil amhras ach go raibh bá aige leis an gcreideamh sin agus gur chreid go leor dá chairde go raibh sé iompaithe ina Chaitliceach is é an tuairim a bhí ag a chlann nach ndearnadh tuathú air go hoifigiúil riamh agus nár iompaigh sé go foirmeáilte.

I Márta 1927 ceapadh é ina Stiúrthóir Cúnta ar 2RN. Déanann Maurice Gorham an tagairt seo dó in 40 years of Irish broadcasting: “Clandillon had got his long-promised Assistant Director and an exceptionally good one”. Rud a chabhraigh leis sa phost an bua teangacha a bhí aige. Thug sé amach beannachtaí na bliana nua i ndeich gcinn de theangacha. Dhéanadh sé comhfhreagras leis na stáisiúin iasachta ina dteangacha féin. In The Writings on the walls deir sé: “The study of foreign languages has been my favourite hobby since I was 10 years of age and during the last 20 years I have dabbled in many, Eastern and Western, living and dead, but I can honestly declare as an Irishman and, I trust, a patriot that I love my own the best”. Deirtear gur dhearbhaigh Rúiseach gurbh é an t-aon duine a casadh airsean taobh amuigh den Rúis a dtiocfadh leis an Rúisis a labhairt i gceart! Deirtear freisin go raibh a lán den Koran de ghlan-mheabhair aige.

Ar 19 Deireadh Fómhair 1929 bhí sé féin agus a bhean ar a mbealach chun lón a chaitheamh le hÉamonn agus Sinéad de Valera. Bhí siad ag stad na mbus in aice le Bóthar Lansdún agus chuaigh sé amach ar an mbóthar chun tram a stopadh. Leag bus é agus maraíodh ar an toirt é. Deirtear gur ag iomaíocht le haghaidh paisinéirí a bhí an bus.

In Eaglais Naomh Aindriú i Rae an Iarthair a thosaigh an tsochraid. Rinne na sagairt talamh slán de gur Chaitliceach a bhí ann. Ach bhí a n-aigne socair ag a chlann go gcuirfí lena mhuintir é. Thaistil a bhean, a pháistí agus a thuismitheoirí leis an gcónra ar an traein go dtí an Clochán i gContae na Gaillimhe. Nuair a shroich siad ceann scríbe bhí sagart paróiste cáiliúil an Chlocháin, Mon. James McAlpine, rompu. Bhí scéal faighte aige ó shagairt Rae an Iarthair gur Chaitliceach ba ea Conall Cearnach agus gur cheart gurbh adhlacadh Caitliceach a thabharfaí dó. Bhí uaigh oscailte aige agus clog na marbh bainte. Bhí scata mór dá pharóisteánaigh sa stáisiún. “A state of tense excitement” an cur síos a thug an Connacht Telegraph ar an atmaisféar. Tá cuntais bhéaloideasúla ar ar tharla.

Ar deireadh thiar shocraigh an bhaintreach gur lena mhuintir féin i Reilig Mhaigh Aird a adhlacfaí é. Ach ní raibh aon duine sásta an cóiste a thiomáint. Fágadh faoin mac ba shine, Muiris, é. Agus b’éigean don chlann bheith san airdeall nach ndéanfaí an corp a fhuadach ón eaglais Phrotastúnach an oíche sin.

Cuimhnítear freisin ar an tuaiplis a bhí sa chuntas ag páipéar i mBaile Átha Cliath a thug le fios gurbh é an “Canónach Conall Cearnach” a bhí marbh!

Scríobh Feardorcha Ó Conaill go leor aistí in An Claidheamh Soluis, Hermathena, Irisleabhar na Gaeilge, The Ulster Guardian, Banba agus in irisí eile. Cnuasaíodh cuid dá aistí Béarla in The Writings on the Wall (1915), Old wine and new (1922), The Age of whitewash (g.d.). In 1929 d’fhoilsigh Muintir Uí Fhallamhain An Dochtúir Jekyll agus Mr Hyde. Tháinig Selections from Keating’s Three shafts of death amach in 1910 agus an bhliain roimhe sin leagan de Cúirt an Mheánoíche in eagar aige do na scoileanna. I gcomhar le R.M. Henry chuir sé eagar ar Corpus Astronomiae in 1912 agus sa bhliain chéanna sin foilsíodh A Grammar of Old Irish, leabhar a bhí an-úsáideach go dtí gur cuireadh leagan Béarla de ghraiméar Thurneysen i gcló. Bhí sé an-chairdiúil leis an Athair Peadar Ó Laoghaire agus chuir sé eagar ar Guaire, ar Bricriú agus ar Don Cichóté, cuid a 1(an t-eagrán atá sa chló gaelach). Leabhair eile dá chuid sea: The Aphorisms of Johannes Damascenus (1920), The Fiend that walks behind (1921), The Poetry of the Koran (1921), Irish for self-tuition (1922), Irish self-taught (1923). Níor cnuasaíodh a dhéantús filíochta. Bhí amhrán amháin leis i mbéal an phobail uair: “Tá gaoth na tíre ag séideadh is tá na héanlaith ag dul chun suain”. Bhí sé ina eagarthóir ar an dara Banba (1921–2).

Bhain a mhac an Dr Maurice O’Connell an gradam ba airde amach in Ord na Máisiúnach in Éirinn.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú