‘An Englishman masquerading as an Irishman’. Sin é an cur síos a rinne tuairisceoir an Nationalist and Leinster Times 13 Bealtaine 1916 ar Chluad de Ceabhasa nuair a gabhadh i bPort Laoise é. Shíl na póilíni baint a bheith aige le Sinn Féin – bhí filleadh beag air agus ní labhródh aon Bhéarla leo.

Sloinne Francach é Ceabhasa. Bhí athair Chluaid, Albert Sydney Chavasse, ina chónaí in Oxford. Ollamh le Teangacha Clasaiceacha ba ea é agus Saoi de chuid an Choláiste Ollscoile. Bhí sé cáilithe mar abhcóide chomh fada siar le 1869 agus dhéanadh sé obair dhlíthiúil an choláiste ina hiomláine saor in aisce. In Oxford a rugadh Cluad 2 Aibreán 1886 agus taispeánann a theastas breithe go raibh cónaí ar a mhuintir ag 48 High Street, St Peter in the East, Oxford. Ba de bhunadh Gearmánach a mháthair, Florence Isabella Manni. Chuala sé trácht ar an nGaeilge den chéad uair nuair a bhí sé ocht mbliana d’aois. Bhí a athair cairdiúil le cinnirí polaitiúla agus timpeall an ama a d’éag Parnell bhíodh cúrsaí na hÉireann faoi chaibidil sa teach.

Chuir sé aithne ar mhic léinn ó Albain nuair a chuaigh sé isteach san ollscoil agus thug sé cuairt ar Oileán Leodhais leo le linn na laethanta saoire agus rinne staidéar ar na nGáidhlig agus ar an gceol. Is ann a thosaigh sé ag caitheamh an fhillidh bhig den chéad uair, nós a chleachtadh sé i rith a shaoil.

In Oxford tháinig sé faoi anáil Sir John Rhys (1883–1915), scoláire Ceiltise. Agus bhí Diarmuid Trinseach, Éamon Cuirtéis, Robert Barton agus scata maith dá leithéidí san ollscoil ag an am. Bhunaigh siad cumann Gaelach chun cúrsaí na hÉireann a phlé agus chun an Ghaeilge a chleachtadh. Bhí cuid mhaith teangacha ar eolas aige ag fágáil Oxford dó, Laidin agus Gréigis gan amhras, agus na teangacha Románsacha agus Ceilteacha.

Ag am éigin idir 1905 agus 1910 a thug sé cuairt ar Éirinn a chéaduair. Bhí aiste dar teideal ‘The People of Hungary’ i gcló aige in Midland Tribune i nDeireadh Fómhair 1909 agus b’fhiú leis An Claidheamh Soluis é a chóipeáil 6 Samhain. Tar éis cuairteanna a thabhairt ar an nGaeltacht bhí sé sách inniúil ar an teanga chun go socródh sé a aigne ar gan ach í a labhairt feasta. Dá dtagadh crua air is í an Fhraincis a tharraingeodh sé chuige. Bhailigh sé airgead don Chonradh san Oileán Sgiathanach in Albain mí Iúil 1911 agus is é Cill Chríost, Uiscephort (Oxford), a sheoladh ar litir in An Claidheamh Soluis 2 Márta 1912. D’fhreastail a dheirfiúr Marguerite ar Scoil Acla an bhliain sin agus ba í ba mhó faoi deara gur bunaíodh tionscal cniotála sa Chaol. Trína cairdeas leis na Trinsigh d’éirigh léi a áitiú ar shiopa Switzer in mBaile Átha Cliath táirgí cniotála Acla a dhíol. Bhí Cluad ag an Scoil sin freisin (idem 1 Márta 1913) agus thug cabhair lena eagrú.

Gearradh fineáil £5 air nó mí i bpríosún i mBéal Átha an Ghaorthaidh nuair nach labhródh sé Béarla le póilín. Tá tuairisc réasúnta fada ar an gcás in An Claidheamh Soluis 19 Feabhra 1916. Bhí Cluad i Scol na gCailíní 2 Feabhra nuair a bhuail an Sáirsint Appleby (nó Beachúll mar a thugadh Cluad air) isteach chuige. Ní raibh Gaeilge aige sin ná ag aon duine den triúr póilíní eile sa tsráidbhaile. Chaith Cluad dhá oíche i bpríosún Mhaigh Cromtha. Chuir an Coiste GnóCathal de Paor [ faoi POWER, Jennie Wyse, ] síos chun é a chosaint sa chúirt 16 Feabhra nuair a bhí sé á chúiseamh faoin Defence of the Realm Act. ‘The accused man is a nephew of the Protestant bishop of Limerick,’ a deirtear sa tuairisc. ‘He is a man of splendid physique and wore a picturesque costume of the Gael.’ An t-eolas beathaisnéiseach eile a tugadh gurbh as Midhurst, Oxfordshire, do Chluad agus gur dhlíodóir aitheanta a athair. Is gnáiche a rá gur nia é le hEaspag Learphoill, cé gur deacair aon deimhniú a fháil go raibh sé gaolmhar le ceachtar díobh.

Ar 20 Feabhra bhí ollchruinnithe i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus i gcathair Chorcaí. Labhair Cluad sa dá áit agus go heisceachtúil bhí sásta beagán a rá i mBéarla sa chathair. ‘He protested against being described as an Englishman. It was true he was born in Oxford, but by descent he was a Gael, and he had never desired or claimed to be an Englishman. He had made up his mind on that point when he was a small boy, twenty years ago. He had been learning and speaking Irish for eleven years’. I Halla na Cathrach a bhí an cruinniú sin agus glacadh le rún a d’iarr ar an mBardas saoirse na cathrach a bhronnadh air. Ba cheann d’eachtraí móra na haimsire é agus chuir sé ainm Chluaid i mbéal Conraitheoirí. Thug sé cuairt ar Chraobh an Chéitinnigh i ndeireadh mhí Feabhra chun cuntas a thabhairt ar thuras mórthimpeall na hÉireann a bhí tugtha aige agus ar an gcuma ar éirigh leis gach tráth ar bhuail lucht an dlí uime. Rinneadh athbhreithniú ar an triail i dtús an Aibreáin i Maigh Chromtha. Ní raibh na giúistísí ar aon fhocal i ndeireadh an lae ach dúirt an Breitheamh Ó hEidhin nach ligfeadh sé d’aon duine a mbeadh Béarla aige Gaeilge a labhairt sa chúirt. Bhí an deis ag Cluad agus Cathal a dhúshlán a thabhairt ach ní dúirt siad dada, in ainneoin gurbh í an chomhairle a chuir an Coiste Gnó orthu go labhróidís Gaeilge (An Claidheamh Soluis 8 Aibreán 1916).

Bhí ceann dá chéad iarrachtaí ar Ghaeilge na hÉireann a scríobh i gcló in An Claidheamh Soluis 20 Deireadh Fómhair 1917. Bhí sé ina chomhrúnaí in éineacht le Séamus Mac Artúir ar Chraobh na Gaillimhe den Chonradh tuairim an ama sin agus é ag cur faoi i gCnoc na Cathrach. Toghadh é mar dhuine de leasuachtaráin an Fháinne 16 Aibreán 1925.

Is i gcomhthéacs na teanga a chuimhnítear ar shamplaí dá chorrmhéiniúlacht. Bhí sé fial lena chuid toitíní nuair a bhíodh sé i ngéibheann ach chaithfeá ceann a iarraidh i nGaeilge. Chun an Béarla a sheachaint bhí ainm Gaeilge aige ar gach áit agus duine: ‘Uiscefort’ ar Oxford, ‘Cnoc an Teampaill’ ar Winston Churchill. Ní raibh cead Béarla ag aon duine ina theach. Má theastaigh sos ó na fir a bhí ag atógáil a thí in aice le Maigh Cuilinn, i ndiaidh an dóiteáin mhóir a tharla ann, níor ghá dóibh ach pointe gramadaí Gaeilge a tharraingt anuas os comhair Chluaid.

Tuairim cúig bliana is seasca a chaith sé in Éirinn agus bhí baint aige le gluaiseacht na saoirse, leis an bpoblachtachas agus le Conradh na Gaeilge ar feadh an achair sin. Tá cuntas ag Colm Ó Gaora in Mise ar an uair a bhí Cluad ag cabhrú leis chun aclaíocht a mhúineadh trí Ghaeilge do na hÓglaigh sa Chlochán. Ní raibh siad in ann aon bhrí a bhaint as an ordú Reverse arms agus chuaigh Cluad i gcomhairle le duine de na póilíní! Chaith sé tamaill i ngéibheann faoi rialtais na Breataine agus an tSaorstáit. Deirtear gur air a bhunaigh Breandán Ó Beacháin an carachtar ‘Monsewer’ in An Giall.

Chomh fada siar le 1921 bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar aistí staire, agus bhíodh ábhar aige in Misneach, An Síoladóir, Fáinne an Lae. Faoin ainm pinn ‘Uí Máine’ scríobhadh sé aistí in Irish Freedom. Scoláire ba ea é. Seanstair agus réamhstair na hábhair a ndéanadh sé staidéar orthu. Deirtear go raibh ponc an Dá Phádraig ina dhíol suime aige i bhfad roimh Thomás Ó Rathile. Ach bhí cáil na haistíle ag siúl leis, rud nár chuir lena cháil mar scoláire. Chreid sé san aithionchollú, mar shampla, agus gur Ghael a bhí ann féin sa tseanaimsir, é ina Rua-Indiach tamall eile.

I gColáiste na Mumhan a casadh a bhean Móirín Fox air den chéad uair. Seo é an fógra a bhí in An Claidheamh Soluis 21 Deireadh Fómhair 1916: ‘Réitíodh cleamhnas idir Móirín Ní Shionnaigh, Coláiste Uí Chomhraí, le déanaí de Chnoc an Teampaill, Tír an Iúir, agus Cluad a Ceabhasa, B.E., Cill Chríost, Uiscephort agus Scoil Acla’. Phós siad 21 Aibreán 1917 in Eaglais N.Áine, Sráid Dásoin, Baile Átha Cliath, le cead speisialta Ardeaspag Bhaile Átha Cliath. Conall Cearnach [Feardorcha Ó Conaill] a bhí i mbun an tsearmanais. Ba iad Dubhghlas de hÍde agus Joseph Maunsell Hone a sheas le Cluad agus ag seasamh le Móirín bhí Neilí Ní Bhriain, Eibhlín Ní Ógáin (Ella Young), agus Mairéad agus Sadhbh Trinseach.

I bPinner, Middlesex, a rugadh Móirín (Olive Agnes Fox). Aturnae ba ea a hathair Henry Fox. B’as garbhchríocha na hAlban dá muintir agus baint acu le hÉirinn. Dar leis an gcuntas iarbháis in Irish Times 11 Bealtaine 1972 go raibh sí síolraithe go díreach ó William Smith O’Brien. Bhí a haint pósta ar an gCunta von Zeppelin, ceannródaí na n-aerlong. I 1907 a tháinig sise go hÉirinn. D’iompaigh sí ina Caitliceach Rómhánach 1935. Scríobh sí: Terence MacSwiney, 1961 faoin ainm Móirín Chavasse – bhí sí cairdiúil le muintir Mhic Shuibhne ar feadh leathchéad bliain; Liadain agus Curithir, 1917; Midhir agus Etain, 1920; The firebringers, 1920, dráma; From the book of Cáit Ní Dhuibhir, g.d., dánta; The one unfaithfulness of Naoise, 1930, dán fada; The fall of the year, 1940 ina bhfuil mórchuid a véarsadhrámaí agus a dánta. Deirtear gur scríobh sí dráma trí mhír i nGaeilge freisin.

In aice le Gaillimh a bhí cónaí orthu ar dtús agus ansin i dTeach an Rosa i Ros Cathail in aice le hUachtar Ard. Ann a bhí cónaí ar Violet Martin (‘Martin Ross’ sa pháirtíocht Somerville and Ross). Cailleadh i ndóiteán ann ráille staighre a rinneadh de shaileanna adhmaid as long de chuid na hArmáide. Rugadh iníon, Aebhgréine, do Chluad agus Móirín 19 Nollaig 1920 i mBaile Átha Cliath. D’iompaigh Cluad ina Chaitliceach Rómhánach tamall gairid sular éag sé san ospidéal 1 Lúnasa 1971 agus tá sé curtha i Reilig Chill Chuimín, Uachtar Ard. D’éag Móirín 8 Bealtaine 1972.

Faoin teideal ‘Saineolaí Pádraigeolaíochta’ tá cuntas ag Proinsias Mac Aonghusa ar a chaidreamh ar Chluad in Anois 16 Márta 1986. Bhí cuntais i gcló in Scéala Éireann 7 Lúnasa 1971 ag Micheál Ó Flannagáin agus Criostóir Mac Aonghusa. Dúirt Criostóir: ‘Ó bhí sé ina ógánach ní raibh uaidh ach a dhícheall a dhéanamh do mhuintir na hÉireann, agus tacú le déantúisí na hÉireann, le saíocht na hÉireann, le meanmain na hÉireann, siúd ba chuspóir dó. Gheall Dia saol fada dó. Chaith sé trí scór agus cúig bliana sa tír seo agus, ar an bhfad sin go léir, go fiú pingin d’airgead na tíre ní bhfuair sé’. Bhíodh Criostóir ag tathant air prós díreach simplí Gaeilge a scríobh in ionad na n-abairtí fada casta ach ní dhéanfadh sé a chomhairle. B’in fáth eile, b’fhéidir, nár fhoilsigh sé ach beagán de thoradh an taighde a bhí déanta aige. Gan amhras, ní raibh sé sásta aon Bhéarla a scríobh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú