Is gnách a rá sna tuairiscí ar Scoil Samhraidh Acla gurbh ise bunaitheoir na Scoile. In An Claidheamh Soluis, mar shampla, ar 8 Márta 1913 deirtear: ‘Cuireadh scoil shamhraidh ar bun ann bliain go leith ó shin. Baintreach uasal Uadail is mó a chuidigh leis an scoil shamhraidh, is dóigh linn’. ‘Eimhear Uadail ... founder of Scoil Acla’ an tagairt a dhéantar di i dtuairisc ar 24 Bealtaine 1913 i dtaobh ghalar an tífis bheith forleata i Leitir Móir. Foilsíodh Emily M. Weddall bunaitheoir scoil Acla (1995) le hÍosold Ní Dheirg.

18 Meán Fómhair 1867 in Éadan Doire, Uíbh Fhailí, a rugadh Emily Annabella Maynard Burke agus ba í an tríú duine clainne í ag an Urramach William John Burke (1805–83), ministir de chuid Eaglais na hÉireann, agus a bhean Emily McArthur. Deir Íosold Ní Dheirg, an té is mó a rinne taighde ar a beatha, go ndeireadh sí féin gurbh i gCill Chonaill, Co. na Gaillimhe, a rugadh í. ‘An Búrcach Mór’ a thugtaí ar an ministir seo i bparóistí san iarthar. Sagart a d’athraigh a chreideamh ba ea é. B’as an Ard Ghlais i gContae an Dúin do Emily McArthur agus ba í an dara bean ag an mBúrcach í.

Fuair Eimhear, mar a thabharfadh sí uirthi féin ar ball, oideachas i scoil i mBaile Átha Cliath ar iníonacha ministrí a dhéantaí freastal go háirithe inti. Oileadh í mar bhanaltra in Ospidéal Sir Patrick Dun. Chonaic sí cuid den domhan mór nuair a d’fhostaigh clann shaibhir sa Rúis í chun aire a thabhairt do chailín óg a bhí leochaileach. Chaitheadh an chlann seo a laethanta saoire san Fhrainc agus b’fhéidir gur le linn do Eimhear bheith sa phost seo a d’éirigh léi líofacht Fraincise a fháil.

Phós sí captaen loinge, Edward Weddall, a bhí fiche bliain níos sine ná í. Is cosúil gur thug sí aire dó nuair a bhí sé tinn. Nuair a d’éirigh sé as obair is ea a shocraigh siad ar chur fúthu in Acaill. Cheannaigh siad seanteach scoile ann. Fuair Edward bás 4 Meitheamh 1906 agus d’fhostaigh Eimhear Willie Pearse chun cros cheilteach a chur suas ina chuimhne sa reilig Phrotastúnach. Bhain cuid de Phrotastúnaigh na háite síos í, ach nuair a chuir Eimhear achainí chuig Fear Ionaid an Rí b’éigean dóibh í a chur suas arís.

B’fhéidir go raibh suim aici riamh sa Ghaeilge agus gur neartaigh ar an suim sin in Acaill. Tá a hainm i measc na mball de Chraobh na gCúig gCúigí a thug síntiúis do chiste na teanga in An Claidheamh Soluis 23 Meitheamh 1906. Faoi Iúil 1911 bhí sí ina huachtarán ar Chraobh Ghráinne Uí Mháille in Acaill. Ba í rúnaí Scoil Acla í an samhradh ina dhiaidh sin agus ba bhall í de Choiste Chontae Mhaigh Eo den Chonradh. Bealtaine 1913 chuaigh sí go Leitir Móir chun fóirithint ar dhaoine a bhí ag fáil bháis den tífeas agus i litir dar dáta 24 Aibreán in An Claidheamh Soluis dúirt sí: ‘The people have been treated worse than beasts should be treated, and they are almost all that remains to us of the unsullied Irish race. I am glad that the Gaelic League was first on the scene, but we ought to do something efficient to preserve these people and to enable them to find a livelihood in their own country’. Nuair a bunaíodh tionscal cniotála sa Chaol in 1912 ní foláir nó bhí baint aici leis an bhfiontar ach is do dheirfiúr Claude Chavasse a thug sí iomlán na creidiúna i litir in An Claidheamh Soluis 1 Márta 1913 (‘Miss Chavasse who studied Gaelic in the Dooagh Summer School last year where her brother Cluad the Gaelic enthusiast of Oxford gave us very valuable assistance’). Is inspéise gur thug seisean Oxford agus Scoil Acla mar sheoladh nuair a d’fhógair sé i nDeireadh Fómhair 1916 go raibh sé ar tí cleamhnas a dhéanamh le Móirín Ní Shíonnaigh.

Thóg sí halla beag i nDumha Acha agus bhain Scoil Acla feidhm as. Sa choicís tosaigh de mhí Eanáir 1915, mar shampla, bhí an halla ag Craobh an Chaoil oíche amháin le haghaidh siamsaíochta stáitse, agus oíche eile bhí céilí ag Eimhear féin chun airgead a bhailiú do chiste na teanga. D’íoc daoine fásta trí phingin agus leanaí pingin agus mar thoradh air sin cuireadh £2 go Baile Átha Cliath! Tugann Íosold Ní Dheirg le tuiscint nach róshásta a bhí na sagairt leis an halla. Níor thaitin le húdaráis eaglasta na haimsire sin hallaí a bheith á reáchtáil go príobháideach i gceantair thuaithe.

Thug sí cuid mhaith dá maoin, pictiúir go háirithe, do choiste cabhrach chleithiúnaithe lucht 1916. Tar éis an Chonartha Angla-Éireannaigh agus anuas go dtí an Dara Cogadh Domhanda bhí bá ar leith aici le Poblachtaigh a bhí i ngéibheann. Bhí sí i láthair i mí Eanáir 1917 ag cruinniú i gCathair na Mart chun atheagar a chur ar Fheis Mhaigh Eo.

Rug cruachás airgid uirthi sna 1920idí agus b’éigean di an teach in Acaill a dhíol agus Baile Átha Cliath a thabhairt uirthi féin chun slí bheatha a thuilleamh mar bhanaltra. Bhí árasán aici ar Bhóthar Chluaidh i nDroichead na Dothra. D’éag sí ar 24 Samhain 1952.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú