Tá a bhfuil d’eolas i dtaobh an fhile seo cruinnithe ag Colm Beckett agus i gcló in: Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill, An Clóchomhar, 1967, mar a bhfuil eagar curtha aige ar thráchtas fealsúnachta a scríobh an file; agus in Aodh Mac Domhnaill: dánta, An Clóchomhar, 1987. Is cosúil gurbh i nDroim Ghaill in aice le Droim Conrach, Co. na Mí, a rugadh é. Ba de shliocht Mhic Dhomhnaill Aontroma é. Séamus ab ainm dá athair agus is i sráid bhaile i gContae Lú a bhí cónaí ar a mhuintir le tamall maith. In 1824 meastar go raibh sé ag teagasc i scoil Chaitliceach i bparóiste Chreamhchoille i gContae Aontroma agus faoi dheireadh na bliana sin go raibh sé ar ais i gContae na Mí ag obair don Irish Society, cumann bíoblóireachta. Tá sé cinnte go raibh sé ag obair dóibh mar mhúinteoir in 1827, agus arís sna 1820idí agus ina bhlianta deiridh bhí an obair chéanna ar siúl aige, ach ní cosúil gur thréig sé an eaglais Chaitliceach Rómhánach riamh. Phós sé Bríd Nic an Ró nó Nic Conrubha as Baile Áth Fhirdia in 1827. Bhí iníon amháin acu agus nuair a d’éag Bríd in 1836 scríobh Peadar Ó Gealacáin caoineadh uirthi. Faoin am sin is ag obair don London Hibernian Society i nGlinnte Aontroma a bhí Aodh. Tamall beag ina dhiaidh sin is don Home Mission of the Synod of Ulster a bhí sé ag obair mar chigire. Bhí sé orthu sin a chabhraigh le Seoirse Ó Machaire nó George Field Casán na Gaedhilge, An Introduction to the Irish Language compiled at the request of the Irish Teachers; under the patronage of the General Assembly of Ireland a thabhairt amach. Fiú nuair nach raibh aon scoláirí ag freastal ar na scoileanna, tharla gur fhógair easpag Caitliceach na deoise bac a bheith ar Chaitlicigh sin a dhéanamh, d’éirigh le hAodh an dubh a chur ina gheal ar an Home Mission d’fhonn a phost a choimeád. D’admhaigh sé ina dhiaidh sin gur thuairiscí bréagacha ar líon na scoláirí agus na scoileanna a bhí curtha aige chucu.

Tuairim 1842 chuir sé aithne ar Roibeard Mac Ádhaimh agus as sin go 1856 bhí ag bailiú amhrán, seanchais agus lámhscríbhinní dó. Chuaigh sé chun cónaithe i mBéal Feirste. Tá cuntas cuimsitheach ag Breandán Ó Buachalla in I mBéal Feirste Cois Cuain, 1968 ar an gcaidreamh a bhí aige leis. Ba é príomhchúntóir Mhic Ádhaimh é agus shiúil sé Cúige Mumhan agus contaetha sna cúigí eile ag obair dó. Meastar gurbh í an tslí bheatha nua seo aige a chuir ag cumadh dánta é. B’fhiú leis an mBuachallach a dhán ‘I mBéal Feirste chois cuain’ a roghnú le cur in Nua-Dhuanaire Cuid II, 1976. Nuair a tharla easaontas idir é agus Art Mac Bionaid, duine eile de chúntóirí Mhic Ádhaimh, chum Art an aoir ‘An t-ollamh úr’ leis an ionadh a bhí air Aodh a bheith ‘ag ceartú ceoil is ag cumadh rann’ a chur in iúl. Bhí drochmheas ag Nioclás Ó Cearnaigh freisin ar a dhéantús fileata. Chuir sé dlús lena thráchtas ar an bhfealsúnacht nádúrtha in Eanáir 1853. Deir Beckett faoi: ‘Tá fiúntas san Fhealsúnacht ó thaobh na teanga. Tá na liostaí d’ainmneacha luibheanna, iasc, éan agus feithidí, agus a gcomhbhrí i mBéarla taobh leo, úsáideach don fhoclóirí. Tugann an litriú léargas beag dúinn ar fhoghraíocht Ghaeilge na Mí. Tá fiúntas inti fosta ó thaobh an eolais atá inti ar mhodhanna feirmeoireachta; na barra a shaothraítí; béasaí agus bealaí na tuaithe—cuid acu a bhí imithe as úsáid cheana féin nuair a bhí Aodh Mac Domhnaill ag scríobh, go ndéantaí bágún d’fheoil an bhroic, go n-ití an ghráinneog, go gcuirtí eorna sna garraithe sula raibh na prátaí coitianta.’ Cuir lena ais-sean cur síos a rinne an Canónach Feardorcha Ó Conaill ar an ‘Fealsúnacht’ ina léacht ‘The Philosophy of Aodh Mac Domhnaill’ (Journal of the County Louth Archaeological Society, Samhain 1915): ‘He was not an Empedocles, nor a Plato, nor a Lucretius, but he proved conclusively that neither penury nor lack of book knowledge can altogether suppress the development of natural genius. A poor unlettered peasant, before whose eyes Knowledge in the accepted sense of the word did ne’er unroll her ample page; nevertheless, guided, in his own pathetic phrase, by the understanding he received from God and Nature, he showed himself no unworthy scion of the race that gave to the world the greatest philosopher of the middle ages—Johannes Scotus Erigena’.

D’fhág sé Béal Feirste roimh dheireadh 1856 agus bhí ag teagasc an Bhíobla i dTír Chonaill. Bhí fear céile a iníne ag gabháil don obair chéanna sa cheantar in aice leis an bhFál Carrach. D’éag sé i dTeach na mBocht i Muinchille, Co. an Chabháin, 30 Márta 1867; tuairmítear go raibh sé ag dul ar cuairt chuig a ghaolta sa Mhí. Adhlacadh é i Maigh Ráithe, reilig de chuid Eaglais na hÉireann in aice leis an bhFál Carrach.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú