Bhí sé ar dhuine de na scríobhaithe ba mhó sa 19ú haois agus gheofar eolas ar ar fhág sé de lámhscríbhinní ina dhiaidh ag Ciarán Dawson in Peadar Ó Gealacáin, scríobhaí, 1992 (An Clóchomhar) agus ag Breandán Ó Buachalla in I mBéal Feirste Cois Cuain, 1968 (An Clóchomhar). Tá éiginnteacht i dtaobh dháta a bhreithe; glacann Ó Buachalla le Lá Fhéile Peadar 1792. I bparóiste Mhaigh nEalta, Co. na Mí, a rugadh é. Pádraig a bhí ar a athair agus ba í Margaret Williams a mháthair. Is i mBaile Mhic Cathnaoin sa dúiche chéanna a bhí Peadar ag cur faoi ar feadh a shaoil. Phós sé Sinéad Ní Thánaiste (Jane Tennyson) agus bhí mac agus, b’fhéidir, iníon acu. Meastar gur i scoil scairte a chuir sé eolas maith ar Laidin, Béarla, matamaitic, astralaíocht agus ceol. Ba mhinic filí Gaeilge i dteach a athar agus níor dheacair dó a éirí eolach ar an léann dúchais. Tá ardmheas ar a chuid peannaireachta. Thosaigh sé ag múineadh scoile in 1814 agus is dóigh le Dawson gur sárléiriú ar shaol an mhúinteora scairte an tamall a chaith sé leis an gceird anuas go 1826, é ag síoraistriú a scoile, í i stábla tamall, tamall eile i dteach feirmeora nó ina theach féin nó i mbothán, é díomhaoin minic go leor, £6 mar ioncam bliana aige. Fear neamhspleách ba ea é agus ar nós go leor múinteoirí scairte agus d’ainneoin gur Chaitliceach cráifeach é, chaith sé tréimhse ag obair don Irish Society, é ina bhall den choiste áitiúil; labhair sagart ón altóir ina aghaidh uair. In Obair, Co. na Mí, ní raibh aon scoláirí aige tar éis don sagart paróiste cur ina aghaidh. Bhí sé ar an ngannchuid nuair a theip ar an gcumann sin sa Mhí.

Is idir 1822 agus 1854 a bhí obair an scríobhaí á déanamh aige agus tá na 25 lámhscríbhinn dá dhéantús in: Ollscoil na Ríona, Béal Feirste; Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath; Coláiste Ollscoile na Gaillimhe; Coláiste na hOllscoile, Corcaigh; Acadamh Ríoga na hÉireann; Ollscoil Dhún Éideann; an Leabharlann Náisiúnta; Leabharlann Phoiblí Bhéal Feirste; agus Ollscoil Cambridge, Sasana. Tá iontu dánta, amhráin, laoithe fiannaíochta, beathaí na naomh, scéalta den uile chineál, aistriúcháin, mionphaidreacha, orthaí, tomhais agus ábhar ilchineálach, chomh maith le dánta a chum sé féin, a bhfuil go leor díobh i gcló ag Dawson. Le méid na hoibre a thomhas is leor a rá gur chaith sé dhá bhliain go leith, 1841 go 1844, ag scríobh ceann díobh a bhfuil 722 leathanach ann. Scríobh sé: ‘And what a vast quantity of ink and pens have been used in the work, together with the price of candles in the winter season. Therefore, to value all the labour attending it, [it] has been truly and correctly estimated that the MS. is lawfully and honestly worth £5 sterling.’ Déanann na húdair talamh slán de gur cailleadh lámhscríbhinní eile. Tá cuntas mion ar a bhfuil ina maireann díobh ag Dawson. Tugann Ó Buachalla gearrchuntas orthu freisin agus deir: ‘Is fearr a insíonn na lámhscríbhinní sin dúinn conas a bhí i dtuaisceart na Mí sa chéad leath den 19ú céad ná aon tuairisc staire dá bhfuil againn agus is fearr an léargas a thugaid dúinn ar Pheadar féin, ná aon bheathaisnéis a fhéadfaí a scríobh air.’

Mhol a chara Aodh Mac Domhnaill mar scríobhaí é do Roibeard Mac Ádhaimh in 1844 agus chaith sé ceithre mhí ag obair i mBéal Feirste. Fuair a bhean bás timpeall an ama sin. Lean sé air ag cóipeáil do Mhac Ádhaimh ar bhonn gairmiúil go dtí gur thosaigh gnó an fhir mhóir sin ag dul ar gcúl tuairim 1854. Chaith sé tamall gairid i nDroichead Átha ina dhiaidh sin agus rinne cóipeáil do Bhernard Ó Tomaltaigh agus J.T. Rowland, baill den Drogheda Gaelic Society. D’éag sé i mí Feabhra 1860 agus cuireadh é i gCill Mhaighneann, Co. na Mí.

Tá an méid seo le rá ag Tomás Ó Fiaich i dtaobh a dhéantúis fhileata: ‘His pieces are far more natural in language and rhythm than those of his predecessors; they avoid the pedantry which so many nineteenth century scribes indulged in. They also include a lot of detailed information on the living conditions of the time and can therefore provide useful source-material for the social historian of the Famine era’ (Léachtaí Cholm Cille 1972).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú