Is é an breithiúnas atá tugtha air ag Breandán Ó Buachalla, an fear is mó a bhailigh eolas ina thaobh: ‘Is é is túisce a chuimhnimh ar bhéaloideas na ndaoine a bhailiú, bíodh nár bronnadh an onóir sin air; is é is túisce a chuimhnimh ar “athbheoughadh na teanga” bíodh nach bhfuil an chreidiúint sin tabhartha dó – eisean dáiríribh, “The First Gaelic Leaguer”. Laoch agus fathach fir ab ea an fear seo – laoch agus fathach a ligeadh i ndearmad is i ndíchuimhne ámh’ (I mBéal Feirste cois cuain, 1968).

James McAdam a athair. Bhí gnó iarainn agus saidléireachta aige in High Street, Béal Feirste, agus ann a saolaíodh Roibeard. Shipbuoy ba shloinne dá mháthair. Bhí Gaeilge ag uncail leis, Roibeard Mac Ádhaimh eile, an fear a rinne an cnuasach amhrán atá sa bhailiúchán Lss i Leabharlann Phoiblí Bhéal Feirste.

Bhí an Dr William Neilson ina ollamh le Gaeilge sa Belfast Academical Institution in 1818–21 nuair a bhí Roibeard ar scoil ann. Deir Ó Buachalla go raibh an Ghaeilge timpeall air i ngach aon treo agus é ag fás suas, ar scoil, sa tsráid, i measc a chomharsan agus a chairde agus i measc a mhuintire féin.

Nuair nach raibh sé ach fiche bliain d’aois bhí baint mhór aige le bunú Chuideacht Gaedhilge Uladh, nó an Ulster Gaelic Society. Ba iad Roibeard agus Dr R.J. Bryce na comhrúnaithe. Dar le Breandán Ó Buachalla, agus tá sé léirithe aige in I mBéal Feirste cois cuain (1968), gurbh é Mac Ádhaimh fear na hoibre i measc bhaill na Cuideachta agus gurbh é a stiúir iad chun na haidhmeanna a chuir siad rompu a bhaint amach: lámhscríbhinní Gaeilge a bhailiú; múinteoirí a chur ag múineadh na teanga; leabhair Ghaeilge a chur i gcló. Bhí foclóir Béarla-Gaeilge á chur le chéile aige. Chuir sé féin agus Tomás Ó Fiannachtaigh graiméar ar fáil, An introduction to the Irish language intended for the use of the Irish classes in the Royal Belfast Academical Institution (1835).

A luaithe a d’fhág sé an scoil bhí sé de chúram ar Roibeard bheith ag taisteal Chúige Uladh ag díol earraí iarainn, agus sa taisteal dó is ea a bhailíodh sé lámhscríbhinní, béaloideas agus amhráin. Bhunaigh sé féin agus a dheartháir mór James an Soho Foundry in 1835. Bhí earraí á n-easportáil acu go Sasana, an Fhrainc agus an Éigipt féin agus ag pointe amháin 250 fostaithe acu. Ar Roibeard a thit obair stiúrtha uile na monarchan agus nuair nach raibh an méid céanna ama aige feasta d’fhostaigh sé cúntóirí le haghaidh obair na Gaeilge. Ina measc bhí Aodh Mac Domhnaill, Art Mac Bionad agus Peadar Ó Gealacáin. Deir Ó Buachalla gur bheag a dhéanfaidís-sean murach an spreagadh agus an tacaíocht a fuair siad ó Roibeard.

Ba iad Mac Ádhaimh agus a dheartháir a bhunaigh an Ulster Journal of Archaeology (1853–62) agus ba é Roibeard an chéad eagarthóir. Is inti a d’fhoilsigh sé a bhailiúchán de 600 seanfhocal. Bhí baint mhór aige leis na cumainn chultúrtha agus staire go léir i mBéal Feirste. Deirtear go raibh ceithre theanga déag ar eolas aige.

Níor phós sé. Theip ar an monarcha sa deireadh agus bhí sé bochtaithe go mór faoin am a fuair sé bás, 3 Eanáir 1895. Deir Ó Buachalla nach raibh i láthair ag a shochraid go reilig Chnoc Bríde ach a ghaolta agus cúpla duine eile.

In Comhar, Eanáir 1990, tá cur síos ag Annraoi de Paor ar a shaothar teicneolaíochta, agus ar a fhoclóir Béarla-Gaeilge in Comhar, Aibreán 1991. In Béaloideas 1977–9 tá trácht ag Colm Ó Baoill ar a chomhfhreagras le Gaeil Alban. Foilsíodh Robert Shipboy MacAdam (1808-95): his life and Gaelic proverb collection (1998) le A.J. Hughes.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú