An fear seo agus Roibeard Mac Ádhaimh a bhí ina gcomhrúnaithe ag Cuideacht Gaedhilge Uladh ó 1828 amach. Tá cuntas maith ar Reuben agus a mhuintir ag Roger Blaney in Presbyterians and the Irish language, 1996. In Wick in oirthuaisceart na hAlban a rugadh é. Ministir Preispitéireach san áit sin ba ea a athair James a rugadh in Airdrie. Phós sé Catherine Annan ó Auchtermuchty nach raibh ach trí bliana déag d’aois aici agus bhí seachtar mac agus ceathrar iníonacha acu. D’aistrigh siad go dtí Achadh Dubhtaigh in aice Chúil Raithin nuair a bhí Reuben seacht mbliana d’aois. Béarla na hAlban a bhí á labhairt mórthimpeall air ach ba í an Ghaeilge an teanga choitianta cúig mhíle slí ón áit sin. Cuireadh oideachas air sa scoil chlasaiceach a bhí ag a athair agus chuaigh go hOllscoil Ghlaschú in 1812. Cúig bliana ina dhiaidh sin ghnóthaigh sé céim mháistir. Chaith sé tamall ó 1819 amach ag foghlaim le bheith ina dhochtúir ach i ndeireadh báire chinn sé ar a bheith ina mhinistir agus ina oideachasóir. Nuair a d’éag William Neilson in 1821 d’éirigh leis post a fháil sa Royal Academical Institute i mBéal Feirste. Bhí sé ina uachtarán ar an gcoláiste sin ó 1824 go 1880. Mhúineadh sé Gaeilge ann uaireanta. A mhórspéis san oideachas a thug air spéis a chur sa Ghaeilge. Tá tagairtí aige don teanga i gcúrsaí oideachais sa phaimfléad tábhachtach a d’fhoilsigh sé: Sketch of a plan for a System of National Education for Ireland, 1828. Sa bhliain chéanna sin a bunaíodh Cuideacht Gaedhilge Uladh, a raibh Séamus Mac Domhnaill ina chathaoirleach air. Bhí plean acu chun scoileanna a bhunú i dTír Eoghain, Doire agus Dún na nGall, scoileanna nach gcuirfeadh isteach beag ná mór ar chreideamh na ndaltaí. De bharr na spéise a bhí aige i gcúrsaí oideachais d’éirigh Bryce cairdiúil le Maria Edgeworth (1767-1849) agus thug sí cead don Chuideacht scéalta dá cuid a aistriú go Gaeilge agus a fhoilsiú: Forgive and Forget, a tale; and Rosanna, translated into Irish for the Ulster Gaelic Society, by Thomas Feenachty, Teacher of Irish in Belfast. Printed Belfast. Maith agus Dearmad, sgéul beag; Rosanna, air na d-tarruing go fírinneach go Gaoidheilg, fa thearmonn na Cuideachta Gaoidheilge Uladh, le Tomás Ó Fiannachtaigh (Dublin 1833). Níor phós sé. D’éag sé 10 Bealtaine 1888 agus cuireadh é i reilig Choill Liag, Doire.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú