Tá cuntais air ag James Coombes (‘An Historical Memorial in Skibbereen’) in Seanchas Chairbre 1, Nollaig 1982 agus ag Breandán Ó Conchúir (‘Thomas Swanton, Réamhchonraitheoir in Iar-Chairbre’) in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, 1993. Ar 16 Nollaig 1810 a rugadh é. Protastúnach ba ea é agus is é Crannliath in aice le Béal an Dá Chab in iarthar Chorcaí an áit is mó a luaitear a ainm leis; bhí an sloinne chomh coitianta sin sa cheantar i dtús an 19ú haois gur ‘Swantonstown’ a thugtaí ar Bhéal an Dá Chab. Chaith sé cúpla bliain timpeall 1831 i Nua-Eabhrac agus d’fhoghlaim léamh na Spáinnise ann. Is dóigh gur lena uncail, Robert Swanton, a bhí sé ag fanacht ann; mar bhall de na hÉireannaigh Aontaithe a theith seisean go Meiriceá agus d’éirigh leis a bheith ina bhreitheamh sa Marine Court i Nua-Eabhrac.

D’fhill Tomás ar Éirinn in 1832. Phós sé sna 1830idí deireanacha; Jane ba ainm dá bhean agus rugadh cúigear iníonacha ar a laghad dóibh. Bhí gabháltas 262 acra aige arbh ionann é agus baile fearainn Sparra Uí Ghráda agus bhí daoine ar aimsir aige. Cibé fáth a bhí leis, ní raibh sé chomh maith as sa saol agus a shílfí a bheadh sé. Mhair sé i rith na tréimhse ba mheasa den drochshaol i gceann de na ceantair ba mhó in Éirinn a d’fhulaing cruatan agus gorta agus bhí bá aige lena chomharsana bochta.

Is sa chomhfhreagras a bhí aige idir 1844 agus 1860 le John Windele go háirithe agus le Seán Ó Dálaigh, Roibeard Mac Ádhaimh agus Seán Ó Donnabháin a fhaighimid eolas ar a spéis sa Ghaeilge, ar na scéimeanna a bhí aige chun í a thabhairt faoi mheas i measc gnáthmhuintir Chontae Chorcaí, agus ar a chúrsaí féin. Tá eolas tarraingthe astu ag Máiréad Nic Craith (Malartú Teanga: An Ghaeilge i gCorcaigh sa Naoú hAois Déag, 1993) chun staid na teanga i gceantar Bhéal an Dá Chab a iniúchadh. In Acadamh Ríoga na hÉireann atá na litreacha a sheol sé chuig Windele. Is dóigh gurbh é an rud áirithe chuir tús leis an gcomhfhreagras sin an chabhair a thug Swanton don seandálaí nuair a bhí seisean ag fiafraí i dtaobh seanmhianadóireacht an chopair sa cheantar (‘A Primitive Mining Complex at Derrycarhoon, Co. Cork’ le William F. O’Brien in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, 1989).

B’fhéidir gur phioc sé suas an Ghaeilge go nádúrtha ina óige agus is dóigh gur mhúin sé léamh agus scríobh na teanga dó féin. ‘The best poor man’s language in the world’ a thug sé ar an teanga agus ba léir dó go raibh muintir Chairbreach Thiar á tréigean; bíonn a chuid litreacha lán d’imní ina taobh. Bhí de thuairim láidir aige gur cheart an teanga a bheith á múineadh sna scoileanna. Dá mhéid a spéis san Irish Archaeological Society, sa Chumann Ceilteach, agus, ar ball, sa Chumann Oisíneach, d’éiríodh sé mífhoighneach nó feargach féin nuair ba léir dó nár mhór í spéis na gcumann sin sa teanga bheo. Bhí bá aige le lucht an Nation ach arís ní raibh siad sásta aon Ghaeilge a chur i gcló nuair a d’impigh sé orthu soláthar beag a dhéanamh. Labhair sé go searbhasach i dtaobh Owen Connellan agus Ó Donnabháin a bheith ceaptha mar ollúna i gCorcaigh agus i mBéal Feirste; don Athair Domhnall Ó Súilliobháin a thabharfadh sé féin post Chorcaí. ‘O’Donovan is, as you say, given to Belfast as Professor of Celtic Languages!! Why not Ancient prefixed? It would have expressed the intention more honestly. Is not Connellan a North Connaughtman? Why is he here? But he will do just as well as a Munsterman for Professor of (Antient) Celtic Languages!!! I hope he is well-read in Cornish literature’. Mar sin féin, faoi 1852 bhí scéim á dréachtadh aige chun cúig scoláireacht £25 a thabhairt do mhic léinn na Gaeilge i gCorcaigh.

Rinne sé iarracht in 1844 ‘The Cork and Kerry Irish Poetry and Music Society’ a bhunú. Bheadh d’aidhm acu duaiseanna a bhronnadh ar fhilí agus ceoltóirí bochta. Ar a chostas féin scaip sé ciorclán clóbhuailte timpeall na mbailte móra ach theip air síntiúsóirí a mhealladh. Chuir sé spéis i leasú an litrithe i dtreo gurbh fhearr a bheadh scríobh na teanga ag teacht le fuaimeanna chanúint Chorcaí agus chun gurbh fhusaide a bheadh gnáthchainteoirí in ann an teanga a léamh. In 1845 ar a chostas féin d’fhoilsigh sé The Primer of Irish spelling and pronunciation: containing technical terms, Christian names and surnames: and the ‘Exile of Erin’ by Campbell [sic], with a translation into Irish verse by the late John Collins, of Myross, near Skibbereen. Also a Prose translation of the Irish version with notes. By Fíor-Chorcaigheach. Trí bliana ina dhiaidh sin d’fhoilsigh sé Cork Irish Pronunciation—Spelling. Dúirt sé sa réamhrá: ‘The writer as a sincere friend to the peasantry says do not give up the easy, the congenial language of your race, transmit to your children what distinguishes you from all other people, and teach them not to despise anything that is peculiar to Ireland. Learn English by all means; it is the language of profit, it is the language of the law, it is the language of emigration; but do not for the sake of it lose the voice of the Celtic Tribes.’ Scríobh sé chuig Windele in 1848 faoina dheacracht a bhí sé Gaeilge a mhúineadh dá iníonacha: ‘I have a good many Daughters, the eldest two have declared against learning Irish, I have submitted though I am a rigid disciplinarian. I find it difficult to teach the third as I can not get the servants to speak to her in Irish. I have tried threats and rewards to no purpose. This is one of the many difficulties which I cannot understand.’

Rinne sé rud eile a bhí fíor-neamhchoitianta an uair sin. Chuir sé 250 postaer á gclóbhualadh i nGaeilge lena insint go mbeadh margadh ar siúl gach Déardaoin i mBéal an Dá Chab ón gcéad Déardaoin i mí na Bealtaine 1848 amach. Tá sé i gcló ag Ó Conchúir agus, san Irish Times 27 Deireadh Fómhair 1994, tá sé ag Liam Ó Muirthile ina cholún ‘An Peann Coitianta’, agus fiafraíonn seisean: ‘An raibh a cheann sna scamaill? An bhfuil sé ró-fhuirist an íoróin sa bhfógra a fheiscint, nuair a bhí daoine á leagadh ar fud na tíre leis an bhfiabhras agus leis an ocras, agus Swanton ag fógairt “Margaidhe muc, caorach, prátaidhe, ime, agus éisc, saor ó chustam” ?’ Deir Ó Conchúir: ‘D’oibrigh sé chomh lándícheallach céanna ar son na mbocht agus a dhein ar son na teanga, mar bhall den “Relief Committee” agus mar dhuine príobháideach, in ainneoin an chruatain agus na tubaiste ina shaol pearsanta féin.’ In 1857 bhí sé ag tabhairt léachtaí i nGaeilge chun tacú le gluaiseacht na measarthachta, cibé áit ina dhúiche féin a n-éistfí leis. Agus fiú chomh deireanach le 1859 bhí sé ag iarraidh ar Windele meastachán a fhail ar chostas 500 cóip den iris Cork Irish Monthly a chlóbhualadh. ‘It is with trepidation I attempt this, my means are now so very limited. Yet as God has given me light to see a way of serving the poor peasants of Munster I ought not to despair.’ Bhí sé ag beartú freisin sleachta as Leabhar na Salm agus as Searcleanúint Chríost a chur amach ach b’éigean dó tarraingt siar as an obair seo go léir.

Fuair triúr nó ceathar de na hiníonacha bás idir 1852 agus 1858. Theip ar a shláinte féin agus bhí sé dall beagnach agus i bhfiacha. Ar 30 Meitheamh 1859 scríobh sé chuig Windele: ‘We are removing from this place today to Béal a dá hab! Our going is a melancholy one as caused by long-continued suffering and as a result of the demoralisation and debasement of the people around us.’ Is é focal scoir Uí Chonchúir: ‘Is beag duine eile, b’fhéidir, a thuig, chomh maith is a thuig Thomas Swanton san am úd, an díobháil a bhí á dhéanamh ag na daoine sin dóibh féin. An grá thar meon a bhí aige dóibh a chuir ar a chumas an troid a dhéanamh in aghaidh na díobhála sin.’ Rinne an tAthair Coombes, staraí díograiseach iarthar Chorcaí, gach dícheall chun dáta a bháis a fháil ach theip air. An t-aon Thomas Swanton in iarthar Chorcaí a bhfuil taifead a bháis i gClárlann na mBásanna ba é an fear é a d’éag ar 11 Bealtaine 1877 (aois 61) in Eisc Rátha, i gceantar Dhúrais agus Chill Chrócháin; Ellen Swanton a thug an t-eolas don chláraitheoir agus Caitlicigh ba ea muintir Swanton sa bhaile fearainn sin de réir Dhaonáireamh 1901.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú