I gCaisleán Thoir, Domhnach Maighean, Co. Mhuineacháin a rugadh Énrí Ó Muirgheasa ar 14 Eanáir 1874. Feirmeoir beag a athair Lúcas agus b’as Cúil Fobhair dá mháthair Máire Nic an Bhaird. Fuair sé roinnt oideachais óna sheanuncail Proinsias Ó Conghaile agus is uaidh a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge. Ar scoil i Lios Dúnáin ansin gur ceapadh ina mhonatóir ann é in 1888. Chuaigh gluaiseacht na Gaeilge i bhfeidhm air go mór agus bhunaigh sé an chéad chraobh de Chonradh na Gaeilge i gContae Mhuineacháin, i dteach scoile Lios Dúnáin. Bhí air féin Gaeilge a athfhoghlaim as leabhair Uí Ghramhnaigh. Thuig sé nach raibh Gaeilge ach ag dornán de dhaoine cnagaosta agus nach mbeadh ach rian di fágtha i gceann roinnt blianta eile. Chuir sé fios ar Sheosamh Laoide. Bhí ionadh airsean na laoithe Fiannaíochta a chloisteáil á rá ag seanóirí ag sábháil an fhéir. Chruinnigh sé idir amhráin agus scéalta san áit. B’ansin a dhírigh Énrí féin ar obair an bhailiúcháin agus lean sé air ar feadh a shaoil.

Fuair sé oiliúint mhúinteora i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, in 1900. Idir 1901 agus 1907 d’fhoilsigh sé Greann na Gaeilge (I-VII). I 1901 fuair sé post i Scoil Naomh Maolmhaodhóg i nDún Dealgan. Bhí sé i measc an dreama a bhunaigh Cumann Seandálaíochta Chontae Lú in 1903. In 1906 phós sé Eibhlín Ní Raghallaigh ó Dhún Dealgan ach cailleadh í i 1908. In A hidden Ulster: People, songs and traditions of Oriel (2003) deir Pádraigín Ní Uallacháin: ‘He married harper Eilis (Alice) Reilly, who taught with him in Dundalk in 1906. In 1907 his son Colm was born; he died nine months later. Five months later again, his wife also died. In 1912 he married again, Máire Woods from Galway.’ Foilsíodh Seanfhocail Uladh in 1907 (eagrán nua le Nollaig Ó hUrmoltaigh, 1976). Tá an saothar seo, 1,800 de shean-nathanna, bunaithe ar an gcnuasach a rinne Roibeard Mac Ádhaimh. Sa bhliain chéanna sin fuair sé post mar thimire faoin mBord Náisiúnta. An dualgas a bhí air múineadh na Gaeilge a eagrú i scoileanna Dhún na nGall. Sa tSrath Bán a bhí cónaí air i rith an ama. Bhí tuiscint mhaith aige do shaol na tuaithe agus d’éirigh leis scéalta, seanchas agus na céadta amhrán a bhailiú. I dTír Eoghain a bhailigh sé ‘Óró sé do bheatha abhaile’ ó Áine Ní Threasaigh. Chuir an Piarsach cruth nua ar an seanamhrán sin. Scríobh sé An dara leabhairín Gaedhilge (1902); The shoneen (1904). In 1908 foilsíodh Donn Bó agus scéalta eile. Foilsíodh Ceithearnach Uí Dhomhnaill in 1912 agus Maighdean an tsoluis an bhliain dár gcionn faoin ainm cleite Feargus Mac Róigh. Scríobh sé Saint Patrick in County Sligo (1930). Chuir sé eagar ar: Bruidhean caorthainn (1932); Tuireamh an tSlánuightheora [g.d.]

In 1915 tháinig Céad de cheoltaibh Uladh amach, chomh maith le Daoine beaga agus daoine móra. In 1916 chuir sé Abhráin Airt Mhic Chubhthaigh ar fáil agus timpeall an ama sin a bhreac sé síos ‘An Dán Breac’ ó Thomás Ó Corragáin. Fuair sé post mar chigire sóisearach in 1921 agus in 1923 ceapadh é ina Roinn-Chigire i Sligeach. In 1924 foilsíodh Oíche áirneáil i dTír Chonaill. Bhí sé ar na chéad bhaill den Chumann le Béaloideas Éireann in 1927. Ceapadh ina Leas-Phríomhchigire é in 1932. In 1933 bhí Amhrán na Midhe i gcló (eagrán nua le Lesa Ní Mhunghaile le haistriúcháin, 2015) agus in 1934 Dhá chéad de cheoltaibh Uladh. In 1936 foilsíodh Dánta Diadha Uladh—‘taca chríostaíocht ’s chreideamh na nGael le 350 de bhlianta’ a thug Peadar Ó Dubhda air.

Bhí suim ar leith aige ó thús i múineadh na Gaeilge trí chaint na ndaoine, tríd an gcomhrá, an scéalaíocht agus na hamhráin. Níor foilsíodh an obair ba mhó ar chaith sé a dhúthracht leis, saothar ar logainmneacha na Tána, sort onomasticon. Bhí an obair beagnach críochnaithe aige nuair a theip an tsláinte air. Toisc é bheith breactha i luathscríbhneoireacht dá chuid féin, ní thig le héinne eile é a léamh.

Fear suáilceach ba ea é agus múinteoir spreagúil, cigire tuisceanach, seandálaí, staraí, béaloideasaí. D’fhág sé tacar de leabhair thábhachtacha againn. Is é a thug Seán Ó Baoill air: ‘The man who re-discovered Gaelic Ulster’. D’éag sé sa tSrath Bán ar 13 Lúnasa 1945. Ar nós go leor d’eagarthóirí na haimsire fadó níorbh fholáir leis—ar eagla ár dtruaillithe!—focail agus véarsaí a leasú sna hamhráin. Agus cúis eile aiféala go brách nár éirigh leis foinn na n-amhrán a bhreacadh. Ach is suarach le rá an dá rud sin le hais an díchill a rinne sé. Tionóladh Éigse Fhearnmhaí le hómós dó ar 26 go 28 Aibreán 1974 agus is dá thoradh a foilsíodh: P. Ó Muirgheasa agus P. Ó Casaide, A Man of Farney, a short story of the life of Henry Morris (1974). Tá a chuid páipéar i Leabharlann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus innéacs curtha ar fáil dóibh. D’fhoilsigh Foilseacháin Náisiúnta Teoranta Énrí Ó Muirgheasa (1874–1945), 1974 in eagar ag Frainc Ó Muirgheasa. In The Dundalk Democrat agus oidhreacht na Gaeilge in Oirdheisceart Uladh ag casadh an 20ú haois (2008) le Gearóid Trimble tá liostaithe an t-ábhar a bhí i gcló aige sa nuachtán sin ó 1895 go 1915.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú