Roghnaigh Énrí Ó Muirgheasa trí dhán leis le cur in Amhráin na Midhe, 1933. I mBaile an tSléibhe sa ‘taobh thuaidh de Mhullaigh Laoidhe le taobh Cheannanus’, Co. Chill Chainnigh, dar leis féin, a rugadh an file agus an scríobhaí seo. Tá cuntais air: ag an Athair Tomás Ó Brádaigh in Ríocht na Mí, 1959 (‘Peadar Dubh Ó Dálaigh, fear léinn agus scríobhaí’); ag Pól Breathnach in Irish Book Lover, Márta-Aibreán 1932; ag Énrí Ó Muirgheasa san iris chéanna, Eanáir-Feabhra agus Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1934; agus ag Séamus Ó Casaide san iris sin, Meán Fómhair-Deireadh Fómhair 1936 agus Bealtaine-Meitheamh 1937. Scríobh Peadar colafan i lámhscríbhinn Egerton 208 (arb é atá ann filíocht na Mí agus , chomh maith le scéalta): ‘arna scríobhadh ag Peadar mac Lucais, mic Uilliam Ó Dálaigh ó Bhaile an tSléibhe.’ Chreid Ó Muirgheasa gurbh é Ballintslieve i bparóiste Mhaigh nEalta an Baile an tSléibhe a bhí i gceist ...

Bhí scoil aige i mBóthar Mín cúig mhíle taobh thiar den Uaimh tamall roimh 1826 agus d’fhógair sé: ‘In teaching the young our old Mother Tongue/ At least I may venture to mention / I’m better than some who greedily thumb / The Bible-Society-Pension.’ Is cosúil go raibh cónaí air i mBaile Átha Cliath in 1824 mar tá Mr P. Daly, 20 Capel St, múinteoir Gaeilge, liostaithe i measc shíntiúsóirí Críoch Deigheannach an duine, le Michael Clarke. Is dóigh gurbh é Peadar a bhí i gceist ag Watty Cox in 1823 nuair a luaigh sé ‘the eloquent Petrum O’Daly’. Bhí scoil ar siúl aige arís i mBóthar Mín in 1834, 161 dalta aige agus £12 mar thuarastal bliana agus teach agus gairdín saor ó chíos. Thug Seán Ó Donnabháin cuairt air agus dúirt 3 Lúnasa 1836: ‘I called yesterday upon a very intelligent schoolmaster of the name O Daly from whom I expected to find something satisfactory about the family of Corco-Adam, but he has a pedigree which traces him to the O Daly’s of Kilconnell in the County of Galway. It runs thus: Peter, the son of Luke, who was the son of William the son of Luke, who was the son of John, who was the son of Donnell, the son of Donogh, who was the son of Owen More, head of the O Dalys of Kilconnell in 1656, and relative of Colonel Dermot O Daly, who fought against Cromwell at the battle of Kilconnell. This Peter would be of great use to us but as he has a large family, I should be very sorry that he would leave his house, school and potato fields for our uncertain speculations. He is certainly a very clever fellow.’ Tagraíonn sé dó freisin sna litreacha ordanáis a bhaineann le Co. na Mí mar ‘by far the best (in fact the only) Irish scholar in County Meath.’

Is cosúil gur imigh sé leis an mbíoblóireacht timpeall an ama sin agus gur briseadh é as a phost mar mháistir scoile. D’iompaigh beirt dá dheirfiúracha in éineacht leis. D’aistrigh sé roinnt iomann go Gaeilge in Cláirseach Naomhtha na hÉireann, 1835. Chuaigh sé chun cónaithe i mBaile Átha Buí. Foilsíodh Teagasc Críostuighe an fhíorcreidmheach ag taisbeanadh Príomh Erraidibh Eaglais na Róimhe,1841. Peadar Dubh a d’aistrigh é mar is iad na focail deiridh ann: ‘A léightheoir ghráidh’ cur do phaidir / Chum Mhic Dé, ar son Pheadair / ‘Snach raibh tú choídhch’ a gcás trúaighe / ‘Sé mo ghuidh’ a nAthbúaidhe. Peadar Ó Dálaigh’.

Tá dánta leis, ar cuid díobh dánta ag cáineadh máistrí a d’iompaigh, i lámhscríbhinní Pheadair Uí Ghealacáin in Ollscoil Dhún Éideann. Scríobh sé dánta i mBéarla agus i nGaeilge agus bhíodh siad le cloisteáil ag tórraimh agus ag bainiseacha sa cheantar. Rinneadh an cur síos seo ar a dhealramh: ‘ ... a tall broadshouldered man of imposing figure, his hair was uncut and hung in long ringlets about his shoulders, and he wore a long red beard which reached his waist, and which in idle moments he frequently combed with a comb which he continually carried in his pocket for the purpose. He dressed in a cut-away coat and knee-breeches with three brass buttons at each knee. He always wore a tall hat. Owing to his long curling locks he was known locally as “Wiggie” Daly.’ Phós sé Margaret, iníon le John Maxwell, 11 Samhain 1839. Luann Ó Muirgheasa iníon a bheith aige. I ndeireadh a shaoil bhí cónaí air i gcloigtheach an tséipéil sa Bhóthar Mín, rud a thaispeánann go raibh fillte aige ar an eaglais Chaitliceach sular cailleadh é in 1861. Luann Énrí Ó Muirgheasa deartháir leis, Lucas. Bhí seisean ag múineadh scoile freisin. Bhí cónaí air i dteach an tsagairt paróiste, tharla seisean ag foghlaim Gaeilge uaidh. Nuair a cheangail sé leis an Irish Society theastaigh uaidh go rachadh an sagart seo os comhair chigire an chumainn, é ag súil le híocaíocht ón gcumann toisc a fheabhas is a bhí an t-iarscoláire seo! Dhíbir an sagart as an bparóiste é ach d’éirigh leis post a fháil i scoil Phrotastúnach i mBaile Átha Buí.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú