Mata Mórdha ua Graeme a thugadh sé air féin uaireanta. Rugadh é ar 5 Meitheamh 1805 in aice Dhún Dealgan. Ba dhóigh le Énrí Ó Muirgheasa go raibh Gaeilge aige as a óige. Daoine saibhre a bhí ina mhuintir. A shin-seanathair an Manus Mór Graham úd a bhí ina chónaí i nDún Uí Ghraeme nuair a chum Peadar Ó Doirnín a dhán i dtaobh an tí sin. Innealtóir sibhialta ba ea Mata agus post mar chigire bóithre aige faoin Grand Jury i gContae Lú. Bhí sé mór le Art Ó Murchú, file Gaeilge sa cheantar, agus comhfhreagras ar siúl aige le Nioclás Ó Cearnaigh, Seán Ó Dálaigh, Uilleog de Búrca agus an tArdeaspag Mac Héil. Chuireadh sé dánta Gaeilge agus Béarla i gcló in The Tuam News. Foilsíodh a leabhar The Giantess, from the Irish of Oisin, and The War of Donomore, with other poems and translations descriptive of Irish scenery i mBéal Feirste in 1833. Chruinníodh sé lámhscríbhinní agus bhí sé beartaithe aige leabhar ar fhilí a scríobh. Bhí bosca mór trom de na lámhscríbhinní ag a iníon ina teach ósta sna Creagacha Dubha in aice Dhún Dealgan. Gan fhios di bhíodh cailín aimsire ag baint feidhme astu mar ábhar tine. Ní raibh fágtha ach dosaen le tabhairt ag an iníon d’Énrí Ó Muirgheasa i dtús an chéid. D’éag Mata Mórdha ua Graeme ar 1 Eanáir 1882. Scríobh Énrí Ó Muirgheasa cuntas air in Éigse 1 (Fómhar 1939).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú