Chuir Seosamh Ó Duibhginn eagar ar a raibh ar fáil dá dhánta, agus thug a raibh ar eolas ar a bheatha, inSéamas Mac Giolla Choille circa 1759-1828, 1972 (An Clóchomhar). Sa Lochros in aice le Crois Mhic Lionnáin, Co. Ard Mhacha, a rugadh é. Peadar Woods a bhí ar a athair. Bhí sé ag dul le sagartacht ar an Mór-roinn ach, tharla gan an tsláinte a bheith go maith aige ann, d’athraigh sé cúrsa agus chuaigh le poitigéireacht i mBaile Átha Cliath. Ba ghnách ‘dochtúir’ nó ‘surgeon’ a thabhairt ar phoitigéirí ag an am sin. Le linn dó a bheith ag staidéar bhí sé ag obair i siopa poitigéara i nDún Dealgan agus bhí siopa aige féin ann ar ball. Deirtear go raibh sé ina dhalta tamall ag Art Mór Ó Murchaidh agus bhí sé cairdiúil le Nioclás Ó Cearnaigh agus Mathew Moore Graham. Ba é a thionóil na hiomarbhánna filíochta i nDún Dealgan in 1825 agus 1826. Phós sé Ann Tyrrell i 1782. D’éag sé ar 6 Eanáir 1828 agus cuireadh é sa Chreagán. ‘An saothar le Séamas Mac Giolla Choille atá san obair seo, baineann sé le blianta deireanacha shaol an údair . . .’, a deir Ó Duibhginn, agus tuairimíonn sé gurbh ‘ar éigean a tharlódh sé nach dtosódh fear a mbeadh bua na scríbhneoireachta aige ag cumadh go dtí go mbeadh sé ar tháirseach an bháis.’ I léirmheas in Inniu 15 Meán Fómhair 1972 nocht Tomás Ó Fiaich an tuairim gurbh ‘ar éigean a scríobh Séamas Mac Giolla Choille oiread agus líne amháin filíochta ina shaothar ar fad’. Is léir ar Nioclás Ó Cearnaigh: beatha agus saothar, 1989 le Seán Ó Dufaigh agus Diarmaid Ó Doibhlin go raibh ardmheas ag Ó Cearnaigh ar ‘an saoi agus an lia foghlumtha Séamus Mhac Iolchoilleadh’. Liostaíonn sé a ainm in aon anáil le Mac Cuarta, Ó Doirnín, Mac Cumhaigh agus Mac a Liondain mar chruthúnas ar a fheabhas a bhí saothar bhaird Chontae . Deir sé: ‘We have a few years ago lost the learned and condescending Jas Woods Esqr MD of Dundalk; most of his manuscripts and collectanea are scattered about in ignorant hands, and many entirely lost through negligence or ignorance.’ In áit eile luann sé ‘the venerable and erudite James Woods MD’.

In Léachtaí Cholm Cille 1972 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta deir Tomás Ó Fiaich: ‘Just beside his home, according to local tradition, Mac Cooey’s dead body had been found on Sunday morning by people on the way to Mass; hence it was to be expected that he would interest himself in writing down the songs of Mac Cooey and perhaps, if he had the talent, in adding his own share. Yet his lament on Mac Cooey’s death . . . is a poor effort.’ Agus deir sé freisin: ‘Yet one feels that he deserves to be remembered not so much for his own compositions as for the fact that at a time when so many were abandoning Irish he kept the flickering embers of creativity alive in that language in the north until more talented men would gather around his grave.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú