Duine de na scríobhaithe ba ghníomhaí i seachadadh 1na litríochta i gceantar Oiriall san ochtú haois déag ab ea Pádraig Ó Pronntaigh. ‘A prolific scribe and occasional poet of the S.E. Ulster district’ an cur síos a rinne Standish H. O’Grady agus Robin Flower air in Catalogue of Irish manuscripts in the British Museum (1926). Ina leabhar Lámhscríbhinní Gaeilge: treoirliosta (1988), luann Pádraig de Brún go bhfuil deich lámhscríbhinn ar marthain ó pheann Uí Phronntaigh agus iad ar caomhnú i leabharlanna i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Béal Feirste, Londain agus Oxford. I dteannta cóipeanna dá dhánta féin, tá meascán leathan ábhair le fáil i gcuid lámhscríbhinní Uí Phronntaigh, idir fhilíocht, rúraíocht, fhiannaíocht, ríscéalta agus scéalta eile. Scríobhaí cruinn cúramach ab ea é agus, cleachtadh annamh ag an am, ba mhinic gnás aige an litir ‘h’ a scríobh in áit phonc an tséimhithe. Rinne scríobhaithe an naoú haois déag, Pádraig Ó Loingsigh agus Aodh Mac Domhnaill mar shampla, cóipeanna d’ábhar as bunlámhscríbhinní le Pádraig Ó Pronntaigh dóibh féin agus do phátrúin na háite, macasamhail Samuel Coulter as an Charn Bheag, gar do Dhún Dealgan.

Is féidir barúil a thabhairt faoi floruit Uí Phronntaigh ó na dátaí atá luaite leis na lámhscríbhinní a pheannaigh sé. Scríobhadh an saothar is sine dá maireann leis sa bhliain 1732, agus an saothar is déanaí uaidh sna blianta 1762–3. Bhain Énrí Ó Muirgheasa feidhm as dhá lámhscríbhinn leis an Phronntach agus é ag cur eagair ar an scéal ‘Ceithearnach Uí Dhomhnaill’ agus chuir sé sonrú sa difear idir an caighdeán peannaireachta sa bheirt mar a deir sé sa réamhrá:

The writing in my MS. (date 1733) is bold, open, devoid of flourishes, and perfect and uniform almost as print. In Dr. Hyde’s (date 1763) the writing, though legible and well formed, is less artistic, smaller, weaker and less uniform, from which we may infer that in 1763 Pronty was advanced in years and that both eye and hand had begun to fail.

Má ghlacaimid leis go raibh tuairim is scór bliain slán aige sula ndeachaigh sé i gceann pinn, d’fhágfadh sin c.1712 mar dháta a bhreithe. Maítear go raibh Pádraig Ó Pronntaigh agus Peadar Ó Doirnín comhaimseartha: luann Breandán Ó Buachalla nóta i litir le Nioclás Ó Cearnaigh ar an 19 Eanáir 1845 chuig Seán Ó Dálaigh:

I enclose a leaf which my friend the old doctor had the kindness to extract out of one of his MSS. for your inspection. It was written by Patrick O’Pronty a contemporary bard of O’Dornin and much resembles O’Dornin’s scrool with the exception that the latter did not lay so heavy on the pen. Both, however, were very correct Irish writers...’(‘Peadar Ó Doirnín agus Lucht Scríte a Bheatha’, Studia Hibernica 5, 1965)

Cé nach bhfuil cinnteacht ag baint le dáta breithe Uí Dhoirnín, is eol dúinn ón fheartlaoi a chum Art Mac Cumhaigh ar ócáid a bháis gur éag sé sa bhliain 1769. I LS 24 L 25 in Acadamh Ríoga na hÉireann, cuireann an scríobhaí, Matthew Moore Graham, file eile sa chomhluadar: ‘The following ode was written by the learned Patrick O’Pronty on Patrick Lindon, as an eulogy on that great man’s skill, at one of the meetings of bards held at Lindon’s house. Lindon himself played it on the harp and O’Doirnin sung it.’

Is i muinín Phádraig Uí Phronntaigh is mó atáimid maidir le soláthar ar shaothar filíochta Mhic a Liondain agus tá an chuma ar an scéal go raibh dlúthbhaint eatarthu beirt, bíodh is go raibh Mac a Liondain (1665–1733) níos sine de ghlúin ná é. Ar fhianaise scríobhaithe an naoú haois déag, Matthew Moore Graham agus Nioclás Ó Cearnaigh, léiríonn Mag Uidhir go raibh ‘Dún Mhic a Liondain ... ina theach aitheantais ag filí agus fir léinn an cheantair’ (Pádraig Mac a Liondain: dánta, 1997). Bhí Mac a Liondain in acmhainn pátrúnacht a dhéanamh ar an bhráithreachas litríochta agus léinn, mar a mhíníonn Mag Uidhir: ‘Ba fheirmeoir Mac a Liondain agus de réir cosúlachta bhí teach maith cónaí agus measarthacht de mhaoin an tsaoil aige’. Luann Mag Uidhir suas le deichniúr den chomhluadar bheag dhúthrachtach seo a dhéanadh freastal ar dhún Mhic a Liondain: ‘Bhí sé an-mhór le Séamas Mac Cuarta, bhí teagmháil aige le Toirealach Ó Cearúlláin, Ránall Dall Mac Domhnaill, Peadar Ó Doirnín, Pádraig Ó Prontaigh, le Fearghas Mac Bheatha, ar ndóigh, agus le filí eile is lú eolas againn orthu...’. Bhí an ‘dún’ seo ar Chnoc Chéin Mhic Cáinte in aice le Dún Dealgan.

Thuigfí as seo go ndearna Ó Pronntaigh printíseacht i ndún seo Mhic a Liondain agus gur spreagadh é le dul i mbun peannaireachta agus le corrdhán a chumadh ar ócáidí ar leith. Sampla díobh siúd is ea dán fada fáilte roimh Bhrian Mac Mathúna nuair a ceapadh ina ardeaspag ar dheoise Ard Mhacha é. Chónaigh an t-easpag i gceantar Bhaile Mhic Scanláin, ar a sheachaint, in aimsir na bpéindlíthe. Tá Baile Mhic Scanláin, Cnoc Chéin Mhic Cáinte agus Ráth Sciach, a luadh mar áit bhreithe Pheadair Uí Dhoirnín, uile go léir gar dá chéile ar an taobh ó thuaidh de bhaile Dhún Dealgan. Tá tuairim shuimiúil ag Mag Uidhir faoin Phronntach:

The entire religious character of Ó Pronntaigh’s extant works and the striking sincere note of the requests for prayers ... lead the reader to suspect that Ó Pronntaigh was a man of very religious nature, and possibly, though there is no evidence for it, a cleric.

Ba mhinic a chuireadh Ó Pronntaigh nóta beag ag deireadh scéil nó dáin, macasamhail ‘Aig sin oidhe Chuchulainn conuige sin, airna sgriobhadh lé Pádruig Úa Pronntuidh, mhic Néill, mhic Seathain 7c. ón Éirne...’. Míníonn Ó Buachalla: ‘Is le Co. Fhear Manach a bhain muintir Phronntaigh agus b’fhéidir gur sa chontae sin a saolaíodh é féin leis. Is i gCo. Lú, ámh, a chaith sé an chuid is mó dá shaol...’ (Nua-Dhuanaire II, 1976).

Is minic a maíodh go raibh gaol gairid idir Pádraig Ó Pronntaigh, scríobhaí chontae Lú, agus muintir Brontë Shasana. Tá trí phíosa fianaise a chruthaíonn nasc eatarthu: bhí athair Patrick Brontë (athair mór na scríbhneoirí Charlotte, Emily agus Anne), Hugh, ina chónaí agus ag obair i mBaile Mhic Scanláin tamall roimh 1776; bhí suim ag an dá dhream i gcúrsaí creidimh agus diagachta; agus bhí traidisiún na litríochta go láidir chun tosaigh iontu beirt fosta.

Tá fianaise sna lámhscríbhinní go mbíodh pátrúin go leor ag Ó Pronntaigh: ‘Tá an leabhar beagsa air na sgríobhadh chum úsaide Eánraigh Ó Craoígan’; ‘Chum usáide Sheathain Mhi Ccónaill an tóigfhear mómhar geanmnaoi is é ro sgriobhadh an leoghar so le Padraig Óg Ua Pronntuidh’; ‘Written for the use of John mac Donnell by me Patrick Pronty. May the 14th, 1736’. Is cosúil, mar sin, go raibh Ó Pronntaigh ag obair go gairmiúil ag cóipeáil lámhscríbhinní agus go raibh ráchairt éigin ar a dhéantús láimhe.

Dála scríobhaithe na linne, is cosúil go mbíodh an páipéar gann go leor aige in amanna mar tá athchúrsáil déanta aige ar pháipéar a raibh scríbhneoireacht i mBéarla air roimhe. Tá dhá lámhscríbhinn againn uaidh gan bliain ar bith luaite leo agus is cosúil nár tháinig ceann ar bith slán chugainn ón tréimhse idir 1736 agus 1759.

Scríobhaí cruinn bisiúil a bhí ann. Tugann Seosamh Watson le fios gur tháinig sé chóip de ‘Mac na míchomhairle’ ó lámh Uí Phronntaigh anuas chugainn idir 1732 agus 1769. Sa chatalóg a rinne Énrí Ó Muirgheasa dá chnuasach féin lámhscríbhinní, tugann sé ardmholadh don Phronntach as ucht a chumais mar scríobhaí:

These two MSS. (Nos. 7 and 8) are written in a bold, beautiful hand, entirely devoid of flourish, and with a uniformity and regularity almost equal to that of print. Some of the pages are a marvel of careful penmanship. At the end of each piece O’Pronty asks for a prayer for “the clerk,” “in honour of Mary and the Trinity”. (‘Catalogue and Contents of Irish MSS. in my possession’, Irisleabhar na Gaedhilge 14, 1905)

Rud annamh go leor i gcás scríobhaithe, bhí gnás ag Ó Pronntaigh mioneolas a sholáthar ar dhátaí tosaithe agus críochnaithe a shaothair; fágann sin corruair gur féidir a oibriú amach cad é an méid oibre a bhí sé ábalta a dhéanamh in achar áirithe ama. Dealraíonn sé gur thosaigh sé ar an scéal ‘Bruighean Bheag na hAlmhan’ ar an 23 Aibreán agus gur chríochnaigh sé é (thart faoi thríocha leathanach) an lá ina dhiaidh.

Is doiligh breithiúnas a thabhairt ar a chumas filíochta agus gan againn uaidh ach na ceithre dhán. Mar sin féin, tá fianaise ann go raibh caighdeán áirithe léinn bainte amach aige agus eolas curtha aige ar an Bhíobla, ar stair na heaglaise, ‘Aithreacha an Chreidimh’, stair na hÉireann agus meadarachtaí na Gaeilge san fhilíocht shiollach agus aiceanta. Bhí sé ina ‘Oisín i ndiaidh na bhFiann’ ar dhóigh, agus nuair a d’imigh an seandream, Mac Cuarta agus Mac a Liondain, ar shlí na fírinne, is cosúil gur mhothaigh sé go raibh de dhualgas airsean a saothar siúd a chaomhnú a oiread agus ab fhéidir agus an traidisiún lenar bhain siad a chothú ar feadh glúine eile.

Tá alt faoin Phronntach le Seán Mac Labhraí, ‘Pádraig Ó Pronntaigh: scríobhaí agus file’, in Seanchas Ard Mhacha, 2013.

Seán Mac Labhraí