Tá sé ar dhuine de na filí Gaeilge is túisce ar cuireadh a saothar i gcló; tá cúpla dán leis ag Charlotte Brooke in Reliques of Irish poetry ... (1789). Chnuasaigh an tAthair Seosamh Mag Uidhir a bhfuil ar fáil dá dhéantús in Pádraig Mac a Liondain: dánta (1977). Roimhe sin bhí cuid de in An tUltach ag Éamonn Ó Tuathail. Tá an t-alt ‘Pádraig Mac a Liondain: bard a bhí i stát ins an chrích seo’ le Meidhbhín Ní Úrdail in Súgáin an dúchais ... (2018). Oidhre ar Shéamas Mac Cuarta ba ea é sa mhéid gur dó a thiomnaigh an dall a raibh aige (‘Is de Phádraig Mhac Gioll’ Fhiondain in mo thiomna ghním oidhre’) agus gurbh é a chaoin an dall. I gcomórtas le filí eile Oirialla níor tháinig slán i lámhscríbhinní ná ar bhéal na ndaoine ach beagán dá chumadóireacht. Lindon, Linden nó Lindin a thugtaí air i mBéarla. Foirmeacha a tháinig níos deireanaí is ea Mac Alindon agus Mac Alinden. Is é ‘Mac Giolla Fhiondáin’ sloinne an fhile in Nua-Dhuanaire II, 1976.

Níl ach beagán ar eolas faoina shaol. Cuid mhaith de sin is i gcuntais a scríobh Nioclás Ó Cearnaigh agus Mathew Moore Graham atá sé agus níl na húdair sin lániontaofa. Rinne Art Mac Bionaid iarracht ar fhianaise a bhailiú ach dúirt sé le Roibeárd Mac Ádhaimh: ‘As for McAlinden’s [life] I very much (fear) that it is lost, as all the old men who could give me any information in that respect are dead.’ Tuairim 1665 a rugadh é i gceantar an Fheadha i gContae Ard Mhacha. De réir an traidisiúin bhí cónai air i Lios Liatroma sna Feadha; tá cnoc ann a dtugtaí ‘Linden’s Hill’ air agus ba é tuairim an Athar Luke Donnellan gurbh ansin a rugadh é. Na Feadha a thug Éadbhard Ó Raghallaigh freisin mar cheantar dúchais ach shíl Enrí Ó Muirgheasa agus Séamus Ó Casaide gurbh as Co. an Dúin dó. Scríobh Fearghas Mac Bheatha tuireamh air agus dúirt gur dhuine ‘de shaoithe an Fheadha’ é agus gurbh in úrchill an Chreagáin a cuireadh é. Eoghan ab ainm dá athair, is cosúil, agus ba í Siobhán Nic Ardail a mháthair. File agus staraí ba ea Siobhán agus deirtí gur uaithi agus óna muintir a fuair Pádraig an fhilíocht. Dúirt Nioclás Ó Cearnaigh fúithi: ‘It is related that his mother took particular care to inspire (in) him as far as exhortation was adequate, a taste for music and poetry when a child, and when somewhat advanced in years instructed him in a knowledge of those branches as she was an excellent poetess herself.’ Níl eolas ar fáil i dtaobh an oideachais a cuireadh air; faightear blas an léinn ar a chuid dánta. Bhí na seacht dteanga aige, dá mb’fhíor do Graham: ‘He was well educated; for he spoke his native language to perfection; he spoke French, Spanish, Latin, Greek, and he understood Hebrew and some of the Oriental languages: he was an able Astronomer and Mathematician, but unrivalled in poetry and music.’ Is dóigh le Mag Uidhir go raibh fáil aige ar shaothar Chéitinn, mar shampla, agus gur léir ar a dhánta grá go raibh filí an Bhéarla, leithéidí Sir Philip Sidney agus Thomas Campion, léite aige.

Feirmeoir ba ea é agus deirtear go raibh sé go maith as. Dúirt Graham: ‘... he lived in pretty affluent circumstances and his house was the well-known asylum of the bards, and seminary for such as thirsted for learning or knowledge. The bards and musicians with other learned persons held stated meetings or conferences in his house, in imitation of the ancient bards of Ireland, and indeed, Patrick’s house was the place for such resort for whatever he possessed was as free to them as to himself.’ ‘Guaire’ a thug Mac Bheatha air sa tuireamh sin agus ba é Maecenas a linne in Éirinn é, dar le Graham.

Cé gur aithin Tomás Ó Fiaich cuntais Uí Chearnaigh a bheith lán d’áiféis agus d’earráidí shíl sé in Seanchas Ardmhacha 3, 1959 (‘Dánta fá Chléir Ardmhacha’) go raibh bunús éigin leis an méid seo uaidh: ‘It was he [Linden] that kept alive the lingering spirit of poetry and music and it was owing to his example that the Fews, Down and Louth produced so large a number of truly learned bards and musicians at this and at a subsequent period despite the vigilance and exertions of the tory-hunters of that locality. Frequent iomarbhaighs, or bardic contentions, were held in his house and under his inspection. Owing to the rigour of the penal laws several bards could not commit their compositions to writing, but the learned and patriotic Linden corrected where necessary and copied them, hence he was usually called Reacadóir na mBard.’ Deirtear go raibh scoil filíochta aige ar Chnoc Chéin Mhic Cáinte in aice le Dún Dealgan agus go mbíodh ‘suas le ocht gcloigne déag filí agus fear léinn cruinnithe ann ag an am amháin’. Éarlamh na bhfilí ba ea é, dar le tuireamh Mhic Bheatha. Bhí sé mór le filí a linne. D’fhanadh Mac Cuarta ina theach. Bhí caidreamh aige le Peadar Ó Doirnín. le Pádraig Ó Prontaigh, agus le filí eile. ‘Is féidir a rá gurbh é ábhar bunúsach a shaothair filíochta an caidreamh a bhí aige leis na daoine sin’, a deir Mag Uidhir.

Dúirt Graham: ‘It was he who transcribed and set to music all Courtney’s [Mac Cuarta] works.’ Bhí sé deas ar an gcláirseach a sheinm. Dá mb’fhíor don Chearnach agus do Graham is é ainm a thugtaí air ‘Pádraig na gCláirseach’. Bhí cúpla dán le Mac Cuarta agus Pádraig Ó Prontaigh acu á mholadh mar chruitire ach is dóigh le Mag Uidhir gurbh iad féin a chum. Mac Cuarta agus Mac a Liondain a d’fháiltigh roimh Thoirdhealbhach Ó Cearbhalláin go hOirialla. Tagraíonn Mac Bheatha sa tuireamh don cheol: ‘Níorbh aithne domh beo san Eorpa a leithéid sin / Le binneas a mheor is a bheoil in éineacht.’

Thug Fearghas Mac Bheatha dáta báis Phádraig sa tuireamh úd: Márta 1733. Is léir gur Phádraig Mac a Liondain eile ar fad an file úd a deirtear a bhí in éineacht le hArt Mac Cumhaigh an oíche a fuair sé bás in 1773. Arbh é mac ár bPádraigne é? Déanann Ó Fiaich talamh slán de gur mhac leis ba ea an Pádraig, an cláirseoir nótáilte a bhfuair Bunting foinn uaidh in 1802. Ach is deacair le Mag Uidhir glacadh leis go mairfeadh mac an fhile sa bhliain sin mura mbeadh aois an-mhór ar fad aige. Tá sé curtha i reilig an Chreagáin, Co. Ard Mhacha.

Deirtear de ghnáth gurbh iníon lenár bhfile Máire nó Mailligh, bean a raibh cáil na filíochta uirthi in ndeisceart Uladh. Chum sí ‘Fáilte Mháighistir Jó Pluinceat’ agus chaoin sí an fear céanna i 1771. Más fíor don Chearnach, chum sí ‘Coillte glasa an Triúcha’ agus ‘Dealradh an lae’. Deir Williams agus Ní Mhuiríosa in Traidisiún litheartha na nGael (1979): ‘Tá roinnt dréachtaí eile curtha síos di freisin, ach seasann a cáil ar an sraith agallamh idir í féin agus Peadar Ó Doirnín.’ Tá cur síos níos mine uirthi agus ar a cuid filíochta in Field Day Anthology of Irish Writing IV, 2002 sa chaibidil (‘Courts and Coteries II’) in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú