In Pádraig Ó Conaire agus aistí eile, 1936 scríobh Seosamh Mac Grianna: ‘Tá sé de chlú ar an Dall Mac Cuarta gurbh é an file é ba mhó de chuid Chúige Uladh, ar scor ar bith ó Chionn tSáile anall.’ Áitíonn Aodh De Blacam orainn in Gaelic Literature surveyed, 1929: ‘He lived most of his life at Omeath, where the persistence of the Gaelic tradition down to our own day possibly is due to the abiding influence of his personality.’ Dá chomhartha sin tá seacht ndán leis in Nua-Dhuanaire II, 1976, trí cinn in An Duanaire... 1981 (Ó Tuama agus Kinsella), agus péire in The Field Day Anthology of Irish Writing, 1991. Is iad na dánta is minice a luaitear: ‘Fáilte don éan’, ‘An lon dubh báite’, ‘Tithe Chorr an Chait’, agus ‘Is fada mé ’mo luí i Lúghaidh’.

Chuir Séan Ó Gallchóir eagar ar scór dá dhánta in Séamas Dall Mac Cuarta: Dánta, 1971. Deir sé: ‘Ós rud é nach bhfuil sa chnuasach seo ach níos lú ná leath de dhánta Mhic Cuarta ní thugann sé léargas iomlán dúinn ar a chuid filíochta.’ Tuairim leathchéad dán leis a mhaireann; bhí siad go léir in eagar ag an nGallchórach ach nuair a d’iarr coiste Éigse Oirialla air leabhar a sholáthar le haghaidh comórtha ar an bhfile i 1971 ní raibh am aige ach chun mioneagrán sealadach a thabhairt amach ina bhfuil ‘an chuid is tréithiúla de dhánta Mhic Cuarta’.

I rith 1640–50 a rugadh é. Deirtear i lámhscríbhinn in Ollscoil na Ríona gur Bhrian a bhí ar a athair ach nuair a bhí an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh ag téisclim i gcomhair Amhráin Shéumais Mhic Chuarta, 1925 a fhoilsiú d’inis Brian Mac Cuarta, Ó Méith, ginealach an fhile dó, gur Art a bhí ar a athair agus gurbh é an Art sin an chéad duine dá mhuintir a lonnaigh in Ó Méith, Co. Lú. Deir Declan Kiberd in Irish Classics, 2000 (‘Endings and beginnings: Mac Cuarta and after’): ‘There had been no strong poetic tradition in this rather anglicised area of south-east Ulster and north Leinster before Mac Cuarta.’ Deir sé freisin gur aistrigh a mhuintir ó Thír Eoghain: ‘The Gaelic poets tended to migrate to the remoter regions, where old ways lived on: hence the move of Mac Cuarta’s family from Tyrone into the south-east of Ulster. That tendency – along with a new willingness among ordinary people to attempt verse – may well be a further explanation for the revival of poetry in the region.’ Déanann an t-údar sin anailís ar phéire dán leis in Comhar, Nollaig 1985 (‘Tithe Chorr an Chait: mionchritic’) agus Deireadh Fómhair 1986 (‘Fáilte don éan: mionchritic’). Deir sé: ‘Is léir go raibh Mac Cuarta suite i lár báire idir ré na mbard agus ré an amhráin, sa mhéid gurbh eisean an file ba mhó a chleacht an fhoirm “Rainn agus Amhrán”. Mar seo a bhorr an fhoirm úd, de réir cosúlachta – scríobh an file dán díreach agus, ansin, le go dtuigfí é i measc an phobail choitinn, chuir sé véarsa nó dhó leis i meadaracht scaoilte an amhráin.’

Shíl Éadbhard Ó Raghallaigh, Seosamh Laoide agus Ó Muireadhaigh gurbh i gCréamhainn a rugadh é – mhol sé an dúiche go hard i ndán leis: i gContae Lú atá an áit sin dar leis an Raghallach ach deir an Laoideach go mb’ionann Créamhainn agus paróiste Dhroim Conrach i gContae na Mí (‘a native of the far north of lower Meath’). Bhí Ó Muireadhaigh sásta gur i gCill Chathartaigh in aice le Dún Dealgan, ach i limistéar Chréamhainn, a saolaíodh é. Dar le hÉnrí Ó Muirgheasa gur sa chuid den Mhí atá teorainneach le Muineachán agus an agus tuairim leathshlí idir Carraig Mhachaire Rois agus Droim Conrach a rugadh é. In Eighteenth-Century Ireland VI, 1991 (‘Filíocht Shéamais Daill Mhic Cuarta – Nótaí Teanga’) is inspéise go bhféachann Seosamh Watson lena fháil amach cad atá le foghlaim i dtaobh Ghaeilge na Mí ó mheadarachtaí Mhic Cuarta. Is leor le Seán Ó Gallchóir i ndeireadh báire a rá gurbh in Ó Méith, Co. Lú, a rugadh é. Caoineann sé beirt deartháireacha leis agus luann deirfiúr sa dán ‘An Chéad Mhairgne’ (‘Mo Bhrian, mo Ruairí, mo Róis’). Cibé oideachas a cuireadh air, is léir ar a dhánta go raibh eolas aige ar sheanchas agus litríocht na Gaeilge, ar an mBíobla agus ar sheanscéalta na Róimhe. B’fhéidir go raibh a mhuintir go maith as ina óige ach is ag obair d’fheirmeoirí a chaith sé cuid mhaith dá shaol, in Ó Méith gan amhras, ach chois Bóinne i gContae na Mí freisin mar a raibh tailte a phátrúin, Barún Sláine; is í an tréimhse sular chaill sé radharc na súl atá i gceist, b’fhéidir. Bhí buíon filí agus ceoltóirí gníomhach sa cheantar sin lena linn.

Tá na filí Pádraig Mac a Liondain agus Niall Óg Mac Murchaidh (– 1714) le háireamh i measc a chairde. Is cosúil nár phós sé agus ní léir go raibh sliocht air. De réir an tseanchais, chaill sé radharc na súl ar chuma éigin toisc é a bheith amuigh go minic i bhfeighil capall san oíche: creideadh gur bronnadh bua na filíochta air mar chúiteamh. I 1691 a thosaigh sé ag cumadh, cé go ndeirtear i gcuntas amháin go raibh cúpla dán scríofa aige roimhe sin. ‘His mindset was formed before the defeat of James at the Boyne and so he believed that patronage was due to a poet, even as he lived a reality which was very different’ (Kiberd). Is dóigh go bhfaigheadh sé pátrúnacht ó na huaisle sin a mhol nó a chaoin sé: Somhairle Mac Domhnaill a cailleadh in Eachroim, an Cornal Brian Mac Naois, Murcha Crúis, Barún Sláine, Clann Mhic Dhiarmada, agus Tiarna Lú. Bhí an saol ag dul in olcas aige de réir a chéile. Fuair a chara Niall óg Mac Murchaidh bás i 1714 agus a bheirt deartháireacha i 1717. Deir Ó Gallchóir: ‘Bhí sé fágtha anois ina chadhan aonraic – ar shiúl ag cumadh ceolta agus é ina sheandall caite.’ D’éag sé Feabhra 1733. Chaoin Pádraig Mac a Liondain é agus luaigh dáta an bháis: ‘Seacht gcéad déag a luaim ó Chríost an ré, / Go Séamas Mac Cuarta dhul in uaigh síos faoi chré; / Dhá bhliain, dhá mhí fuair an uaigh shnasta is triochad féin...’.

Ní fíos cár cuireadh é ach scríobh Peadar Ó Gealacháin nóta ar chóip de ‘Is fada mé ’mo luí i Lúghaidh’: ‘Here follows the very last song that ever James Courtney composed. The Earl of Louth had such a regard for him that, thro’ love and friendship, he would not allow to have him interred amongst his ancestors in the graveyard of Newtown, near Slane, his proper burying place, but caused to have him buried in Louth Church yard just beside his own place of interment.’[sic] Sa dán sin luann Mac Cuarta a ghaolta (‘Mairghréad is Ruairí is Brian, mo chuallaí’) atá curtha i mBaile Nua na Manach agus deir: ‘Is déantar uaigh dhamh ar ghar an triúir’. Tá cuntas ar Shéamas in DNB ag Nollaig Ó Muraíle agus cuntas air ag Vincent Morley in DIB.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú