I dtús an fhichiú haois thug Énrí Ó Muirgheasa ‘the national anthem of South Ulster’ ar a dhán ‘Úrchill an Chreagáin.’ D’fhoilsigh seisean Abhráin Airt Mhic Chubhthaigh agus abhráin eile: Art Mac Cooey’s and other poems, 1916 agus Abhráin Airt Mhic Chubhthaigh agus abhráin eile, 1926. Nuair a bhí Coiste Éigse Oirialla ag beartú comóradh 200 bliain a dhéanamh, d’iarr siad ar Thomás Ó Fiaich eagrán nua de shaothar an fhile a thabhairt amach agus chuir an scoláire sin péire leabhar amach: Art Mac Cumaigh: Dánta, 1973; Art Mac Cooey and his times, 1973 (a bhí i gcló ar dtús in Seanchas Ard Mhacha, 1972). Bhí tagtha aige ar leathdhosaen amhrán nach raibh ag an Muirgheasach agus d’fhág sé ar lár dánta a rabhthas cinnte de faoin am seo nárbh é Mac Cumhaigh a chum. Bheadh a sháith iontais ar an bhfile réiciúil dá dtuarfaí dó gurbh é a scríobhfadh scéal a bheatha sagart léannta a raibh hata cairdinéil i ndán dó! Ach níor lú a iontas a chlos go mbeadh leas á bhaint as a dhéantús ag scoláirí mar Bhreandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar, 1996) agus Marianne Elliott (The Catholics of Ulster: a history, 2000) mar fhianaise ar chúrsaí sóisialta agus polaitiúla a linne.

Deir Ó Fiaich gur sloinne é Mac Cumhaigh nár shroich Oirialla go dtí tuairim 1690. Ba chraobh de mhuintir Chatháin iad agus anuas as Doire, b’fhéidir, a tháinig siad. Tá tuairiscí nach bhfuil ag teacht le chéile faoin áit a rugadh an file agus tugann Ó Fiaich an breithiúnas seo: gurbh i bparóiste an Chreagáin a rugadh é, gurbh i mBaile an Achaidh, baile fearainn atá i gcuid Ard Mhacha den Chreagán ach ar an teorainn le Co. , a tógadh é, agus gur chaith sé cuid dá shaol i gCill Choirle in aice le Dún Dealgan, gur sa cheantar sin a bhí cónaí ar chuid de na daoine ar scríobh sé dánta orthu.

Feirmeoir beag, dhá acra is fiche aige, a athair agus roinn sé an fheirm ar a bheirt mhac. Chaith Art a scair go drabhlásach agus is ag obair do dhaoine eile a chaith sé a shaol. Glactar leis gur i gceann de na scoileanna ‘pápúla’ sa Chreagán nó i nDún Gall a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh an Bhéarla, áireamh, agus an t-eolas a bhí aige ar scéalta agus litríocht na Gréige agus na Róimhe. Bhí go leor traidisiún litríochta i gceantar an Chreagáin chun nach taobh le scoil ar bith a bhí sé maidir le scríobh agus le litríocht na Gaeilge. Murab ionann agus filí eile, níl aon lámhscríbhinn leis ar marthain; bhí sé sa bhéaloideas gur úsáideadh a dhéantús chun earraí a phacáil i síopa sa Ghlasdromainn agus gur scrios páistí cuid eile tuairim 1907. In Irish Book Lover, Eanáir/Feabhra 1930, tá cuntas ag Séamus Ó Casaide ar an gcaoi ar loiteadh bailiúchán lámhscríbhinní a bhí ag máistir scoile i gceantar Bhaile na Lorgan i dTír Eoghain tuairim 1921; ba de dhéantús Mhic Cumhaigh cuid éigin díobh.

D’fhostaigh an tUrramach Hugh Hill, reachtaire pharóiste an Chreagáin, é mar gharraíodóir. Fear saibhir ba ea é siúd, eastát aige arbh ionann é agus ceithre bhaile fearainn sa Chreagán ar chuid é den dúiche a bhí ag muintir Uí Néill an Fheadha go dtí aimsir Chromail. Is léir ar an marbhna a cheap sé ar bhás Airt Óig Uí Néill an meas thar na bearta a bhí ag Art ar an teaghlach uasal sin agus ní foláir nó gurbh íorónta leis a bheith ina fhostúch ag leithéid Hill. Ach ba mhinic é ag obair do shagairt Chaitliceacha freisin. Sagart díobh ba ea Toirealach Ó Coinne. Bhí a dheirfiúr mar bhean tí aigesean agus é ina shagart paróiste sa Chreagán agus cibé caoi ar chaith sí le hArt uair scríobh sé an aoir ‘Máire Chaoch’ uirthi, rud, b’fhéidir, nár mhéadaigh ar ghnaoi Uí Choinne air.

Phós Art col seisir leis féin, Mary Lamb, san eaglais Phrotastúnach; shíl sé, is dóigh, nach dtabharfadh Ó Coinne cead pósta dóibh toisc an ghaoil sin agus gan an dispeansáid chuí aige. Cúis eile a bhí aige, b’fhéidir, Ó Coinne a bheith chomh santach sin go mbainfeadh costas leis an bpósadh. Cuireadh coinnealbhá air, rud ab ionann is gur ruaigeadh as an gCreagán é. Chaith sé tuairim ar bhliain i mBinn Éadair ag obair mar gharraíodóir; tá tagairt don áit in ‘Aisling Airt Mhic Chumhaigh’ (‘Ag cuan Bhinn Éadair ar bhruach na hÉireann’). Sagart paróiste Chill Choirle agus Biocáire Ginearálta na hard-deoise, Labhrás Táth, a réitigh an tslí dó chun filleadh ar an gCreagán, trí dhispeansáid a sholáthar dó, b’fhéidir, agus pósadh é féin agus Mary sa séipéal Caitliceach. Ina theannta sin, agus i gcúiteamh a pheaca, chum sé an dara dán. ‘Cúilfhionn Uí Choinne’. ‘Metrically perfect but patently insincere’ an cur síos a dhéanann Ó Fiaich air. Pléann Anna Heussaff scéal Uí Choinne agus an fhile in Filí agus cléir san ochtú haois déag, 1992.

Fuair Art post aoire ar fheirm sa Tulaigh Ard agus is ann a chónaigh sé go ham a bháis. Luaití go raibh sé ina bheatha i bhfad i ndiaidh 1773 ach déanann Ó Fiaich beag is fiú de na scéalta sin. Scríobh Séamas Mac Giolla Choille marbhna agus sa chóip a rinne Art Mór Ó Murchadha tá véarsa agus nóta Uí Mhurchadha a dheimhníonn gur éag an file ar 5 Eanáir 1773. An t-ól ba thrúig bháis dó. D’éag sé míle nó dhó taobh ó thuaidh de Chrois Mhic Lionnáin. Má rugadh clann dó níor mhair siad ina dhiaidh. Tógadh leacht cuimhneacháin i reilig an Chreagáin, san áit a shíltear a cuireadh é. Ba é John Behan an snoíodóir agus is é atá scríofa ar an leacht: Art Mac Cumhaigh 1738–1773. ‘Ag Gaeil chumhra an Chreagáin a leagfar mé i gcré faoi fhód’. Ag an searmanas an lá sin, 29 Aibreán 1973, bhí an Senorita Conchita O’Neill ó Seville, duine a shíolraigh go díreach ó Sir Énrí Ó Néill ar baineadh talamh an Fheadha de i 1655.

Ar Art a thit sé feartlaoi Pheadair Uí Dhoirnín a chumadh agus b’fhéidir a rá gurbh é oidhre Pheadair é. Ach deir Ó Fiaich: ‘Ní bhíonn ceardaíocht Mhic Cuarta aige ach go hannamh ná ceolmhaireacht shéimh Uí Dhoirnín ná simplíocht lom láidir Chathail Bhuí. Ní féidir a rá gur chum sé sárdhán ar bith; mar sin féin, is cinnte go mairfidh “Úrchill an Chreagáin” faoi ghnaoi an phobail a fhad a mhairfeas an Ghaeilge, de bhrí nach bhfuil sa Chreagán ach microcosm de Éire go hiomlán agus go bhfuil an dóchas agus an t-éadochas, an cuimhne taitneamhach agus an cuimhne searbh, an tsaoirse agus an daoirse, an domhan agus an osnádúrthacht ag coimhlint le chéile ann mar is dual dóibh bheith ag coimhlint i gcroí an duine.’ In Oxford DNB atá cuntas Nollaig Uí Mhuraíle agus in DIB tá cuntas Vincent Morley.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú