Scríobh Tomás Ó Fiaich cuntas ar an scoláire Froinsiasach seo in Seanchas Ard Mhacha, 1989: ‘Sagart naofa cráifeach. Gaeilgeoir dílis dúthrachtach. Fear tuaithe nár thréig a dhúchas i gcathracha an domhain. Éireannach buanseasmhach tírghrách. Scoláire cúramach cruinneolach. Staraí síorshaothrach fíreannach.’ I Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin, a rugadh é ar 6 Nollaig 1915. Ba é an chéad leanbh é ag Patrick Giblin, constábla san RIC, agus Agnes Hannon. Michael a ainm baiste. Deartháir dó an tAthair Athanáis Ó Gibealláin. Tar éis bunoideachais i Mainistir na Búille bhí sé i gColáiste Charraig an Tobair. Is ansin a chuir sé bonn láidir faoina eolas ar an Laidin agus ar an nGréigis. Chuaigh sé isteach sna Froinsiasaigh i gCill Airne i 1933. Bhain sé céim amach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, agus bronnadh MA air i ngeall ar eagrán de ‘Bua na Naomhchroiche’. Chaith sé blianta an chogaidh i gColáiste San Isadóir sa Róimh agus oirníodh ann é 16 Meitheamh 1941. Rinne sé staidéar iarchéime san Antonianum, ollscoil na bhFroinsiasach sa chathair sin. Bronnadh dochtúireacht air i 1945 i ngeall ar a thráchtas ar Aodh Mac Aingil. D’fhill sé ar Éirinn an bhliain sin ar long thrúpaí, turas eachtrúil, agus, seachas cúpla mí i Nuinteasacht an Phápa, chaith sé an chuid eile dá shaol, 43 bliain, i nDún Mhuire, Cill Iníon Léinín. Bhí sé bliain ag gníomhú mar ollamh le Stair Eaglasta i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Bhí sé ina shéiplíneach ag Clochar an Linbh Naofa i gCill Iníon Léinín agus ag Scoil Lorcáin, agus ina uachtarán ar Chumann na Sagart i ndeireadh na 1960idí. Ba bheag bliain nach raibh sé ina shéiplíneach ag Coláiste Gaeilge Charraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir. Bhí sé go mór i bhfabhar an éacúiméineachais.

Tá liosta a shaothair in Dún Mhuire Killiney 1945-95: léann agus seanchas, 1995 in eagar ag Benignus Millett agus Anthony Lynch. Gan léirmheasanna, ailt in Enciclopedia cattolica agus New Catholic Encyclopaedia, nótaí ar an ábhar Éireannach i gCartlanna na Vatacáine ... a chur san áireamh, tá breis is seasca mír sa liosta sin: tá siad in irisí mar An Sagart, Irisleabhar Muighe Nuadhat, Franciscan College Annual, Irish Sword, Archivium Hibernicum, Seanchas Ardmhacha, Collectanea Hibernica, Irish Ecclesiastical Record .... I measc na leabhar tá Liber Lovanensis: a collection of Irish Franciscan documents 1629-1717, 1956; Irish Franciscan Mission to Scotland 1619-1646: Documents from Roman Archives, 1964; The Diocese of Raphoe (1773-1805), 1980. Is é a chraol an léacht Dáibhíseach ‘The Annals of the Four Masters’ sa tsraith a cuireadh i gcló mar Great books of Ireland, 1967. Ba é a scríobh an roinn de A history of Irish Catholicism, 1967-71 le Patrick Corish a bhaineann le deoraithe na hÉireann ar mhór-roinn na hEorpa sa 17ú agus 18ú haoiseanna.

Deir Tomás Ó Fiaich: ‘Mar léachtaí bhí sé cúramach, soiléir, mionchúiseach; a théacs ullmhaithe aige roimhré i gcónaí; a ghlór séimh ciúin á iompar go bun an halla. Is cuimhin liom oíche amháin a thug sé caint i gCrois Mhig Fhloinn ar na Proinsiasaigh i nDeisceart Ard Mhacha. Tharraing sé filíocht Airt Mhic Chumaigh isteach ina chaint, agus nuair a bhí deireadh ráite aige tháinig sé i bpáirt liom chun “Úrchill an Chreagáin” a chanstan don lucht éisteachta. Bhí sé ar a shuaimhneas ar fad i measc mhuintir na tuaithe an oíche úd, é gealgháireach, aigeantach, meidhreach, ag malartú scéalta grinn agus na tonnta gáire ag briseadh ar a bhéal.’ Ní raibh coinne lena bhás 30 Meán Fómhair 1989.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú