Tá cuntas ar an bhFroinsiasach seo ag Seán Mac Stiofáin in Feasta, Eanáir 1993. I Mainistir na Búille a rugadh é ar 21 Aibreán 1917 agus ba iad Patrick Giblin, constábla san RIC, agus Agnes Hannon a thuismitheoirí. Deartháir é leis an Athair Cathaldus [Michael] Ó Gibealláin. Bhí sé ina uachtarán ar Dháil na Mumhan ó athbhunaíodh é i 1951 agus anuas go dtí 1957. I rith an ama sin bhí baint aige le bunú Rosc agus le Daonscoil na Mumhan agus le Feis na Mumhan. Bhí sé ina léachtóir ar chúrsaí sóisialta ag Coiste Gairmoideachais Luimnigh agus ina uachtarán ar Chraobh Luimnigh de Chonradh na Gaeilge. Bhí baint aige le cúrsaí ceardchumannachais agus deir Mac Stiofáin: ‘D’imigh sé nó díbhríodh é go dtí an Tír Naofa i 1957 agus arís go dtí an Éigipt.’ Le linn dó a bheith in Iosrael bhí sé ag teagasc i mBeithil. Chaith sé tamaill i gCorcaigh agus i 1966 bhí sé ina bhall den séiplíneacht a bhí ag friotháil ar Éireannaigh in Camden Town, Londain. Bhain sé PhD amach in Ollscoil na Gaillimhe; leis na ceardchumainn a bhain a thráchtas dochtúra. Ina dhiaidh sin chaith sé trí bliana i Mainistir Ché na gCeannaithe, é ina ghairdian i 1969. Aistríodh go teach an oird i Muilte Farannáin é agus ba é a d’eagraigh atógáil na seanmhainistreach ansiúd agus a scríobh a stair, Multyfarnham Abbey: monuments and memories, 1984; is de bharr a thionchair a bunaíodh an músaem ann. Ar feadh 17 bliain bhí sé ina shéiplíneach ag pobal Gaeltachta na Mí. Deireadh sé aifreann an Domhnaigh i mBaile Ghib agus i Ráth Chairn. Bronnadh Gradam Uí Ghramhnaigh air i 1991 ag Féile na Mí. Scríobh sé An réabhlóid sóisialta, 1968 agus thug sé Léacht an Oireachtais an bhliain sin. D’éag sé 15 Samhain 1992 agus tá sé curtha i Muilte Farannáin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú