Ó GUAIRIM, Seosamh (1955–2017)

Seachrán

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Croí na cloiche (1995). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

I Roisín na Mainiach, Carna, Co. na Gaillimhe, a rugadh Seosamh Ó Guairim, nó Josie Joe Pheadair mar ab fhearr aithne air, ar an 22 Nollaig 1955. Feirmeoir beag ab ea a athair, Joe Ó Guairim as Roisín na Mainiach, agus ba as an mbaile céanna a mháthair, Máire Ní Ghuairim roimh phósadh di.

Ba é Seosamh an duine ba shine de sheisear clainne. Fuair sé bunscolaíocht i mBunscoil Mhuire, Roisín na Mainiach, agus ina dhiaidh sin fuair sé ábhar éigin scolaíocht fhoirmiúil i Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna. Ach d’fhág sé an scoil go hóg. Chaith sé téarma ag obair ar an mbeet i Sasana agus tamall ag obair ar shuíomhanna tógála i Londain. D’fhill sé ar Éirinn agus chaith roinnt blianta ag obair i monarcha i gcathair na Gaillimhe sula bhfuair sé jab mar fhear poist i gCarna ag tús na 1980idí, jab a rinne sé go dtí cúpla lá sular bhásaigh sé.

Ach má d’fhág an Guairimeach an scoil go hóg, níor fhág sé an léann ná an fhoghlaim. Ní hé amháin sin ach thum sé é féin sa léitheoireacht agus gan é ach ina dhéagóir. Bhí saothar léithéidí Joyce, Kafka agus Camus léite aige as a chonlán féin agus é fós ar meánscoil chomh maith le saothair le fealsaimh mhóra na Gréige agus na Róimhe. Ní hé amháin go mbíodh sé ag léamh a saothar ach bhídís mar ábhar cainte agus díospóireachta freisin aige, dar lena chomrádaí scoile Seán Ó hÉanaigh a bhí in aon rang leis. Ba mhinic ag caint ar an gcosmas é agus ar an saol taobh amuigh den saol seo. Níorbh aon iontas go mbeadh lorg na fealsúnachta agus na saoirse ina shaothar filíochta féin níos deireanaí.

Bhí an-spéis san amhránaíocht chomh maith aige. Ní hiontas go mbeadh tuiscint ar an sean-nós aige, ní hé amháin mar gheall ar a ghaol le Sorcha Ní Ghuairim, ar aintín dá mháthair í – agus an chéad fhonnadóir sean-nóis a d’eisigh fadcheirnín sa bhliain 1957 – ach freisin mar gheall ar an saibhreas sean-nóis a bhí, agus atá fós, ina thimpeall in Iorras Aithneach. Ach ní sa sean-nós amháin a bhí spéis aige. Thaitin ceol tíre, rap agus hip hap leis agus tagann a gcuid rithimí isteach ina chuid filíochta féin go rialta. Bhí staidéar agus taighde déanta aige ar na seanfhilí agus ar a saothar: Eoghan Rua Ó Súilleabháin, Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, Riocard Bairéad, Art Mac Cumhaigh agus Micheál Mac Suibhne, a dtagraíodh sé go minic dóibh go poiblí, agus bhí saothar scríbhneoirí móra agus filí an Bhéarla léite freisin aige.

Dhá chnuasach filíochta a d’fhoilsigh Seosamh Ó Guairim lena linn, Trá thaoille na n-éan (1986) agus Croí na cloiche (leabhar le caiséad) (1995). Sa nóta clúdaigh a scríobh Gabriel Rosenstock do Croí na cloiche deir sé: ‘Briseann guthanna ársa trí ghuth an Ghuairimigh agus an file i ngleic le fadhbanna iomadúla an lae inniu. An ciúnas...an fiántas...an focal a scoilteann an tost...an náire...an fhís...an díomá. É gearánach agus é moltach. An greann...an leamhas...d’fhéadfadh gurb é Seosamh Ó Guairim an file is ilghlóraí i gConamara.’

Ó shin i leith tá a ilghlóraí agus a bhí sé cloiste ag tír agus talamh cé nach file é a bhíodh ag cuardach aird dó féin ná dá chuid filíochta. Ach fuair a chuid filíochta aitheantas, go háirithe ó phobal na Gaeltachta. Ní hé amháin go bhfuil saibhreas teanga agus fealsúnachta ina chuid filíochta, ach ba mhaisiú faoi dhó ar a shaothar é féin a chloisteáil á chur i láthair mar a chruthaíodh sé go minic ag léamha poiblí agus éigsí ar nós Chúirt na Gaillimhe nó Éigse an Spidéil, áit a mbíodh a lucht leanúna féin aige. D’athraíodh an t-atmaisféar sa seomra chomh luath agus a ghlaoití Seosamh ar an ardán nó nuair a chuirtí micreafón ina lámh. Chuireadh sé a chroí isteach i léamha poiblí, agus dá mbeadh scata filí liostáilte ar an gclár, b’fhada leis an bpobal go dtagadh uain Sheosaimh mar gheall ar an bhfírinne agus an macántacht agus an greann a bhíodh le sonrú trína chuid cainte. Is minic a chloisfeá abairtí uaidh ar nós: ‘Níl mé cinnte an cheart dom an dán seo a rá, ach déarfaidh mé é’, nó ‘B’fhéidir go dtarraingeodh an dán seo caint nó clampar nó go mbuailfí mé mar gheall air’. Agus ní mar ghimic ná mar bhealach le haird a tharraingt air féin ná ar a dhánta a deireadh sé sin ach mar gurbh in í an fhírinne a mhothaigh sé. Níor chreid sé riamh an fhírinne a cheilt ná scáil a chaitheamh uirthi, bíodh sé ag caint faoina shaol pearsanta féin, faoina chuid filíochta nó faoin saol poiblí. D’aithris sé a chuid dánta freisin go minic do Raidió na Gaeltachta, RTÉ, TG4 agus Cainéal Euro News TV. I measc na ndánta is cáiliúla dá chuid tá, ‘Choo Choo na Traenach’, ‘Seachrán’ agus ‘An Damhsa’.

Ó thaobh stíle de is file é a bhí idir an dá thraidisiún. Ba í an tsaorvéarsaíocht a shaothraigh sé den chuid is mó, ach bhí sé go mór faoi thionchar rithim na filíochta traidisiúnta freisin. Nasc sé an dá thraidisiún lena chéile go snasta níos mó ná aon fhile eile lena linn. D’fhág sé sin a stíl shainiúil féin aige, stíl nach mbeadh as alt san aois seo caite, nach bhfuil as alt san aois seo agus nach mbeidh as alt, seans, sna haoiseanna romhainn.

Thaitin na cluichí Gaelacha freisin leis agus bhí suim faoi leith aige i gCLG Carna-Caiseal. Phós Seosamh Naoko Nakayama ón tSeapáin sa bhliain 1996 agus bhí beirt mhac acu, Seosamh Óg agus Riocard.

An 6 Márta 2017 a bhásaigh Seosamh Ó Guairim gan é ach bliain le cois na dtrí scór. I Reilig Mhaírois atá cré a chille.

Tá alt scríofa ag Pádraig de Paor faoi, ‘Rendezuvous: Criticeoir an Bualadh le Bé Sheosaimh Uí Ghuairim’, in Bliainiris 2001. Ar Tuairisc.ie, 15 Márta 2017, scríobh Jackie Mac Donncha, ‘Josie Joe Pheadair – file nach raibh aon teorainn lena chumas, a thug sé leis ó dhúchas’.

Micheál Ó Conghaile