An Ceannaí Fírinneach agus an Ceannaí Bréagach

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Blaiseadh (1995). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht .

Ba í Sorcha an duine ab óige den aon duine déag clainne a bhí ag Máirtín Gorham, feirmeoir i Roisín na Mainiach, Carna, Co. na Gaillimhe, agus a bhean Catherine Burke. Deirfiúr di Máire Ní Ghuairim. Rugadh í ar 10 Deireadh Fómhair 1911. Chaith sí tamall i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe ag foghlaim faoin Ollamh Tomás Ó Máille. Fuair sí obair mhúinteora Gaeilge faoi Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath ó Sheán Beaumont. Tá cuntas ag Éamon Ó Ciosáin (An t-Éireannach 1934–1937: nuachtán sóisialach Gaeltachta, 1993) ar an obair a dhéanadh sí in oifig An t-Éireannach agus ar an gcomaoin a chuir sí ar an bpáipéar sin. Ar dtús is ag scríobh na nuachta, ag cumadh cinnlínte agus ag scríobh eagarfhocal a bhíodh sí in éineacht le Tomás Ó Flaithearta. Ceapadh í ansin ina heagarthóir ar pá, post a bhí aici gur theip ar an bpáipéar. Faoin ainm ‘Niamh Chinn Óir’ scríobhadh sí leathanach na bpáistí. I gcomhpháirt le Pádraig Ó Concheanainn d’aistrigh sí ó Bhéarla an Chaptaen Charles McGuinness an leabhar eachtraíochta Viva Irlanda le cur i gcló sa pháipéar agus thug an Gúm amach mar leabhar é, Ceathrar comrádaí, 1943.

Ina dhiaidh sin bhí sí ina heagarthóir Gaeilge agus ina colúnaí faoin ainm ‘Coisín Siúlach’ in Scéala Éireann. Fuair sí post múinteora Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. In Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, 1992 déanann Risteárd Ó Glaisne an cur síos seo uirthi: ‘I 1941 ceapadh bean óg chiardhubh álainn aniar as Carna ar chósta Chonamara, Sorcha Ní Ghuairim, mar léachtóir ar an nGaeilge labhartha sa Choláiste; i 1947 bronnadh uirthi an chéim M.A. jure officii. Bhí an dúchas Gaelach aicisi mar nach raibh sé ag mórán daoine eile riamh, agus guth binn ceoil’.

Duine de na mic léinn a bhí ag foghlaim uaithi ba ea Douglas Sealy agus gheofar tuairim dá háilleacht, dá pearsantacht, dá hábaltacht mar mhúinteoir, agus dá cumas mar amhránaí in aiste a scríobh sé in Scéala Éireann in Eanáir 1977 (i gcló i leabhar Éamoin Uí Chiosáin, chomh maith le pictiúr dubh is bán den phortráid a rinne Charles Lamb).

Rinne sí roinnt amhrán, chomh maith le scéal amháin, a thaifeadadh do Folkways i Nua-Eabhrac le linn di bheith ar cuairt ag a deartháireacha i 1945. Bhí duine díobh, Máirtín, ina bhall de Chabhlach na Stát Aontaithe agus tamall maith caite aige ina phríosúnach sa tSeapáin. D’atheisigh Cló Iar-Chonnachta an taifead mar chaiséad i 1990 faoin teideal ‘An Chéad Dólás’.

Is mar amhránaí sean-nóis is mó a d’fhan cuimhne uirthi. Tá lámhscríbhinn dar dáta 7 Feabhra 1942 i gCnuasach Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Téacsanna amhrán atá i gceist maille le heolas orthu agus dúirt sí ann: ‘Ó mo mhuintir a fuair mé a mbunáite seo uilig. Tá corrcheathrú anseo is ansiúd i gcuid de na hamhráin a thóg mé ó bheith ag éisteacht leo dhá ngabháil i dtithe ceoil, ach is beag é. Cés moite de chorrcheann, tá na hamhráin seo ag rith liom ó m’óige. Níor scríobh mé aon cheann acu síos go dtí anois féin, ach iad a thabhairt liom ó bhéal na bhfonnadóirí ar lic an teallaigh. Nuair a bhí mé ag tíocht suas bhíodh oícheanta móra foinn sa teach againn, agus bhíodh m’athair is mo mháthair, go ndéana Dia maith orthu, ag dántaireacht go minic agus, go háithrid, nuair a bhíodh díomá nó buaireamh ar bith orthu’.

Dar le Amárach 15 Aibreán 1955 gur ghlac sí páirt i gclár raidió ‘Abair mar seo é’. D’fhág sí Éire tamall ina dhiaidh sin agus bheadh cónaí uirthi feasta i Londain agus obair a bhí go maith faoi bhun a cumais mar shlí bheatha aici. Meastar gurbh é meath na Gaeltachta agus athruithe mar an cló rómhánach agus an caighdeán oifigiúil a d’fhág gan mhisneach í. Deirtear go raibh foclóir de chora cainte curtha i dtoll a chéile aici agus gur cailleadh é thall. Bhí sí marbh ina hárasán le tamall sular fritheadh an corp go gairid roimh Nollaig 1976. Tá aiste thathagach ar a saol ag Ríonach Uí Ógáin (‘ “Is í an Fhilíocht anam an Cheoil” – Sorcha Ní Ghuairim, Amhránaí Roisín na Mainiach’) in Bliainiris 2002. Deir sí gur ar 15 Nollaig 1976 a bhásaigh Sorcha i Londain. Cuireadh i gCarna í Oíche Nollag.

Deir Éamon Ó Ciosáin go raibh sí mór le Eamonn McGrotty a maraíodh i gCath Jarama sa Spáinn ar 23 Feabhra 1937. I 2001 d’fhoilsigh Gael Linn (agus Comhairle Bhéaloideas Éireann) an dlúthdhiosca Sorcha: Amhráin Shorcha Ní Ghuairim, ar a bhfuil tríocha amhrán a rá aici. D’fhógair TG4 roimh Nollaig 2006 go raibh mórscannán faisnéise déanta acu ina taobh (‘Ar Lorg Shorcha’ le Bríona Nic Dhiarmada).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú