Bhí Máire agus Sorcha Ní Ghuairim ar na deirfiúracha ba aitheanta i saol na Gaeilge ó thús na 1930idí ar aghaidh. Ba é a n-athair Máirtín Gorham, feirmeoir i Roisín na Mainiach taobh thoir de Charna, Co. na Gaillimhe, agus ba í Catherine Burke a máthair. Seachtar buachaillí agus ceathrar iníonacha a bhí ag an lánúin. D’imigh ceathrar díobh go Meiriceá. Ba í Máire an duine ba shine de na cailíní. Rugadh í ar 6 Iúil 1896. Tar éis scolaíochta i gClochar na Trócaire i Roisín na Mainiach, sa Chlochán agus i dTuaim chuir sí fúithi i mBaile Átha Cliath. Bhí flosc chun an Ghaeilge a fhoghlaim ar dhaoine, ar mhúinteoirí náisiúnta go háirithe, agus níor dheacair di a beatha a shaothrú. Mhúineadh sí an teanga d’ábhair múinteoirí i nDún Chéirí sa Charraig Dhubh agus bhí cónaí uirthi in aice an choláiste. Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 5 Feabhra 1924 í a bheith ina ball de Chomhairle an Fháinne.

Ceapadh Seán Beaumont ina rúnaí ar Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath agus d’fhostaigh sé í faoin bpolasaí a bhí aige cainteoirí dúchais a bheith ina múinteoirí sna scoileanna a bhí faoina chúram (Éamon Ó Ciosáin, An t-Éireannach 1934–1937: páipéar sóisialach Gaeltachta, 1993).

Ó 1919 amach bhíodh scéalta agus aistí i gcló aici in An Stoc, Fáinne an Lae, An Lóchrann, An tÉireannach, An Scuab, An Chearnóg.... Bhíodh sí ag scríobh sna nuachtáin freisin agus ó 1931 amach in Scéala Éireann. D’fhoilsigh Brún agus Ó Nualláin cnuasach de na scéalta a bhí aici in An tÉireannach faoin teideal Ceol na mara (1938). Rinne sí cúrsa Gaeilge a thaifeadadh do Linguaphone.

Bhíodh obair chraoltóireachta le fáil aici ó 2RN agus ó Radio Éireann. Deirtear go raibh an sean-nós chomh binn aici le Sorcha, nó níos binne. Bhí baint aici le Conradh na Gaeilge sa chathair agus is ann a casadh Seán Mac Brádaigh (1890–24 Feabhra 1969) uirthi. Bhí seisean ina theachtaire ag an Maor Seán Mac Giolla Bhríde in Éirí Amach 1916 agus gníomhach i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha. Ó 1927 amach bhí sé ina Theachta Dála thar ceann Fhianna Fáil. Phós siad ar 12 Meán Fómhair 1929 agus bhí siad ina gcomharsana béaldorais ag de Valera sa Charraig Dhubh. Bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. D’éag Máire ar 15 Deireadh Fómhair 1964.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú