I nDumha Locha, Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 20 Feabhra 1883. Feirmeoir beag ba ea a athair Hugh Ruane agus b’í Mary Barrett a mháthair. In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 7 Nollaig 1957, dúirt sé go raibh Gaeilge agus Béarla aige ón gcliabhán ach gurbh í an Ghaeilge ba mhó a bhí á labhairt sa cheantar le linn a óige.

Bhí aiste aige in An Connachtach chomh fada siar le 1907 agus scríobhadh sé freisin in An Stoc, An Sguab, Iris an Fháinne, Ar Aghaidh agus The United Irishman. Sna 1950idí, bhíodh aistí i gcló aige ar cheart na Gaeilge in Feasta faoin teideal ‘Ceart nó mícheart?'. Ar na leabhair a scríobh sé tá Stair na hEorpa thiar [g.d.], Sgéalta gearra scoile (1924), arbh é Tomás Ó Raghallaigh a chomhúdar, Gearr-scéalta grinn (1925) agus Grinn-sgéalta (1929). Pádhraic Mháire Bháin nó an gol agus an gáire (1932) a mhórshaothar. Díoladh timpeall 6,000 cóip den úrscéal seo agus ghnóthaigh sé duais £150 na Roinne Oideachais dó. Cuireadh athchlónna amach i 1934, 1935, 1937, 1938. D’aistrigh sé Travels with a donkeyR. L. Stevenson, faoin teideal Mé féin agus m’asal (1937) agus Wild sports of the WestWiliam H. Maxwell, faoin teideal Sealgaireacht an Iarthair (1933). I 1967, foilsíodh cnuasach dá chuid aistí An Mothall sin ort. Baineadh taitneamh ar leith as a aistriúchán ar David Copperfield (1938).

Le múineadh na Gaeilge a chaith sé an chuid is mó dá shaol: i gColáiste Chonnacht i dTuar Mhic Éadaigh mar ar chuir sé aithne ar Éamon de Valera i 1909; faoin gCoiste Gairmoideachais i Sligeach; ar feadh scór bliain anuas go dtí 1948 ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste Oiliúna Bhantiarna na Trócaire, sa Charraig Dhubh, Baile Átha Cliath. Bhí baint aige le hobair na teanga i rith a shaoil, taobh amuigh den scríbhneoireacht agus den mhúinteoireacht: ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge; ina uachtarán ar An Fáinne; ina uachtarán ar Chumann na Scríbhneoirí. Ba é a thug rún os comhair Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ag moladh go ndéanfaí Gaeilgeoirí a aistriú isteach go lár na hÉireann, Pádraig Ó Máille ag cuidiú leis. Roghnaigh an Roinn Oideachais é féin, Máire Ní Ghuairim agus Micheál Ó Maoláin le ceachtanna Linguaphone a chur ar cheirníní i Londain. Ó 1917 amach, bhí sé ag timireacht do Shinn Féin i gCúige Chonnacht.

Phós sé Margaret O’Hora as ceantar Choillte Mach i 1928 agus rugadh triúr clann dóibh. D’éag sé ar 22 Meitheamh 1966 agus tá sé curtha i Reílig Ghráinseach an Déin, Baile Átha Cliath. In aiste ar Scéala Éireann ar 4 Samhain 1980, dúirt Seosamh Ó Duibhginn faoi: ‘Ba fhear cúthail é nár shantaigh riamh a ainm a bheith i mbéal an phobail, ach ba fhear é a raibh creideamh láidir aige agus é daingean dúshlánach ina chuid tuairimí’. D’fhoilsigh An Clóchomhar a bheathaisnéis i 1992: Seán Ó Ruadháin: saol agus saothar le Máirtín Mac Niocláis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú