Ó CRÓINÍN, Donncha A. (1919–1990)

Tá cuntas ar an scoláire seo: ag Tomás Ó Concheanainn in Éigse 25, 1991; in Scéala Éireann 1 Márta 1958. Ba iad Seán Ó Cróinín, feirmeoir, agus an t-amhránaí cáiliúil Eibhlís Ní IarlaitheBess Cronin a thuismitheoirí. D’fhág sé a chuid páipéar agus lámhscríbhinní le huacht ag a mhac Dáibhí; ina measc tá cuid mhaith d’amhráin a mháthar agus na litreacha beoga a chuireadh sí chuige (The Songs of Elizabeth Cronin, Irish Traditional Singer: the Complete Song Collection, 2000 le Dáibhí Ó Cróinín). Deartháir leis ba ea an bailitheoir béaloidis Seán Ó Cróinín. Deir Ó Concheanainn: ‘Is dóigh gurbh é Donncha—murabh é a dheartháir Seán—an té ba mhó eolas ar bhéaloideas Mhúscraí Uí Fhloinn. Ba scoláire é Donncha a raibh léann na leabhar agus na lámhscríbhinní air thar mar a bhí ar aon duine eile de bhunadh Mhúscraí a chuaigh i mbun saothruithe léann an bhéaloidis i gCúige Mumhan.’ Ba é ionadaí na Mumhan é sa chlár cáiliúil raidió Fadhbanna Gaeilge, mar a mbíodh Tomás de Bhaldraithe, Niall Ó Dónaill agus Máirtín Ó Cadhain rannpháirteach freisin, agus ba eisean a roghnaigh Éigse chun léirmheas fada a scríobh ar an imleabhar d’Atlas Heinrich Wagner a bhaineann le canúintí na Mumhan (Éigse, samhradh-geimhreadh 1967).

Bhí cónaí ar a mhuintir i mBaile Mhic Íre, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, agus rugadh é 8 Nollaig 1919. Bhí Donncha Ó Buachalla mar mhúinteoir aige i Scoil Bhaile Bhuirne. Bhí sé ina dhiaidh sin ar feadh 1934-38 i gColáiste Chaoimhín, coláiste ullmhúcháin i mBaile Átha Cliath; sa scrúdú meánteistiméireachta bhain sé an chéad áit in Éirinn amach san adhmadóireacht agus sa líníocht, agus san ardteistiméireacht fuair sé lánmharcanna sa Ghaeilge agus an bonn óir don aiste ab fhearr. Chaith sé bliain i gColáiste de La Salle, Port Láirge, agus fuair an marc ab airde riamh i scrúdú deiridh na sóisear. Nuair a dúnadh an coláiste sin chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Droim Conrach (1939-40), agus bhain an chéad áit sa stair agus san ealaín i scrúdú deiridh na sinsear. I 1941 d’éirigh leis an tArd-Teastas a fháil. Chaith sé an tréimhse 1940-48 leis an mbunmhúinteoireacht i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ag obair ar feadh tamaill ghairid de 1948 mar aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin i dTeach Laighean. Bhain sé céim MA sa Nua-Ghaeilge amach tar éis staidéar a dhéanamh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, faoi Ghearóid Ó Murchadha. Um Meán Fómhair 1948 ceapadh é ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Oiliúna Dhún Chéirí mar chomharba ar Sheán Ó Ruadháin. Bhí Pádhraic Ó Domhnalláin mar ‘sciath dídin’ aige ansin go ceann bliana (Scéala Éireann). Bhí sé ina eagarthóir ag na foilsitheoirí Brún agus Ó Nualláin ar na cnuasaigh oifigiúla filíochta i gcomhair na hArd-Teistiméireachta: ‘Idir é féin agus an tOllamh R.A. Breatnach, Eagarthóir Comhairlitheach na sraithe, cuireadh ar fáil na téacsleabhair filíochta Gaeilge ab údarásaí agus ba mhó cruinneas dár foilsíodh den chineál sin. Thugtaí aghaidh sna heagráin sin ar roinnt deacrachtaí téacsa is staire, ach ní i gcónaí a bhíodh fáilte ag an lucht teagaisc roimh fhadhbanna léinn a chur ina láthair. Pé scéal é, tá tairbhe scoláireachta sna heagráin sin fós.’ I gcás na coda ba shine de na dánta is ar a bhfuil díobh i lámhscríbhinní a chuireadh siad eagar. I gcomhpháirt le Myles Dillon scríobh sé Teach yourself Irish, 1961 don English Universities Press. Ceapadh é ina bhall den Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge i 1958 agus bhí sé ina chathaoirleach ar an bhfochoiste a rinne cúram de chúrsaí sa Ghaeltacht. Ba mhinic ag moltóireacht é i gcomórtais filíochta an Oireachtais agus anois is arís sna comórtais amhránaíochta.

Bhí air éirí as an múinteoireacht de dheasca drochshláinte i 1977. Ba é a chuir eagar ar na cnuasaigh den bhéaloideas a bhí déanta ag a dheartháir Seán: Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse, 1971; Seanachas Amhlaoibh Í Luínse, 1980; Seanachas Phádraig Í Chrualaoi, 1982; agus Seanachas ó Chairbre 1, 1985. ‘Is cloch ar leacht Dhonncha an t-eolas ar bhéaloideas agus ar cheart na Gaeilge atá léirithe sna heagráin sin’ (Ó Concheanainn). Chaitheadh sé féin dua le filíocht an 18ú agus an 19ú haois a bhailiú ó bhéal daoine i Múscraí agus as lámhscríbhinní. Tá aistí aige in An Músgraigheach, Béaloideas, Celtica, Studia Hibernica, Feasta, Éigse, Ériu, The Teacher’s Work .... Sa réamhrá le Seanachas Phádraig Í Chrualaoi deir sé: ‘Is dócha go bhfuil buíochas iarghabhálach ag dul don chinniúint a dheonaigh fadó dhom seacht mí go leith de scoláireacht taistil trí chríocha na LSS. Stailc na Múinteoirí i mbliain a 1946 a bhí ar siúl—más é sin an focal—agus mara mbeadh é bheadh malairt croit ar na nótaí. Ba thairbheach an tréimhse oideachais domhsa é, ar aon tslí ...’. D’éag sé ar 5 Meitheamh 1990. Phós sé Margaret Honan 10 Lúnasa 1949 agus bhí ceathrar mac acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú