Is mó a mhair cuimhne air sa Mhumhain ná ar aon fhile eile. In The hidden Ireland (1924) dúirt Domhnall Ó Corcora faoina chuairteanna féin ar cheantair Ghaeltachta: ‘... I found there were two subjects which never failed to arouse the dying fires, to bring light into the fading eyes, and a flood of speech to the toothless gums: the Great Famine of ’47 was one, and Eoghan Ruadh ... was the other.’ Sa leabhar sin ag Corkery atá an cuntas is faide ar an bhfile, é bunaithe ar an tuairisc a thug Pádraig Ó Duinnín in Amhráin Eoghain Ruaidh Uí Shúilleabháin (1902). Chuir Risteárd Ó Foghludha eagar ar Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin (1937). In Sliabh Luachra: journal of Cumann Luachra, Vol. 1 No.2, Samhain 1983 tá cuntas ag Dan Cronin (‘1748-1784 The Other Side of Eoghan Ruadh’) ar léir air go bhfuil sé bunaithe cuid mhaith ar sheanchas cheantar dúchais an fhile, faoi mar atá eolas an Duinnínigh. Is fiú freisin a bhfuil ag Pádraig Ó Fiannachta in Léas eile ar ár litríocht (1982) a léamh. D’fhoilsigh Field Day Publications / Keough-Naughton Institute for Irish Studies Eoghan Rua Ó Súilleabháin (2009), é in eagar ag Breandán Ó Conchúir. Deir seisean sa réamhrá: ‘Is í an insint bhéaloidis ar bhás Eoghain Rua is mó a fuair leathantas ná go bhfuair sé bás i gCnoc na Graí go gairid tar éis dó buile de thlú sa cheann a fháil i dtigh leanna i gCill Airne nuair a d’éirigh idir é agus duine de mhuintir na háite. Dob fhéidir gur i Nuachongbháil, i gcomharsanacht Chnoc na Graí, agus nach i Mainistir Locha Léin, i gCill Airne, atá sé curtha.’

Sna Mínteoga, cúpla míle ar an taobh ó theas de Ghníomh go Leith, Co. Chiarraí, a rugadh é. Deirtear gur bean de mhuintir Scannail a mháthair (Dan Cronin). ‘De Shúilleabhánaigh Cheapach na Coise lámh leis an Neidín ab ea é’ (Ó Fiannachta). In DIB, deir Alan Harrison gur dhuine é den triúr nó ceathrar mac a bhí ag Parthalón Ó Súilleabháin agus is dóigh leis gur bean de mhuintir Scannail a mháthair. D’fhoghlaim sé Béarla, scríobh na Gaeilge, Laidin agus eile i scoil scairte i bhFaiche ar an taobh eile d’Abhainn Uí Chriadha, craobhabhainn de chuid na Fleisce, agus bhí ag teagasc ann é féin tamall sular thosaigh sé scoil ar Chnoc na Graí in aois 18 bliain dó. Um an dtaca seo, bhí ceird an scríobhaí foghlamtha aige. Mealladh mná óige an chúis arbh éigean dó teicheadh. Chaith sé deich mbliana le spailpínteacht ach d’fhilleadh abhaile anois is arís. Deirtí nach raibh aon bhall idir an tSiúir agus Béarra nár shiúil sé. Agus chaitheadh sé tamaill ag múineadh scoile i rith na tréimhse sin. Bhí scoil aige i nDomhnach Mór deich míle ó chathair Chorcaí. I Mainistir Fhear Maí bhí sé ag sclábhaíocht d’fheirmeoir láidir dar sloinne de Nógla nuair a fuarthas amach, más fíor, go raibh eolas aige ar Bhéarla agus na teangacha clasaiceacha. D’fhostaigh an Nóglach é mar oide tí ach arís místuaim maidir le gnéas faoi deara dó teicheadh. Liostáil sé san arm sa Mhainistir. Preasáil, b’fhéidir, faoi deara gur tharla i gcabhlach na Breataine é, é i long sna hIndiacha Thiar nuair a troideadh Cath na Naomh (Iles les Saints) idir na Briotanaigh faoi Rodney agus Hood agus cabhlach na Fraince faoi de Grasse in Aibreán 1782, cath ar chuid de Chogadh Neamhspleáchas Mheiriceá é. Is de thoradh bhua na Breataine sa chath sin go raibh ceannas na bhfarraigí arís acu. Chum an file bailéad Béarla ag moladh an Aimiréil Rodney agus d’iarr mar luach saothair go scaoilfí as an gcabhlach é. Ach b’amhlaidh a aistríodh isteach san arm arís é; scaoileadh saor é ar deireadh nuair a bhí a lorgaí lán de chneácha de dheasca lasair léana a chuimil sé iontu d’aon ghnó. D’oscail sé an scoil arís ar Chnoc na Graí. Uair éigin i dtús an tsamhraidh in 1784, scríobh sé aoir ar Dhónall Ó Cróinín, coirnéal gíománach, tar éis dósan neamhaird a thabhairt i ndán a scríobh Eoghan á mholadh. I ngráscar a tharla i gCill Airne, bhuail duine de mhuintir an choirnéil sa cheann é le tlú. Anuas air sin, nó dá bharr, tháinig fiabhras air agus d’éag 28 Meitheamh 1784 (ag Dan Cronin atá an dáta sin). Cuireadh é i Mucros Lá Fhéile Peadar is Póil, más fíor; ach tá sé sa seanchas freisin gur go Nuachabháil, taobh thiar de Chuileann Uí Chaoimh, a tugadh é agus dhearbhaigh Cróiníneach i Meiriceá do Risteárd Ó Foghludha go raibh an ráiteas seo ag muintir na dúiche: ‘Tar éis an ghliocais ar fad, tar éis na filíochta ar fad, tar éis an léinn agus an eolais ar fad, sin é thall é i Nuachabháil ina chodladh go sámh dó féin ar nós na ndall agus na dtuatach.’ Deir Ó Fiannachta: ‘Is geall le deireadh bheatha naoimh, an sórt seo aighnis faoi cá luíonn a chorp.’

Scríobh sé fiche aisling, suantraí, barántais, amhráin molta ban agus dánta i dtaobh ócáidí pearsanta. Mhol an Corcorach go hiomarcach é b’fhéidir. Chosain Seán Ó Tuama The hidden Ireland go láidir ach dúirt: ‘On the other hand, I feel he grossly overrated the work of Eoghan Rua Ó Súilleabháin .... He spoke enthusiastically of some poems by Ó Súilleabháin, for instance, as “perfect lyrics”, whereas nowadays most of us who teach these poems would look on the majority of them as pieces of overblown virtuosity .... These poems had survived; but they had survived, I would submit, as lyrics for music, rather than as poems to be read or listened to. Eoghan Rua had the sagacity to write his poems to the finest of the classic Irish airs ...’ (Repossessions: selected essays on the Irish literary heritage, 1995). Roghnaigh Ó Tuama agus Kinsella péire díobh in An Duanaire, 1600-1900 (1981), ‘A Chara Mo Chléibh’ (sliocht) agus ‘Ceo Draíochta’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú