Sa Bhunán i gCiarraí a rugadh an file tuaithe seo. I nDaonáireamh 1901, is i nDrom Buachalla, paróiste Thuath Ó Siosta, a bhí cónaí air. Bhí sé 80 bliain d’aois, más fíor, agus bhí in aontíos lena mhac John agus a chlannsan. Bhí seachtar dá gharchlann sa teach; Béarla amháin a bhí ag an dream ab óige díobh agus bhí Gaeilge agus Béarla ag an triúr ba shine. An mac a líon an fhoirm agus ‘Poet’ a bhí scríofa aige mar shlí bheatha Mhortaí. Rinneadh iarracht sin a ghlanadh amach agus ‘carpenter’ a scríobh ina ionad. Thug sé an fhilíocht leis óna mhuintir, na ‘Larrys’. Reachtaireacht feirme an gnó a bhí acusan ach siúinéir ba ea Murtaí. Phós sé baintreach i nDrom Buachalla agus is ann a chaith sé an chuid ba mhó dá shaol. Tá dánta Gaeilge Mhurtaí bailithe ag Seán Ó Súilleabháin in Diarmuid na Bolgaighe agus a chomhursain (1937). I 1930, cuireadh suas leac mar chuimhneachán ar Dhiarmuid (d’éag 1846) agus Murtaí i dTeampall Chill Macallóg mar a bhfuil siad curtha. Deir Seán Ó Súilleabháin gur chaith Murtaí tamall i bpríosún ‘i dtaobh batarála áirithe’ agus gur chum sé amhrán i mBéarla, An Veistín Liath, i dtaobh na heachtra. Bhíodh Murtaí agus Risteard Ó Sé, nia le Diarmuid na Bolgaí, ag scóladh a chéile le véarsaí agus deireadh Murtaí mar mhagadh gurbh fhearr leis nach in aon reilig lena chéile comhraic agus a uncail a chuirfí é féin. Bheidís anuas air! D’éag sé ar 17 Márta 1905.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú