Rinneamar faillí ann in 1782-1881 Beathaisnéis. Foilsíodh ‘Micheál Chormaic Ó Súilleabháin’ le Eugene Daly in Skibbereen and District Historical Society Journal Imleabhar 1, 2005. Seo é an file a scríobh ‘Tuireamh an Phaoraigh’, caoineadh ar an Athair Eoin Paor, an sagart a bhaist é agus a bhí ina chara aige. I measc na bhfoinsí a luann Eugene Daly tá ‘Aiste ar Bheatha Mhichíl Chormaic Ó Súilleabháin’, ‘written by Cáit Ní Chiarúcháin (Carey) from Derrylugga, who taught in the Abbey School, Skibbereen, joined the Mercy Order about 1912 and died in the Flu of 1918. This article was published in A vision fulfilled, 1997 by De La Salle School, Skibbereen.’ An tSiúr Fionnbarra a hainm crábhaidh.

I mBaile Uí Reidhrí, paróiste Chill Macaibí, Co. Chorcaí, a rugadh é. Ba iad Cormac Ó Súilleabháin, feirmeoir, agus Cáit (nó Máire mar a thugtar uirthi uaireanta) Ní Iarlaithe ó Dhoire a’ Loga a thuismitheoirí. Bhí mac eile acu agus iníon. Cailleadh an mháthair go hóg, díshealbhaíodh an teaghlach agus cuireadh Micheál chuig muintir a mháthar i nDoire a’ Loga nuair a bhí sé fiche bliain d’aois. Is ann a chaith sé a shaol. D’fhaigheadh sé obair le déanamh ó Bhord na nOibreacha. Oibrí feirme ba ea é agus théadh sé amach ag spailpínteacht agus ba ghnách leis dul go Tiobraid Árann a bhaint prátaí. Bhíodh sé ag obair do Seán Ó hAnnracháin, athair Pheadar Uí hAnnracháin. Phós sé Eibhlín Ní Mhuirighthe (Ní Mhuireadhaigh a deirtear uaireanta) ón Léim agus rugadh seisear dóibh ach cailleadh triúr, le linn an Ghorta, b’fhéidir. D’éirigh le mac leis a bheith ina mháistir scoile i gcathair Chorcaí ach d’imigh sé ar imirce go Meiriceá, rud a rinne a iníon freisin. Cailleadh an mac eile i Sasana.

Is beag scolaíocht a cuireadh ar Mhicheál. B’fhéidir gurbh i scoil scairte a d’fhoghlaim sé léamh na Gaeilge agus an Bhéarla. Tá dealramh air go raibh lámhscríbhinní i seilbh mhuintir a mháthar agus ag comharsa leis darbh ainm Pádraig Breac Ó Conghaile, fear a raibh cáil mar bhreacairí (scríobhaithe) ar a mhuintir, dar le Eugene Daly. Bhíodh sé ag obair mar aoire bó dó siúd. Deir Daly: ‘It is clear that he read or heard much of the history of his country and that he knew many Irish poems by heart. There are many allusions to Irish heroes and mythological figures, as well as to Greek and Roman gods and goddesses, in his poems and songs.’ Bhí sé ag cumadh óna óige. Is i mbéal na gcomharsan a mhair a dhánta. Bhíodh fáilte i gcónaí roimhe i dteach an Athar Eoin Paor. Tar éis dó an tuireamh a chumadh thagadh na comharsana chuige ‘idir oíche agus ló’ go dtí go raibh na trí rann is daichead den dán de ghlanmheabhair acu. Scríobh sé dánta ag moladh an Athar Muiris Paodhar, sagart eile agus an easpaig. Luann Eugene Daly ocht dtuireamh a chum sé, ceann do Phádraig Breac Ó Conghaile ina measc. Chum sé ‘An Buachaill Bán’ tar éis dó a bheith i láthair ag mórchruinniú a thionóil Domhnall Ó Conaill ‘i gCarraig Fhada nó ar chnoc éigin taobh leis’. ‘Thug na daoine a d’airigh ar dtús é ardmholadh don fhonn breá agus na focail bhríomhaire a bhí fuinte leis agus i gceann trí sheachtain bhí an t-amhrán ar fud na dúiche’ (Ní Chiarúcháin). Chuir a dheartháir, Pádraig, foinn le cuid dá dhánta. Deirtear go raibh guthanna breátha ag na Súilleabhánaigh go léir. Luaitear amhráin eile dá dhéantús: ‘An tSeanbhean Bhocht’, ‘An Mhaidin Mhoch’ .... Chum sé amhrán dar teideal ‘Sliabh na mBan’ i n-aghaidh na ndeachúna. Ó bhéalaithris Cháit Ní Iarlaithe, a chol ceathar, a bailíodh na hamhráin sin. Creideadh go raibh cumhacht aige chun francaigh a dhíbirt. Is dóigh gurbh é an Michael Sullivan é a cailleadh 15 Feabhra 1865, in aois a 67 agus a raibh cónaí air in ‘Derralugga, Abbey’. Sa Sciobairín a cláraíodh an bás. Broincíteas ba thrúig bháis dó agus ba í Ellen Sullivan a thug an t-eolas don chláraitheoir. Tá sé curtha i Mainistir na Sruthrach i gceantar an Sciobairín. Bhailigh Micheál Ó Cuileanáin cuid dá dhánta agus bhí baint aige leis an ngrúpa a thóg cros sa reilig ina chuimhne breis is seachtó bliain i ndiaidh a bháis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú