Agus na haistriúcháin go léir a rinneadh air a chur san áireamh, chaithfí géilleadh gurbh é Fiche bliain ag fás le Muiris Ó Súilleabháin an leabhar ba líonmhaire léitheoirí dár scríobh aon údar Gaeilge. Ba é an duine ab óige é den triúr scríbhneoir ba mhó cáil ón mBlascaod. Tá cuntas ar a mhuintir agus gach buneolas ar a shaol, chomh maith le clár a shaothair, le fáil in Muiris Ó Súileabháin: saol agus saothar (1983) le Nuala Ní Aimhirgín. ‘Do rugadh Muiris ar an gceathrú lá d’Fheabhra 1904 san Bhloscaod Mhór’. Sin í an chéad abairt i nóta dírbheathaisnéise le haghaidh poiblíochta a chuir sé chuig Roibeard Ó Faracháin, Radio Éireann, ar 23 Iúil 1947. Is gnách 19 Feabhra a rá agus sin é an dáta atá i dtaifid baiste Bhaile an Fheirtéaraigh, dar le Nuala agus le húdair eile. Seán ’Lís Ó Súilleabháin a athair agus ba í Cáit Ní Ghuithín, neacht le Tomás Ó Criomhthain, a mháthair. Bhí beirt deirfiúracha aige agus beirt deartháireacha. Duine de na deirfiúracha ba ea Eibhlín (1900-1949) a choinníodh an chín lae atá sa Leabharlann Náisiúnta. Cailleadh an mháthair ar 2 Márta 1905 agus cuireadh Muiris chuig dílleachtlann sa Daingean. Chuig bean mhuinteartha a cuireadh é dá mb’fhíor do scríbhinn úd 23 Iúil 1947. Ach dúirt George Thomson (19 Lúnasa 1903 - 3 Feabhra 1987) san aiste ‘Fiche bliain ag fás’ in Comhar, Samhain 1958: ‘Tá cur síos ins an leabhar ar na blianta san [sa Daingean], ach más ea is beag atá sa méid sin ach cumadóireacht, óir bhíodar imithe as a chuimhne ar fad nach mór’. Is é is dealraithí nár theastaigh ó Mhuiris, fiú in 1947, a thabhairt le fios gurbh i ndílleachtlann a bhí sé. Níl amhras ar Nuala Ní Aimhirgín ach gur sa dílleachtlann freisin a chuaigh sé ar scoil. Thóg a athair abhaile go dtí an t-oileán é in 1911. Bhí Eibhlín an-cheanúil air ar chaoi go mba chosúla le máthair í. Ach ní raibh fágtha den teaghlach sa deireadh ach é féin, a athair agus a sheanathair, an scéalaí cáiliúil Eoin Ó Súilleabháin. Bhí sé ag beartú a dheartháir agus Eibhlín a leanúint go Meiriceá ach gur mhol George Thomson dó in 1927 dul isteach sa Gharda Síochána. Bhí sé cairdiúil leis an scoláire óg Sasanach seo le ceithre bliana anuas. D’fhág sé an Blascaod i Márta 1927 agus tar éis oiliúna mar gharda cuireadh go dtí Indreabhán, Co. na Gaillimhe, é ar 12 Samhain 1927.

Thuig Thomson go raibh mianach scríbhneora ann. ‘Dhá cháilíocht a bhí aige i dteannta na samhlaíochta—géarshúil agus mórchroí’ (Comhar, Samhain 1958). In 1929, mhol sé do Mhuiris leabhar ar nós An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain a scríobh. Faoin am a raibh an leabhar scríofa aige bhí post ag Thomson i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Shíl seisean go raibh an chéad leagan sin rófhada. D’aontaigh an bheirt acu le chéile gur cheart roinnt caibidlí a chaitheamh amach agus scríobh Muiris dhá chaibidil nua. Ní ghlacfadh An Gúm leis mura bhfágfaí ar lár cuntas ar bheirt gharsún a bheith ar meisce agus nach mbeadh sé i gceist leagan Béarla a fhoilsiú. Thug siad do Chlólucht an Talbóidigh é agus foilsíodh é in Aibreán 1933. Thug Thomson cabhair airgid lena fhoilsiú. Cuireadh athchló amach um Nollaig ach chuaigh sé as cló in 1941 agus níor foilsíodh an dara heagrán go dtí 1976. Foilsíodh dhá eagrán den leagan Béarla, Twenty years a-growing, a scríobh Thomson agus Moya Llewelyn Davies, i Sasana (Chatto & Windus a d’fhoilsigh i mBealtaine 1933) agus i Meiriceá (An Viking Press i Lúnasa 1933) agus bhí sé ar cheann de na leabhair ba mhó díolachán sa dá thír. Foilsíodh mar Penguin (1938) é agus mar imleabhair sna sraitheanna The World’s Classics (Oxford) (1953) agus The Queen’s Classics (1966). D’fhoilsigh Dent an script scannáin a scríobh Dylan Thomas in 1964. Mhol W.B. Yeats agus E.M. Forster agus scríbhneoirí aitheanta eile an leabhar go hard. Foilsíodh aistriúcháin sna mórtheangacha go léir nach mór. ‘Do bhí sé i bhfoirm dráma ag an B.B.C. san mbliain 1942 ina raibh Muiris féin páirteach ann. San mbliain 1944, deineadh slátaí dhe i Meiriceá i gcóir na ndall ...’ (23 Iúil 1947).

Faoi 1934, bhí sé tuirseach de shaol an Gharda Síochána le tamall. Is mar seo a chuir sé síos (idem) ar an gcinneadh a rinne sé ar 5 Iúil 1934 ar éirí as. ‘Níorbh fhada do bhí sé ann [i gConamara] nuair a thuig sé nár mhaith leis bheith iontu. Thug sé fá deara go raibh an dlí á chur gan trua gan taise ar dhaoine bochta a bhí ag sracadh leis an saol’. ‘Muiris Ó Súilleabháin had never really been satisfied as a policeman, and certainly he disliked the late night and early morning raids for illicit poitín stills’, a deir Muiris Mac Conghail in The Blaskets: a Kerry island library (1987). Is cinnte go raibh deis aige anois chun a bheith ina scríbhneoir lánaimseartha.

‘Do phós sé cailín álainn as an gCeathrú Rua gurbh ainm di Cáit Ní Chatháin, cailín cliste stuama, ionnas go bhfuilid ag maireachtaint anois i measc na nGael i gConamara, an áit is ansa lena gcroí, Muiris ag brath ar an bpeann agus a mhnaoi ag friotháilt na lóistéirí ina bhfuil a cáil go hard mar chócaire. Tá mac agus iníon anois acu, Eoin agus Máire. Thug sé ainm a sheanathar ar an mac leis an gcion agus an ómós a bhí aige dó’ (scríbhinn 23 Iúil 1947). Ar 10 Iúil 1934 a phós siad. B’as Doire Fhatharta sa Cheathrú Rua do Cháit. Tá cur síos aici in Leoithne aniar (1982) in eagar ag Pádraig Tyers, ar an gcaoi ar chuir siad aithne ar a chéile agus ar a saol mar bheanchéile ag Muiris. Bhí i gceist aige ar dtús talamh a cheannach i gCorca Dhuibhne ach b’fhearr go mór le Cáit bheith sa Cheathrú Rua.

Ní raibh aon rath i ndán dó mar scríbhneoir lánaimseartha sa mhéid nár éirigh leis rud a bhí in aon ghar do bheith chomh fiúntach le Fiche bliain ag fás a scríobh. Ní raibh foilsitheoirí Gaeilge ná Béarla sásta Fiche bhliain fé bhláth a fhoilsiú. Scríobh sé úrscéal a bhí bunaithe ar eachtraí a bhain do ghaol leis, Domhnall Cháit Bhilí, ach arís níor fáiltíodh roimhe. Tuairiscíodh in Inniu 30 Meitheamh 1950 go raibh an t-úrscéal seo curtha aige faoi bhráid an Chlub Leabhar. Leabhrán i dtaobh an chéad chábla teileagraf a d’fhoilsigh The Kerryman is ea An chéad chábla (1946). Léirigh Diarmuid Ó hAlmhain mar dhráma raidió é tuairim 1945. Tá liosta fada dá aistí, arbh in Scéala Éireann a foilsíodh an chuid is mó díobh, i gcló i leabhar Nuala Ní Aimhirgín. Tá aici freisin liosta d'aon dráma dhéag dá dhéantús. Breis is a leath díobh craoladh ó Radio Éireann iad i rith na tréimhse 1949-50. Ceann díobh, Seacht gcúraimí an tsléibhe, dúirt sé ina thaobh gur ghnóthaigh sé craobh Chonnacht i gcomórtas drámaíochta. Níor cuireadh aon cheann díobh i gcló. Sa chuntas a chuir sé chuig Radio Éireann, luann sé gur bhuaigh sé an chéad duais ar dhráma i gcomórtas a chuir an stáisiún ar siúl; Oíche thar oícheanta ba theideal dó. D’aistrigh sé leabhar dar teideal The life of St Elizabeth of Hungary ach níor foilsíodh é. Finscéal don aos óg atá gan foilsiú is ea Tomáisín agus Taidhgín (‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 16 Nollaig 1960).

Chuaigh sé ar ais sa Gharda Síochána 16 Feabhra 1950. Go hUachtar Ard a cuireadh é. D’fhan Cáit agus an leanbh ab óige sa Cheathrú Rua; bhí scoláireacht samhraidh i gceardscoil Ros Muc faighte ag Eoin. Cuireadh Muiris ar diúité sealadach i nGaillimh féin ar 21 Meitheamh. Ar an Domhnach 25 Meitheamh chuaigh sé ag snámh i gCnoc na Cathrach. Thug foshruth láidir amach rófhada é. D’éirigh leis teacht ar ais ach tháinig laige air gur thit sé agus gur plúchadh é i dtrí horlach uisce (Leoithne aniar, 1982). Tá sé curtha i mBarr an Doire sa Cheathrú Rua.

Drámadóir agus aisteoir ba ea a mhac Eoin (1935-1989). Cuntas ar a shaol atá sa cholún ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 16 Nollaig 1960. Sa Cheathrú Rua agus i dteach a aintín i Ros Comáin a tógadh é. Chaith sé ceithre bliana i gColáiste Éinne, Gaillimh, agus bliain i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí beartaithe aige dul le múinteoireacht ach d’éirigh sé as roimh chríochnú an chúrsa dó agus chaith ceithre bliana in Birmingham ag déanamh gach sórt oibre. In 1958, phós sé cailín as Inis Bearachain a tógadh i Meiriceá. D’fhill sé ar Éirinn in 1959. Bhí rólanna aige i léirithe a rinne Proinsias Mac Diarmada i Halla Damer agus chaith tamall ar fhoireann Amharclann na Mainistreach. Scríobh sé na sraitheanna drámata Colm i Sasana agus ansin Colm sa bhaile do Radio Éireann. Pearsa aitheanta i ndrámaí agus i gcláir teilifíse RTÉ i gcoitinne ba ea é. D’éag sé ar 28 Iúil 1989. Scríobh Proinsias Mac Aonghusa cuntas air in Anois 13 Lúnasa 1989.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú