File an Bháin Mhóir, Tuath Ó Siosta. Rugadh c.1867. Chaith tamall fada ag obair sna mianaigh in Butte, Montana. Bhuail slaghdán trom é tar éis dó oíche a chaitheamh ag iarraidh tine mhór a mhúchadh agus níor mhair ach bliain nó dhó. D’fhill sé ar Éirinn agus d’éag ar 18 Bealtaine 1910. Cuntas agus dánta in Diarmuid na Bolgaighe agus a chomhursain, 1937 le Seán Ó Súilleabháin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú