Ó SÚILLEABHÁIN, Seán (1882–1957)

Bhí pobal Gaelach beo bríomhar ag saothrú in Butte, Montana ag tús an fichiú céad, agus tá cuid mhaith dá bhuíochas ar Sheán Ó Súilleabháin as an scéal a bheith amhlaidh. Is i gCartlann Butte-Silver Bow, Montana, atá bailiúchán mhuintir Uí Shúilleabháin ar fáil.

Ar oileán Inis Fearn Ard a rugadh Seán ar an 31 Bealtaine 1882. Tá an inis suite ar an taobh thiar thuaidh de leithinis Bhéarra, Co. Chorcaí. Níl sí ach 1.94 ciliméadar ar a fhad agus 0.39 ciliméadar ar a leithead ach bhí sí sách fairsing gur chónaigh suas le daichead duine ann tráth. Ba é seanathair Sheáin, Sean-Mhícheál Ó Súilleabháin nó ‘Micil an Oileáin’, mar a ghlaotaí air, an chéad leanbh a rugadh in Inis Fearn Ard. Fear mór scéalaíochta a bhí ann. Phós Sean-Mhícheál Cáit 'the Clerk' Nic Cárthaigh ó Dhoire Mhór, Cill Chaitiairn, na hAoraí, Co. Chorcaí. Bhí seisear páistí acu, agus duine acu sin ab ea Dónall, ‘Dónaillín an Oileáin’, a rugadh i mí an Mhárta 1853. Shocraigh Dónall síos ar fheirm in Inis Fearn Ard agus phós Nóra Ní Mhurchú ó Chill Chaitiairn. Triúr buachaillí agus aon chailín amháin a saolaíodh dóibh. Ba é Seán againne an tríú duine díobh, an dara páiste ab óige.

Tugann Daonáireamh na hÉireann 1901 le fios gur fheirmeoir agus iascaire é Daniel (Dónall) agus gur iascairí iad na mic, Michael, Quinlan agus John (Seán) ag an am. Seachas an iníon, Mary, ní raibh ag an teaghlach ach Gaeilge, agus ní raibh scríbhneoireacht ná léitheoireacht acu. Beatha éilitheach a bhí ag muintir an oileáin agus chaith lucht na hinse faire amach dá chéile dá bharr. Ní foláir nó rachadh meon an chomhoibrithe i bhfeidhm ar Sheán agus é le feiceáil ina iompar agus ina ghníomhaíochtaí in Butte níos déanaí ina shaol. Bhí timpeallacht thraidisiúnta thart ar Sheán agus é ag fás aníos. Lucht rince agus ceoil ab ea na hoileánaigh. Ní hiontas gur thug an Súilleabhánach bua na hinste agus na hamhránaíochta leis óna sheanathair Micil an Oileáin. Níl aon fhaisnéis chruinn ar marthain mar gheall ar an oideachas a fuair Seán ‘Irish’ ach gur go dtí grád a hocht, i dtéarmaí Mheiriceá, is ea a lean a chuid scolaíochta, dar leis féin i gcuntas daonáirimh Mheiriceá ar ball.

Ar an drochuair, cosúil le hoileáin bheaga eile in Éirinn, d’fhág teaghlach i ndiaidh teaghlaigh Inis Fearn Ard. Sa deireadh, tugadh ar thuismitheoirí Sheáin Uí Shúilleabháin a mbaile a thréigean in 1923.

Faoi na 1880idí, ba bhaile mianadóireachta mór le rá é Butte agus an t-uafás post ar fáil ann d’oibrithe idir oilte agus neamhoilte. Ós rud é go raibh taithí ag muintir Bhéarra ar an mianadóireacht, bhailigh na daoine óga go Butte. Thug Seán aghaidh ar Mheiriceá in 1905 agus de réir pháipéir eadóirseachta Butte-Silver Bow Archives, bhain sé Nua-Eabhrac amach ar an 13 Bealtaine an bhliain úd. Bhí sé ar bord na loinge an Lucania. Ar aghaidh leis ansin go Butte chun bualadh lena dheartháir agus leis na hoileánaigh eile a bhí roimhe ann ag an am.

Ní deacair in aon chor a rá cén saghas é Seán. Fear mór oibre é, pé rud a chuireadh sé roimhe a dhéanamh. Chaith sé tamall ag mianadóireacht in Butte ar dtús ach ghoill sé air gur beag scolaíocht a cuireadh air. Mar sin, chuir sé roimhe cáilíocht innealtóireachta a bhaint amach. Bhíodh sé ag staidéar istoíche i leabharlann phoiblí Butte agus is dóigh gur timpeall an ama sin a thosaigh a spéis sa léann. Bhíodh sé ag bailiú leabhair acadúla, Gaeilge agus Béarla, sa stair, litríocht agus polaitíocht ó shin i leith agus d’fhág sé leabharlann shuntasach ina dhiaidh. D’oibrigh Seán mar innealtóir seasta sa Moonlight Mine. Bheadh tamall oibre aige leis an Anaconda Company go dtí gur tugadh bata agus bóthar dó. Bhí brat na Ríochta Aontaithe crochta os cionn an bhrait Mheiriceánaigh ag suíomh an chomhlachta sin, ach bhain an Súilleabhánach anuas é. Bhí Seán ina innealtóir san ospidéal in Butte chomh maith, agus chaith seal mar airíoch sa Butte Central High School. Phós Seán Josephine Murphy (1890–1966) in Butte. D’fhás sise aníos i gCathair Choinn, faoi scread asail d’Inis Fearn Ard. Bheadh cúigear páistí ag Seán agus Josephine, ach fuair beirt acu bás agus iad ina naíonáin. Mhair an triúr eile, Mary Veronica (1911–2005), Éamon de Valera (1919–66) agus John Patrick Sarsfield (1924–2010). D’éirigh le Seán an creideamh láidir a bhí aige a thabhairt dá chlann. Chuaigh a bheirt mhac Éamon agus Sarsfield le sagartacht, agus bhí a iníon, Veronica ina ball de na Daughters of Hibernia agus ina huachtarán deoise ar na Catholic Women.

Ba thírghráthóir, Caitliceach agus poblachtach é Seán Ó Súilleabháin agus é rannpháirteach i réimse fairsing eagraíochtaí Gaelacha agus polaitiúla in Butte. Cláraíodh an Súilleabhánach mar bhall de na hIbeirnigh, den Robert Emmet Literary Association agus de Chonradh na Gaeilge. Bhí sé ina chisteoir ag an American Association for the Recognition of the Irish Republic agus deirtear gur chaith sé seal ina uachtarán ar Sarsfield Social Club, eagras ní ba radacaí ná Clan na nGael. Léiríonn comhfhreagras Sheáin go raibh ról lárnach aige i mbailiú cistí do chúis Phoblacht na hÉireann. Mar thoradh ar a dhea-chlú, bhí sé de phribhléid aige an t-aitheasc fáiltithe Gaeilge a thabhairt nuair a tháinig Éamon de Valera go Butte ar an 7 Samhain 1919. Chuaigh focail Sheáin i bhfeidhm ar an aoi-chainteoir: ‘President de Valera feelingly responded in Gaelic, touching upon the magnificence of the sentiments expressed, and stated that it was the first illuminated address, in Gaelic, that he had received in America’ (O'Sullivan Collection).

Áitítear gur fhear léannta cruthaitheach é Seán Ó Súilleabháin a raibh eolas fairsing aige ar an nGaeilge agus ar an traidisiún. Bhí sé de nós ag comharsana leis, idir Éireannaigh agus Mheiriceánaigh, bualadh isteach chuig a theach i gcomhair siamsaíochta, comhluadair agus cainte. Deirtear gur mhúin Seán Gaeilge d’Éireannaigh in Butte agus baisteadh Seán ‘Irish’ Ó Súilleabháin air de bharr an dúil sa Ghaeilge a bhí aige (O’Sullivan Collection). Leid bhreise ar a ghrá dá thír gur chloígh seisean agus Gaeilgeoir eile, Séamus Ó Muircheartaigh (1877–1927), lena n-ainm Gaeilge. Níor athraíodh go Béarla iad le linn dóibh beirt a bheith i Meiriceá.

Ba Chonraitheoir gníomhach é Seán, rud a thugann Seán Ó Ceallaigh le fios tar éis dó teacht abhaile ó chamchuairt sna Stáit: ‘Seán Ua Suilleabháin, Gaedheal óg ó dhúthaigh Bhéara an té ba dhúthrachtaighe d’ar bhuail liom ’san chathair sin’ (Fáinne an Lae, 13 Márta 1926).

Luaitear i dtuairisc a bháis in The Southern Star an méid seo a leanas ar an Súilleabhánach: ‘Imbued with an intense love of his native land he was a noted Gaelic scholar and also wrote many patriotic verses. He taught two of his sons who became priests, the old language’ (The Southern Star, 27 Iúil 1957). De bharr na spéise aige i dtraidisiún na Gaeilge, chuir Seán cnuasach fairsing d’amhráin agus de dhánta Gaeilge le chéile agus é in Butte. Bhreac Ó Súilleabháin síos an chumadóireacht i leabhar nótaí s’aigese agus bhailigh sé amhráin ó nuachtáin Ghaelacha mar The Gaelic American, The Irish World agus An Phoblacht.

Chaith Seán seal ag smaoineamh agus ag cumadh as Gaeilge i gcéin agus i gcóngar agus tá dornán dánta tagtha anuas chugainn ó pheann an tSúilleabhánaigh féin. Aislingí polaitiúla cuid mhór acu ach chuir sé gnéithe dá eispéireas saoil féin sna Stáit i bhfoirm véarsaíochta chomh maith. Nuair a fuair de Valera amach gur fhile é an Súilleabhánach, agus thuig go raibh mianach ina shaothar, mhol sé dó a chuid dánta a chur isteach ar chomórtas Chraobh Uí Ghramhnaigh in San Francisco. Rinne Seán amhlaidh agus bhuaigh sé dhá bhonn óir agus bonn airgid dá shaothar. Níl aon amhras ach gur chaomhnaigh Seán oidhreacht thraidisiúnta Bhéarra nuair a shocraigh sé síos in Butte.

B’fhear ealaíonta é mac Sheáin, Éamon, agus bua na filíochta aige siúd, leis. Foilsíodh leabhar dá shaothar fileata, Poetry of Father Eamonn O Sullivan (O’Sullivan Collection). Is léir go ndeachaigh an tsuim a bhí ag Seán in amhráin thraidisiúnta i bhfeidhm ar a mhac. Rinne Éamon athscríobh ar roinnt déantús traidisiúnta ó Éirinn agus tá siad ar fáil sa leabhar filíochta céanna. Tá dornán aistriúchán ar dhánta Sheáin againn ann. Tháinig a mhac an tAthair Sarsfield agus a iníon Veronica go hÉirinn cúpla uair thar na blianta agus bhí clú ar Sarsfield mar scéalaí agus staraí. Ní haon ionadh gur ghlaoigh an béaloideasaí iomráiteach Wayland Debs Hand (1907–86), ‘Sean O Sullivan, dean of Butte’s Irish bards’ air.

D’éag Seán ar an 20 Meitheamh 1957. Tá sé curtha i Reilig na Croise Naofa, Butte, Montana.

Ciara Ryan