D’fhoilsigh Coiscéim Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin, 2000 in eagar ag Mairéad Ní Loingsigh; leis an tréimhse 1 Bealtaine—29 Samhain 1923 a bhaineann na hiontrálacha. Ba dheirfiúr í le Muiris Ó Súilleabháin. Brian Ó Ceallaigh a d’iarr uirthi an chín lae a scríobh. D’imigh sí go Springfield, Massachussets, sna 1920idí deireanacha; is ann a bhí a deirfiúr Máire agus is ann a d’éag sí. Tá an méid seo ag Mairéad Ní Loingsigh: ‘Deir sí féin insa chuntas ná braitheadh sí riamh ar a suaimhneas in aon áit eile ach age baile agus ná raibh aon namhaid aici ach an tarna hoíche a thabhairt in aon áit eile, dá mb’é Dún Chaoin féin é, mar go mbíodh sí marbh ag an uaigneas. Is deacair a shamhlú mar sin conas a dhéanfadh sí an bheart in aon chor istigh i gcathair mhór i Meirice, agus go deimhin féin, tá an chuma ar an scéal nár dhein.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú