Feirmeoir, file, amhránaí. I nDoire an Chuilinn, Cúil Aodha, a rugadh é in 1882. An mac is óige ag Eoghan Ó Súilleabháin (‘Eoghan a’ Bhab’) agus Babaí Ní Chonaill. Ar scoil i mBarr d’Inse. Máire ab ainm dá bhean—d’éag sí ar 27 Iúil 1969 . Cúpla dán leis in Nuafhilí a Dó 1953-1963, 1968. ‘Táimse agus Máire’ an t-amhrán is cáiliúla dá chuid. D’éag ar 30 Márta 1968.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú