Ó SÚILLEABHÁIN, Donncha (1913–1989)
Le caoinchead ó Bhríd Dukes

B’fhéidir a rá gurbh é is mó a chaith dúthracht le taighde a dhéanamh ar stair Chonradh na Gaeilge. Tá eolas ina thaobh: in Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973; ag Proinsias Mac Aonghusa in Gaillimh agus aistí eile, 1983 agus in Ar son na Gaeilge, Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993; in Feasta, Meitheamh 1955 (i gcló freisin in Cuimhní Cinn ar an Oireachtas, 1997 in eagar ag Seán Mac Mathúna). I gCom Earcáin, An Gleann Garbh, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 22 Deireadh Fómhair 1913. Ba é an chéad duine clainne é ag Dónall Ó Súilleabháin agus Mairéad Ní Chonchúir. Col cúigir leis ba ea Dónall Ó Conchubhair. ‘Ba í an Ghaeilge a chéad teanga óir ní raibh ach Gaeilge ag a sheanmháthair a mhair go raibh sé ocht mbliana d’aois. Tá an Ghaeilge ar a toil ag a mháthair. Bhí sí féin agus a muintir gníomhach i gConradh na Gaeilge i gceantar Neidín i dtosach na haoise seo’ (Feasta). D’fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta an Ghleanna Ghairbh agus ba é Pádraig Ó Séaghdha (‘Gruagach an Tobair’) an múinteoir a bhí aige. As sin chuaigh sé go Coláiste na gCaipisíneach i mBaile an Róistigh. Thosaigh sé ar chúrsa ealaíon i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Bhuaigh sé duais Mhichíl Uí Longáin ar ghearrscéal sa chéad bhliain dó ach d’fhág an coláiste gan céim a bhaint amach. Chuaigh sé go Londain agus bhain amach dioplóma sa taistealaíocht tráchtála in Wallace Attwood College. Bhí sé ag obair mar thaistealaí ar feadh 1936-40. Bhí sé ina bhall d’Ard-Choiste an Chonartha i Londain agus bhunaigh sé craobh in Barking, Essex.

Nuair a bhris an dara Cogadh Domhanda amach ní raibh sé sásta liostáil san arm agus b’éigean dó filleadh ar Éirinn. Fostaíodh mar choimeádaí i bPríosún Moinseó é. Tar éis tamaill cháiligh sé mar thimire Gaeilge. Bhain sé BA agus B.Comm amach freisin. Bhí sé sa láthair i 1940 ag bunú Chraobh na hAiséirí agus ceapadh é ar chomhairle na craoibhe an bhliain dár gcionn; chaith sé tamall ag obair go lánaimseartha don chraobh. An chraobh sin a d’fhoilsigh a phaimfléad Liam Ó Maolruanaidh, 1941. Deir Proinsias Mac Aonghusa: ‘Bhí Donncha Ó Súilleabháin ina measc siúd a d’éirigh imníoch faoin gCeannaire [Ó Cuinneagáin q.v.] agus a d’imigh’ (‘Aiséirí Faisisteach na Gaeilge’ in An Aimsir Óg, 2000). Bhí sé ar bhunaitheoirí na hirise An Glór i 1941 agus ina bhainisteoir ar an iris sin ar feadh dhá bhliain; faoin ainm cleite ‘Amadán na Ceachan’ bhí colún aige ann ar feadh roinnt bliana. Bhí sé ina mhúinteoir gairmoideachais i mBaile Átha Cliath 1943-55. Bhí sé ar Choiste Gnó an Chonartha sna 1940idí agus ar choiste an Oireachtais sna 1950idí. I 1955 ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge agus ina rúnaí ar Oireachtas na Gaeilge. Bhí sé ina Stiúrthóir ar an gConradh agus ina Rúnaí ag an Oireachtas ó 1969 gur éirigh sé as obair i 1979. D’fheidhmigh sé mar Ard-Rúnaí Gníomhach ar feadh tamaill de 1985 nuair a bhain timpiste don Ard-Rúnaí Seán Mac Mathúna. Bhí sé ina Uachtarán ar an Oireachtas i 1988. Bronnadh Gradam an Phiarsaigh air i 1981.

‘Ní gan chúis a thugaimíd Donncha uasal air, mar gan amhras ar bith bhí sé uasal go smior na gcnámh. Éinne a raibh aon phlé ná déileáil leis agus é ag obair go díograiseach i ngluaiseacht na Gaeilge, ní fhéadfadh sé a mhalairt a rá .... Cé go raibh aithne go forleathan air mar Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge chuir pobal i bhfad níos leithne aithne air mar Rúnaí ar an Oireachtas, go háirithe nuair a bogadh imeachtaí an Oireachtais amach faoin tír, mar ansin bhí sé ag déileáil le coistí áitiúla ar fud na tíre. Sa tréimhse fiche cúig bliain sin ag obair don Oireachtas dó, chuir sé stró nach beag air féin ar mhaithe le Gaeil’ (eagarfhocal Feasta, Iúil 1989).

Bhí rí-spéis aige sa drámaíocht. Bhí sé ar bhunaitheoirí na Comhairle Náisiúnta Drámaíochta agus ina rúnaí air. Bhí sé ina leaschathaoirleach ag an gCumann Scoildrámaíochta agus ar choiste an International Theatre Institute. Léirigh sé agus d’aistrigh sé drámaí. Bhíodh rang drámaíochta aige in Ard-Scoil na Tráchtála, Ráth Maonais, ar feadh seacht mbliana. Bhí sé ar Choiste Fheis an Athar Maitiú agus ina ionadaí ó cheardscoileanna na cathrach ag Feis Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ina bhall de Choimisiún na Teilifíse 1958/9 agus ina bhall den Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge 1958-63. Bhí baint aige le bunú Na Teaghlaigh Gaelacha agus le Bord na Leabhar Gaeilge. Ba bhall de chomhairle an Chumainn Náisiúnta Cuireadóireachta agus Tionscail é. Deir Mac Aonghusa: ‘Ní hamháin gur oibrí dílis a bhí ann mar riarthóir ach d’éirigh leis cuid shuntasach de scéal an Chonartha a chuir ar phár i leabhair faoi Chraobh Londan, faoin bPiarsach, faoin Oireachtas, faoi fheachtais oideachais an Chonartha agus faoi Thimirí an Chonartha. Ba mhaith ann a chuid taighde agus an leabhar seo á scríobh’ (Ar son na Gaeilge. Conradh na Gaeilge 1893-1993). Scríobh sé An Piarsach agus Conradh na Gaeilge, 1981; Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984; An Cumann Scoildrámaíochta 1934-1984, 1986; Cath na Gaeilge sa chóras oideachais 1893-1911, 1988; Conradh na Gaeilge i Londain 1894-1917, 1989 agus Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990. Bhí sé ina eagarthóir ar an mbliainiris Éire, 1944/45. Foilsíodh gearrscéalta agus aistí dá chuid in Feasta. D’éag sé 16 Meitheamh 1989 agus é ar saoire sa Phortaingéil. Bhí sé pósta ar Bhríd Áine Nic Gabhann, banaltra as Co. Shligigh a casadh air i gConradh na Gaeilge i Londain agus bhí beirt iníonacha acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú