Bhí ról tábhachtach i gConradh na Gaeilge ag Múscraí sna blianta tosaigh agus ba í seo an Conraitheoir ba mhó cáil sa phríomhbhaile féin, Maigh Chromtha. In Fé bhrat an Chonnartha, 1944 scríobh Peadar Ó hAnnracháin: ‘Áine Ní Raghallaigh an príomh-Ghael a bhí ann ó chuireas aithne ar mhuintir na háite. Ní raibh a sárú le fáil in aon bhaile, agus ba chreidiúint don bhaile sin í. A deirfiúrsan, Mairéad, a bhí i mBaile Átha Cliath, faoi ndeara leabhair an Athar Peadar Ó Laoghaire a bheith i gcló dúinn’. In 1895 rinne deoraithe ó Mhaigh Chromtha i Norwood Mass. liosta (i seilbh Sheáin Uí Eichtigheirn, iarmhúinteoir a rugadh ar an mbaile agus a chónaigh riamh ann) de mhuintir an bhaile sin tuairim 1879, sráid ar shráid, agus ainmneacha na leanaí leo a bhí ag freastal na scoile nuair a bhí siad féin, na himircigh seo, ar scoil. Rinneadh eagarthóireacht ar an ‘daonáireamh’ seo nuair a shroich sé Maigh Chromtha. Ní gnách ainmneacha na dtuismitheoirí sa liosta (eolas ó Dhonncha Ó Luasaigh, Béal Átha an Ghaorthaidh). Ar Bhóthar Mount Massey tá liostaithe ann Sgt Rielly, an Chonstáblacht Ríoga, a bhean, agus John, Julia, Annie agus Maggie. I nDaonáireamh 1901 ar Bhóthar Mount Massey bhí ina gcónaí Máire, baintreach, siopadóir, ceann an teaghlaigh, aois 71, a rugadh i gContae Chorcaí; Síle (32), iníon neamhphósta, cúntóir siopa, a rugadh i gContae Thiobraid Árann; Áine (28), iníon neamhphósta a rugadh i gContae Thiobraid Árann; Seán (25), mac, cléireach poist a rugadh i gContae Chorcaí; Máire Ní Iarlaithe (13), gariníon a rugadh i gContae Chorcaí. Bhí an fhoirm líonta i nGaeilge ag an máthair. I mBéarla a líonadh foirm Dhaonáireamh 1911. Ba í Annie O’ Reilly (42), siopadóir agus tábhairneoir, ceann an teaghlaigh anois. Sa teach freisin bhí: Julia (46), deirfiúr, cúntóir siopa; John (37).

Rugadh Anne Reilly áirithe ar 26 Meán Fómhair 1868 sa Bháinseach, Co. Thiobraid Árann. Ba é William Reilly, ceannchonstábla (‘The Bansha Peeler’!), an t-athair, agus ba í Mary Anne Coakley an mháthair. Rugadh a deirfiúr Julia sa Bháinseach ar 18 Feabhra1864. Bheadh aois na beirte sin ag teacht beagnach go hiomlán le haois na ndeirfiúracha Uí Raghallaigh i 1911. Gan amhras d’insítí bréaga beaga go minic faoi aois dhaoine sa dhaonáireamh, mar is léir ach sonraí aoise theaglach Uí Raghallaigh sa dá Dhaonáireamh a chur i gcomparáid le chéile. Factanna atá ag réiteach le chéile, áfach, is ea ceird an athar, contae breithe na ndeirfiúracha, agus ainm baiste na máthar. Tá a fhios againn gur dheirfiúr dóibh an Mairéad Ní Raghallaigh a bhunaigh Comhlacht na Leabhar Gaeilge le Norma Borthwick agus féach gur luadh Maggie mar ghasúr scoile in áireamh 1879. In ainneoin contrárthachtaí agus bréaga—nó botúin, b’fhéidir—caithfidh sé gurbh aon duine amháin Áine na Báinsí agus Áine Mhaigh Chromtha.

I Maigh Chromtha in 1898 bhuaigh sí duais ag an gcéad fheis a bhí riamh in Éirinn, ach an Fheis Cheoil a fhágáil as an áireamh. In Fáinne an Lae 26 Samhain 1898 rinneadh tagairt don duais: ‘A grand reunion took place on last Sunday evening when the students of both the male and female classes were entertained at a well-considered and well-regulated feast provided at the expense of Miss A. O’Reilly and Messrs G. Shorten and J[ohn] O’Leary all of whom were money prize winners at the Feis held in Macroom at the end of last March but who refused to accept the same and tendered them to the local committee to provide an evening’s entertainment for the young people at some future date.’ Áine a bhí i gceannas ar Choiste na mBan agus a bhí ag stiúradh na gcailíní scoile ag canadh na gcurfánna Gaeilge ag an gcóisir sin.

In Fáinne an Lae 17 Meán Fómhair 1898 tuairiscíodh: ‘Miss O’Reilly detailed her experiences as a travelling teacher in West Cork’. Is beag má bhí caint ar bith ar mhúinteoirí taistil in 1898 ach féach gurbh í Mairéad, deirfiúr Áine, agus a cara Norma a mhol rún ag Comhdháil Chonradh na Gaeilge ar 25 Bealtaine 1898 go gcuirfeadh an t-eagras timirí agus múinteoirí taistil ag obair a luaithe a bheadh caoi aige sin a dhéanamh (Na timirí i ré tosaigh an Chonartha, 1990 le Donncha Ó Súilleabháin). Tá tuairisc sin Fáinne an Lae sin ag teacht le rud a scríobh Domhnall Bán Ó Céileachair in Scéal mo bheatha, 1940. ‘Is í an chéad duine den tsord san a ghaibh chughainn Áine Ní Raghallaigh ó Mhaigh Chromtha. Do chuir sí ionadh mór orainn an chéad uair a ghaibh sí chughainn. Bhí sí ar muin rothair agus í ag stealladh Gaolainne le gach aon duine a bhíodh ina radharc. Níor aithin éinne í an chéad uair a ghaibh sí an bóthar; ach do fuaireadar amach cérbh í féin agus do ghaibh sí chughainn arís agus arís eile agus is gearr go raibh aithne ag óg agus aosta uirthi, iad go léir ullamh chun Gaolainn a labhairt léi agus meas mór acu uirthi. Do théadh sí isteach sna tithe ag caint nuair a chuir sí aithne ar na daoine. Is minic a tháinig sí isteach chughainn chun bheith ag caint lem’ mháthair agus ní miste dhuit a rá go raibh meas mór ag mo mháthair uirthi i dtaobh a cuid Gaolainne’.

Bhuaigh sí an dara duais sa chomórtas amhránaíochta ag Oireachtas 1899 (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin). In An Claidheamh Soluis 8 Aibreán 1899 bhí litir bharrúil aici i dtaobh fhianaise Robert Atkinson ag an gCoimisiún um Oideachas Meánach. ‘I was so much touched by the pathetic fact of his having lived 15 years in Ireland without making the acquaintance of duileasc, that on April 1st (!) I sent him a sample to taste, suggesting that he should pin a bit of sea-weed into the Irish dictionary he is compiling, as it would be a great pity to leave a blank opposite the word which he finds himself unable to translate’. Tuairiscíodh an tseachtain dár gcionn gur bhuaigh sí an chéad duais ag Feis Mhaigh Chromtha agus ar 8 Meitheamh gur fhreastail sí ar choiste an Oireachtais thar ceann Bhaile Bhuirne. In éineacht leis an Dr Dónall Ó Loingsigh bhí sí ina teachta chun na hArd-Fheise thar ceann Chraobh Bhaile Bhuirne. Tuairiscíodh 19 Lúnasa go raibh sí ag stiúradh cór na gcailíní agus na mbuachaillí ag an bhfáilte a cuireadh i Maigh Chromtha roimh Bhean Warren ó Mheiriceá. Bhí sí i measc na múinteoirí ar gabhadh buíochas leo ag cruinniú bliantúil chraobh an bhaile (An Claidheamh Soluis 18 Samhain 1899); is cosúil gurbh í is mó a mhúineadh amhráin sa chraobh sin (idem 2 Feabhra 1901). Bhí sí féin agus Julia (Síle) sa láthair thar ceann Mhaigh Chromtha nuair a bunaíodh craobhacha i gCluain Droichead (16 Nollaig 1899) agus i gCeannmhaigh (21 Iúil 1900). Faoi 3 Samhain 1900 bhí sí ina leasrúnaí ag an gcraobh. B’fhéidir gurbh ise an ‘Miss A. O’Reilly’ a bhí ag múineadh Gaeilge i gClochar na Trócaire i gCaiseal Mumhan (idem 9 Samhain 1901).

Bunaíodh Coláiste na Mumhan i 1904 agus ceapadh Áine ina hollamh le hamhránaíocht i 1905. Ní bheadh an oiread sin tagairtí feasta di sna hirisí. Sholáthair sí amhrán in Irisleabhar na Gaedhilge, Meán Fómhair 1904. Bíonn tagairtí di anseo is ansiúd ag an Athair Pádraig Breathnach ina chuid amhránleabhar; is léir orthu go raibh sí in ann ceol a bhreacadh síos dó. Deir sé i réamhrá Ceol ár Sinsear, [1922]: ‘As to the music I wish to say that Áine Ní Raghallaigh deserves the principal share of the credit for rescuing from oblivion the lovely airs contained in this book’. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 19 Feabhra 1916 gur thairg sí £10 a thabhairt do ghluaiseacht an Chonartha sa Ghaeltacht ach go ndéanfadh daoine eile £100 a thairiscint. Ainmníodh í don Choiste Gnó an bhliain dár gcionn (idem 4 Lúnasa 1917) ach níor toghadh í. Bhí sí i measc na moltóirí ar an amhránaíocht ag Feis Bhaile Bhuirne (idem 1 Meán Fómhair 1917). Bhí sí ina cisteoir ag coiste ceantair Mhaigh Chromtha (idem 27 Aibreán 1918).

In Beatha dhuine a thoil, 1950 luann Gearóid Ó Nualláin í: ‘Áine Ní Raghallaigh bhocht, agus í crapaithe ag na dathachaibh leis na ciantaibh !’. B’fhéidir gur tuairim 1934-1937 a scríobh an tAthair Ó Nualláin sin—ainmníonn sé Tomás Ó Máille ina ollamh i nGaillimh cé go bhfuair seisean bás i 1938. Bhí daoine ina mbeatha i 1994 i Maigh Chromtha ar chuimhin leo airtríteas a bheith uirthi. Ó 1925 ar aghaidh ba é a gcuimhne go raibh ceadúnas ag na deirfiúracha ó Mhuintir Brún agus Ó Nualláin a gcuid cóipleabhar agus léitheoirí agus eile a dhíol sa teach tábhairne. Síleadh go raibh siad imithe as Maigh Chromtha faoi 1940. Chuartaigh údair an chuntais seo leathdhosaen reilig sa cheantar ach níor aimsigh uaigh na Raghallach.

D’éag Annie O’Reilly áirithe, bean singil agus bean tí, ar 16 Samhain 1942 in Oispidéal Bon Secours i gCorcaigh in aois 72 di. Bhí cónaí uirthi ag 2 Cedar Grove, Bóthar an Ghlaisín. Níl aon fhianaise i bpáipéir Chorcaí gurbh í Áine Choláiste na Mumhan í. Ar mhaithe leis an gcuntas seo thug Pádraig Hamilton cuairt ar Chlárlann Reilig Naomh Fionnbharra i mBóthar an Ghlaisín agus fuair taifeadtha ann gur i dTiobraid Árann a rugadh an Annie a cuireadh 17 Samhain 1942 agus gur Kath. Herlihy a dheimhnigh sonraí an mhairbh. Bheadh Annie s’againne 74 i 1942 ach is minic go mbíonn an aois go míchruinn i dteastais báis. B’fhéidir gur leor de dheimhniú gurbh í Áine Mhaigh Chromtha í gurbh i gContae Thiobraid Árann a rugadh í agus gur dhuine de mhuintir Iarlaithe a shínigh an rolla. Bhí deirfiúr le hÁine s’againne pósta ar fhear den sloinne sin, mar is léir ar Dhaonáireamh 1901. I gceantar Bhaile Bhuirne a bhí taoisigh dheireanacha mhuintir Iarlaithe ina gcónaí agus maireann traidisiún ann go raibh duine a shíolraigh uathu, Tomás Óg, aturnae sa Mheal Theas, Corcaigh, pósta ar Raghallach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú