I Sráid an Ché sna Sceirí i gContae Bhaile Átha Cliath a rugadh é ar 17 Nollaig 1888. Michael Reilly, mairnéalach, agus Mary Owens a thuismitheoirí. Bhí siad imithe ón seoladh sin faoi Dhaonáireamh 1901. Bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ó 1908 go 1910 agus bhí ina oide sa scoil náisiúnta ann ó 1910 go 1922. Bhí teastas múinteora faighte aige i gColáiste Laighean (An Claidheamh Soluis 27 Nollaig 1913). Ó 1913 go 1919 bhí sé ina ollamh i gColáiste Chloich Chionnfhaolaidh agus ina ollamh i gColáiste Laighean ar feadh 1913-21. Ghlac sé a chéad ranganna Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1919 agus thosaigh go lánaimseartha mar Ollamh le Gaeilge ann i Meán Fómhair 1922. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ó 1926 go 1931. Thar ceann an Chonartha bhí sé ina bhall de Choiste Comhairleach an Chraolacháin (An Claidheamh Soluis 24 Eanáir 1931). Scríobh sé School terms and orders, 1922; Foghraidheacht na Gaeilge, 1924; Teacht aniar: an ceathramhadh leabhar Gaeilge, c.1924; Litiridheacht na Gaeilge, 1929; An léirmheastóir, 1931, chomh maith le scata de leabhairíní scoile.

D’éirigh sé as a phost i gColáiste Phádraig 31 Lúnasa 1954. D’éag sé ar 24 Nollaig 1966. Ag ‘Comeragh’, 68 Bóthar Í, Glas Naíon, a bhí cónaí air ag an am. Neillí ab ainm dá bhean chéile. Cuireadh i nGlas Naíon é ar 28 Nollaig. Bhí sé tamall ina Ard-Ridire i gCumann Naomh Columbanus agus bhí baint aige leis an mBiúró Leasa Shóisialaigh Caitliceach. Bhí sé ina bhall de bhord Ospidéal Shráid Hume.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú