‘Maolmhuire’ a roghnaigh sé dá chóineartú. Ag cuimhneamh a bhí sé ar Mhaolmhuire Fhiodh an Átha (‘The Slasher’). B’as Droichead Uí Dhálaigh sa Chabhán dá shinsir ach theith siad go Cluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo, i ndiaidh Chath Bhéal Átha na Muice. Ar 10 Eanáir 1864 a baisteadh Seán; Austin (nó Affie) O’Reilly, feirmeoir i Sreabh, Cluain Cearbán, agus Bridget Gibbons a thuismitheoirí. Bhí triúr mac eile agus iníon amháin acu. Is cosúil gur le Gaeilge a tógadh Seán.

Chaith sé tamaill i gColáiste Iarlatha agus i gColáiste na Carraige Duibhe roimh dhul go Maigh Nuad in 1881. Tháinig Eoghan Ó Gramhnaigh ann an bhliain dár gcionn agus tá cuntas inspéise ó Pheadar Mac Conchearca (Yorke) (1864–1925) ar an gcaidreamh a bhí eatarthu: ‘During that first winter my recollection of O’Growney is that he was studying Irish. I think it was the year the Gaelic Journal was published. In the Tuam ‘batch’ John O’Reilly was an enthusiast. I remember at that time he was compiling an Irish dictionary. After a great deal of red tape we got permission to subscribe for the Gaelic Journal. I remember O’Growney was very keen after O’Reilly because of the excellence of his Gaelic’ (Leabhar an Athar Eoghan).

Ní i Maigh Nuad ach i gCluain Life a oirníodh Seán in 1888. Titim amach lena ardeaspag, Mac an Mhílidh, faoi deara an t-aistriú. B’as Cluain Cearbán do Mhac an Mhílidh. Ba namhaid é ag éinne a bhí cairdiúil le Seán Mac Héil. ‘Tréadaí agus treoraí an Iarthair’ a thug Seán ar Mhac Héil. Meastar gur rud éigin a scríobh Seán chuig nia Mhic an Mhílidh ba chúis leis an titim amach. Tá fianaise go leor ann gurbh eol don ardeaspag conas a fhearg a agairt ar shagairt ina dheoise.

An tEaspag Ó Móráin a shocraigh gur i gCluain Life a oirneofaí Seán agus chaith Seán ocht mbliana ina rúnaí aige i Sydney na hAstráile mar a raibh Ó Móráin ina chairdinéal. Chuir sé cúpla aiste abhaile chuig Ó Gramhnaigh le cur i gcló san Irisleabhar. Ag deireadh na tréimhse, comhairlíodh dó filleadh abhaile ar mhaithe lena shláinte. Bhí sé tamall fada gan aon phost aige go dtí go ndeachaigh paróisteánaigh Chluain Cearbán chuig Mac an Mhílidh ag impí air post a thabhairt dó. I ‘stáisiúin phíonóis’, baill a raibh meas na hiargúltachta orthu (‘Siberias’ a thugadh Seán orthu), a chaithfeadh sé a shaol feasta... Acaill, Achadh Mór, Baile Liam, Móin Mheá, Tuar Mhic Éadaigh, Gleann na Madadh, Cliara, Béacán. Béacán an t-aon áit amháin díobhsan a bhí teorantach leis an tsibhialtacht—bhí stáisiún traenach ann. Ní raibh sé i ndán dó riamh paróiste dá chuid féin bheith aige. B’eisean an sagart cúnta a chuir na líomhaintí i leith an Athar Walter Conway in eaglais Ghleann na Madadh.

Bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge agus in 1901 d’fhoilsigh siad paimfléad leis, The Threatening Metempsychosis of a Nation. Nuair a tugadh corp Eoghain Uí Ghramhnaigh abhaile go hÉirinn i Meán Fómhair 1903, iarradh ar Sheán an t-aitheasc a thabhairt os cionn na cónra. Píosa breá fuinniúil cainte é a mhair 29 nóiméad. Ní hí an chuid is lú spéis an díbliú a thug sé do Mhaigh Nuad agus na tagairtí do ‘fhir na nduaiseanna’ fiche bliain roimhe sin. Is deacair gan a mheas gur do na heaspaig agus gach duine den chléir a fuair céim suas sa saol an tarcaisne ar fad. Agus b’fhurasta a shamhlú gur dó féin an tagairt seo: ‘Ach fós dá gcreidtí nó dá n-aithnítí gur fear mórthuisceanach nó fear ba mhór oideachas nó eolas an Gaeilgeoir, ba chuma sin agus cáil na Gaeilge a bheith air. Chaithfeadh sé go raibh rud éigin bun os cionn leis, chaithfeadh sé go raibh snaidhm nó cor nó casadh éigin ina cháilíocht, chaithfeadh sé gurbh aduain an duine é agus spéis a chur i ní chomh suarach, díomhaoin, iargúltach leis an nGaeilge. I gcruth is go mbeadh an dá thrá caillte ag an Gaeilgeoir. Chaillfeadh sé húrla agus ní bheadh hárla aige dá bharr. Mhillfeadh cáil na Gaeilge an chuid eile dá chlú ar fad. Dá mba daoi glan dearg a bhí ann, ach gan Gaeilge a bheith aige, bheadh sé ceart go leor, nó, ar a laighead, do rachadh as ó cháil amadáin; ach dá mbeadh iomlán an eolais aige, agus ainm na Gaeilge a bheith air, ba leor sin leis an iomlán a mhilleadh’. Cibé rud a d’éirigh dó i Maigh Nuad fadó, is léir go raibh sé éirithe an-searbh faoi 1903.

Ní raibh an misneach caillte aige go fóill. Leabhar amháin leis is ea The trusty vehicle of the Gael [i.e. The Irish language] (1902). In 1909, chuir sé isteach ar phost ollamh na Gaeilge i nGaillimh. Ba thaca lena iarratas leabhrán eile leis a d’fhoilsigh Muintir na Leabhar Gaedhilge in 1905, Curadh glas an eolais, scéal a scríobh sé síos ó sheanduine ina cheantar féin, Tom Bhid nó Tom a ’Droichid. Ach ní bhfuair sé an post. Ní raibh aon chéim ollscoile aige. In 1909 a foilsíodh an leabhar ba mhó a tharraing aird an phobail air: The native speaker examined home: two stalking fallacies anatomized (1909). Chuir muintir Mhic Ghoill an dara heagrán amach in 1925. Ba iad an dá earráid a bhí i gceist: gurbh fhéidir canúin liteartha a bhunú ar chaint na ndaoine; nach raibh faí chéasta sa Ghaeilge. Leis an Ath. Peadar Ó Laoghaire agus a bhriathar saor atá an lá i ndeireadh thiar, ar ndóigh. Tá seirbhe le brath in abairt dheireanach an leabhair agus é ag tagairt do leithéidí an Athar Peadar agus Sheáin P. Mhic Énrí: ‘Suppose the name of the author of this book had been proposed ... for a chair anywhere: These and their ilk would be the men—the obvious men—to be consulted as to his abilities and fitness for the post: Who that reads the book ... can believe that there would be one solitary exception to their unanimity in returning his name with a vengeance NON-IDONEUS!’

Níl amhras ach gurbh fhear cliste é. Chreid a chairde gur ‘ghinias’ é. Cibé botún a rinne sé i dtús a shaoil, má rinne, nó cibé máchail a bhí ar a phearsantacht nó cibé seirbhe a bhí ann, bhain an saol díoltas amach ar bhealach neamhthrócaireach. Níor tugadh deis dó chun a thréithe dúchais a fhorbairt agus a chur chun tairbhe. D’éag sé ar 23 Lúnasa 1941. Tá alt spéisiúil ar a bheatha in An Coinneal (Nollaig 1977), iris pharóiste Chluain Cearbán.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú