Tá cuntais ar shaothar an scríobhaí seo ag Pádraig Ó Fiannachta in Dál gCais 1984 (‘The Poem Book of Clare’) agus in Léas ar ár Litríocht, 1974, agus ag Eilís Ní Dheá in Old Limerick Journal, 1992 (‘Micheál Ó Raghallaigh: scríobhaí ó Inis Díomáin’). Luann Brian Ó Dálaigh é ina aiste, ‘“Poet of a Single Poem”, Brian Merriman (c.1749–1805)’ (County Clare Studies: Essays in Memory of Gerald O’Connell, Seán Ó Murchadha, Thomas Coffey and Pat Flynn, 2000), in eagar ag Ciarán Ó Murchadha. Deir sé gurbh ó bhéal Uí Raghallaigh a scríobh Philip Barron síos in 1836 an chéad chuntas ar Bhrian Merriman. Tá an cuntas sin bunaithe ar eolas a thug Antoine Ó hÍomhair dó; bhí Ó hÍomhair gaolmhar le Merriman. Níl d’eolas ar chúrsaí a shaoil ach gur cheardaí in Inis Díomáin é, gur thosaigh sé ar obair an scríobhaí in 1810 agus gur lean air go 1853, i measc a chairde go raibh Séamus Mac Cruitín agus Micheál Ó hAnnracháin, go bhfuair sé bás go timpisteach de dheasca nimhe, agus go bhfuil a maireann dá dhéantús, 13 lámhscríbhinn, i Maigh Nuad agus in Acadamh Ríoga na hÉireann. Molann an bheirt údar go háirithe an lámhscríbhinn Renehan 69 i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, a scríobh sé d’fhear in Inis Díomáin, Micheál Ó Maoldomhnaigh. Is uirthi sin a bhaisteann Ó Fiannachta ‘The Poem Book of Clare’ agus deir ina taobh: ‘Tá duanairí breátha d’fhilíocht an Chláir agus Tuamhain i Má Nuad. R69 an ceann is iontaí díobh go léir.’ Agus deir sé: ‘Bailitheoir iontach ab ea Micheál.’ Is é a deir Ní Dheá faoin scríobhaí seo: ‘Dob é siúd leis a d’fhág againn na bailiúcháin is fearr d’fhilíocht an Chláir ón 18ú agus ón 19ú haois.’ Sa réamhrá a chuir sé lena dhuanaire (i gcló ag Ó Fiannachta in Léas ar ár Litríocht, ‘ós rud é gur léas chomh geal é ar shaol chultúrtha an Chláir i mblianta duairce na linne’) tugann sé eolas ar fhilí an Chláir san 18ú haois: Aindrias Mac Cruitín, Aodh Buí Mac Cruitín, Micheál Ó Coimín, agus Seán Ó hUaithnín. Ó 1827 go 1846 bhí sé ag bailiú a bhfuil sa duanaire. Lámhscríbhinn iomráiteach eile dá dhéantús is ea Renehan 70, bailiúchán de scéalta agus d’ábhar ginealais agus staire; is ann, a deir Ó Fiannachta in Dál gCais, atá an sampla is luaithe de scéal laochais a breacadh síos ó bhéal duine. Scríobhadh sé rannta ach is mó an díol airde na colafain a chuireadh sé ina lámhscríbhinní; deir Ní Dheá fúthu: ‘Ba é a bhreac na colafain is fearr agus na nótaí is deise dá bhfuil le fáil ar lámhscríbhinní an Chláir.’ Deir sí freisin go raibh i bhfad Éireann níos mó lámhscríbhinní breactha aige, ní foláir, ach nach bhfuil tuairisc orthu anois. B’fhiú le Seán de Fréine sliocht as ar scríobh sé a chur i gcló in Croí Cine, 1990: ‘A léitheoir ionúin, ná tabhair aithis ná milleán orm trí olcas an scríbhinn atá sa leabhar seo. Óir is fear ceirde mé, agus is in aimsir dhíomhaoin a rinne mé an cnuasach seo. Dá bhrí sin, ní féidir leis a bheith chomh slachtmhar le scríbhinn a dhéanfadh fíorchléireach. Ach thairis sin, an tan a chonacthas dom nach raibh aon duine de lucht mo chomhaimsire ag cnuasach a bheag de shaothar ár bhfilí, mheas mé gan iad uile a ligean ar fán. Ach is beag an tairbhe iad a chosaint, óir is náireach lenár n-aos óg teanga a sinsear a fhoghluim.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú