Ó RAGHALLAIGH, Pádraic (1924–1999)
Le caoinchead ó Pegg Monahan

Bhí aird ar leith air mar phearsa raidió agus teilifíse mar gheall ar fheabhas a ghutha agus a urlabhraíochta. Scríobhadh in The Irish Times 3 Bealtaine 1972: ‘Meastar coitianta gurb é guth an Raghallaigh an guth is breátha dar chualathas ó Radio Éireann riamh’ (i gcló ag Risteárd Ó Glaisne in Raidió na Gaeltachta, 1982). Cuimhnítear go háirithe ar an tráchtaireacht a dhéanadh sé ar scannáin nuachta Ghael Linn a bhíodh le feiceáil i ngach cineama sa tír ar feadh tamaill de bhlianta agus ar a mórscannáin staire. Ina shaothar raidió agus teilifíse ba léir don phobal go raibh eolas domhain aige ar Éirinn. Bronnadh ceann de Dhuaiseanna Jacob air. Ba é an chéad Cheannaire é ar Raidió na Gaeltachta. Tá beagán eolais ar chúrsa a bheatha in Who’s who, what’s what and where in Ireland 1973. I nGaillimh a rugadh é (Pádraic Gearóid) ar 12 Aibreán 1924. Ba é Tomás Ó Raghallaigh, a bhí ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh ina dhiaidh sin, a athair agus ba í Máire Sinéad Ní Challanáin a mháthair; bhí siad beirt ag múineadh in Acaill agus pósadh ansin iad. Ba é Pádraic an duine ab óige den chúigear clann a bhí acu. Bhí Máire Sinéad ag múineadh ar feadh 35 bliana i Scoil Náisiúnta an Chladaigh i gcathair na Gaillimhe agus is ann a bhí Pádraic ar scoil ar dtús; ceantar bocht ba ea é agus thosaíodh an mháthair go luath gach maidin chun go mbeadh an tine coigilte agus cócó te ullamh do na leanaí ocracha. Chaith Pádraic tamall i Scoil Bhráithre Phádraig agus as sin chuaigh go Coláiste Iognáid. Mhairfeadh meas aige ar na hÍosánaigh ar feadh a shaoil. Bhronn Craobh an Iarthair de Chumann Drámaíochta na Scol bonn air i 1941 agus bhí deis aige dul ag aisteoireacht in Amharclann na Mainistreach. Cheana féin bhí sé páirteach i ndrámaí agus i léamh filíochta ar an raidió. Ach chinn sé ar leanúint den oideachas. Bhain sé céim MA le honóracha den chéad scoth amach i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe agus ghnóthaigh scoláireacht Theach an Ardmhéara. Gheofar tuairim dá shaol i nGaillimh, agus go háirithe maidir le Cumann Drámaíochta na hollscoile agus Taibhdhearc na Gaillimhe, san alt a scríobh sé ar Shiobhán Nic Cionnaith in Comhar, Deireadh Fómhair 1977. Chaith sé bliain ag múineadh i Scoil Ghramadaí na Gaillimhe.

Ceapadh é ina léitheoir nuachta i Radio Éireann i 1947 agus as sin amach, don chuid is mó dá shaol, bhí sé ag obair sa tseirbhís chraolacháin phoiblí, idir raidió agus theilifís. Bhí sé ina Shaoiste faoi 1949 agus ceapadh ina Phríomhléitheóir/ Bolscaire é i 1951. Ó 1953 go ceann tamaill bhí sé ag obair le O’Kennedy-Brindley Advertising agus bhí sé i gceannas ar fhógraíocht raidió agus teilifíse ann; bhíothas díreach tar éis Gael Linn a bhunú agus Pádraic a chraoladh beo a gclár urraithe gach Luan. D’fhill sé ar Radio Éireann i 1954 agus bhí ina chúntóir ag Ceannasaí na gClár. Nuair a thosaigh an tseirbhís teilifíse bhí sé ina cheannaire ar Roinn na Láithreoireachta agus ina chúntóir ag Ceannasaí na gClár. I rith a théarmaí i raidió agus i dteilifís théadh sé i gcomhairle thar ceann an stáisiúin le heagraíochtaí idir oifigiúil agus thoildeonach agus eaglasta. Ba é an chéad ionadaí ag Éirinn é ag cruinnithe d’Aontas Craoltóireachta na hEorpa. I 1964 ghnóthaigh sé an Ireland-U.S.A. Exchange Scholarship in Communications and Public Relations agus chaith bliain ag staidéar in Ollscoil Boston. D’fhill sé ar a phost i 1965. Ceapadh é ina stiúrthóir ar Raidió na Gaeltachta i 1971 agus air a thit na hullmhúcháin go léir a bhain le hoscailt an stáisiúin in Aibreán 1972. D’éirigh sé as an bpost ag deireadh na míosa sin toisc nach raibh sé ar fónamh. Bhí luaidreán ann gur de dheasca easaontais éigin a tharla sé ach deir Ó Glaisne: ‘Níor oir an post áirithe sin dó. Creidim go bhfuil an scéal chomh simplí leis sin.’ As sin amach is agallaimh a chur ar dhaoine ar bhain tábhacht mhór leo i stair agus i gcultúr na hÉireann an obair a bhí le déanamh aige, é freagrach do Cheannasaí na gClár Raidió. Shaibhrigh an obair sin a bhfuil ar coimeád d’ábhar luachmhar sa Chartlann Raidió. D’éirigh sé as obair i 1986 ach lean air ag obair ar tháille áirithíochta do RTÉ. Phós sé Pegg Monahan, aisteoir, i 1951 agus bhí ceathrar leanaí acu. D’éag sé 8 Eanáir 1999 agus tá sé curtha i Reilig Sheangánaí, Co. Bhaile Átha Cliath.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú