Mhair a cáil ar feadh i bhfad toisc an tsiopa leabhar a bhí aici. I nDroim Conrach, Co. na Mí, a rugadh í ar 1 Meán Fómhair 1867. Múinteoir scoile agus leaschláraitheoir ba ea a hathair Patrick Reilly (a rugadh in 1825) agus ba í Mary Geraghty a máthair (d’éag 20 Deireadh Fómhair 1879 in aois 49 bliana di). Deir Cogan in Diocese of Meath, 1870: ‘Mr Patrick O’Reilly, late national teacher in Drumconrath, Co. Meath, published a few years ago a volume of poems, very much admired and applauded’. B’in é The rural harp: poems and lyrics national, pathetic and humorous, 1861 a foilsíodh i nDroichead Átha. Deir D.J. O’Donoghue in eagrán 1892 de Poets of Ireland : ‘He was presumably the “P. Reilly” of the Irish Tribune 1848. He wrote for the Irish almanacs from 1844 to 1876 and contributed to Drogheda Argus etc. He retired on pension a few years ago’. Ag pointe éigin, d’aistrigh sé go Baile an Bharóidigh, Co. Chill Dara. Nuair a d’éag Máire, dúradh in Leinster Leader gur chaith sé tamaill ina mhúinteoir náisiúnta i gCluainGhuaire, sa Ráth Mhór agus in Áth Garbháin, iad go léir i gCill Dara. D’éag sé 5 Nollaig 1895. Bádh Aodh, deartháir Mháire, a rugadh in 1872, sa Life ar 3 Lúnasa 1879.

Tá cuntas ar Mháire agus a pictiúr in Banba, Imliogán [ Iúil], 1903. ‘Oibrí éachtach. . . . Dar linn gur thug an iníon féith na filíochta ón athair; ar aon chuma, cuireann sí oiread eolais agus céille i nduilleog pháipéir is a chuirfeadh a lán daoine i leabhrán. Cuireadh Craobh Náis na Rí de Chonradh na Gaeilge ar bun timpeall Féile Pádraig 1900. Toghadh Iníon Uí Raghallaigh mar rúnaí na Craoibhe sa Mheitheamh ina dhiaidh sin. Ón lá sin anuas, tá sí ag obair gan staonadh, agus ní miste a rá gur mó atá déanta ar son na teanga aici ná mar atá ag muintir Chill Dara eile go léir curtha i dteannta a chéile. Ní móide go bhfuil craobh eile in Éirinn níos treise faoi láthair ná mar atá Craobh Náis na Rí. Is í Máire teachtaire na Craoibhe le dhá bhliain chun na hArd-Fheise. Cuireadh Comhaltas Ceardaíochta ar bun faoi chúram na Craoibhe timpeall na Samhna seo caite. . . . Mná óga na Craoibhe a chuir an Comhaltas seo ar siúl .... Titeann formhór den obair ar Mháire, ámh, mar gurb í rúnaí an Chomhaltais seo ó thús í. Rud eile atá déanta aici, coiste ceantair de Chonradh na Gaeilge a chur ar bun i gContae Chill Dara. Tá sí le dhá bhliain nó níos mó ag gabháil den obair seo de ló is d’oíche. Is í rúnaí an choiste seo leis í ...’

Dar le Daonáireamh 1901 go raibh cónaí ar Mary O’Reilly áirithe i Sráid na Mainistreach sa Nás. Ba í ceann an tí í agus chuir sí síos go raibh sí 28 bliana d’aois, gur i gContae na Mí a rugadh í agus go raibh Gaeilge aici. ‘Phonographer and typist’ an cur síos ar a gairm bheatha. Bhí beirt bhan eile sa teach, lóistéir agus cuairteoir, agus bhí Gaeilge acu. In ainneoin na haoise a dúirt sí a bhí aici, is ródhóigh gurbh í Máire s’againne í. Dúradh in Leinster Leader tar éis a báis go raibh scór bliain caite aici mar chléireach dlí i gcomhlacht Brown & McCann, aturnaetha sa Nás. B’fhéidir gurbh é 1886-1906 an scór bliain sin agus gur aistrigh sí go Baile Átha Cliath ina dhiaidh sin. Bhí gnó clóscríbhneoireachta ag ‘The Misses O’Reilly and Ennis’ i Sráid na Tríonóide sa phríomhchathair ó c.1906 ar aghaidh agus b’fhéidir gurbh ann a bhí sí.

I 1916 a chuir sí a siopa leabhar ar bun ag 87 Sráid na Driseoige. Timpeall 1929, b’in é an seoladh a bhí ag an ‘Gaelic Dramatic Society’. Thosaigh a cara agus a comh-Mhiach Seosaimhín Ní Eochagáin (d’éag 24 Aibreán 1953) ag obair léi sa tsiopa i 1919. Nuair a chuir an Conradh deireadh lena chomhlacht foilsitheoireachta, Clódhanna, is do Mháire a thug siad cúram díolta leabhair an Chonartha i 1922. Toghadh í ina ball den Choiste Gnó i 1921, nuair a fuair sí an dara vóta ab airde, agus arís i 1922. Faoi 1932, bhí sí ar dhuine d’iontaobhaithe na heagraíochta agus i 1939 bhí sí ina ball de choiste an Oireachtais athbhunaithe thar ceann Coiste Gnó an Chonartha. In Feasta, Meitheamh 1953, scríobh Séamas Ó Súilleabháin, bainisteoir Oifig Díolta Foilseachán Rialtais, faoi shiopa Mháire: ‘Os do chomhair sa tsiopa bhí na céadta foilseachán éagsúla Gaeilge agus bhraith tú caradas agus cineáltas san atmosféar an túisce a thug tú cuaird air. Mhothaigh tú freisin gur ball d’Éirinn é seo go bhféadfá do mhéar a leagan ar chuisle na hathbheochana ann a bhuíochas san uile don bheirt bhan misniúil a bhunaigh agus a stiúraigh an institiúid fhíornáisiúnta seo’.

Nuair a fuair Máire bás ina teach féin ar 20 Meitheamh 1941 dúradh go raibh sí 73 bliana d’aois. Dúirt Riobard Braham, rúnaí na hArd-Chraoibhe, gur bhall gníomhach den chraobh sin a bhí inti go dtí an deireadh agus gur mhinic a thagadh sí chuig cruinnithe. Tá sí curtha i reilig Bhaile an Bharóidigh, Co. Chill Dara.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú