Bhain sé cáil amach mar eagarthóir, ar feadh tuairim 35 bliain, ar an míosachán Ar Aghaidh. Tá cuntas air ag Risteárd Ó Glaisne in Irisleabhar Mhá Nuad, 1988 (‘An Moinsíneoir Pádraig Eric Mac Fhinn’) ina bhfuil sleachta as na litreacha, a bhfuil eolas beathaisnéiseach i gcuid díobh, a chuir sé chuig Risteárd i gcaitheamh 36 bliain, agus tá cuntas ag a iardhalta Máirtín Ó Flathartaigh in Anois 19 Iúil 1987. Deir Risteárd faoi: ‘Agus ar éigean a bhí duine in Éirinn san aois seo ab fhearr a sheas leis an Ghaeilge, chomh fada len í a labhairt ná eisean.’ In Feasta, Deireadh Fómhair 1987 tá alt dar teideal ‘Fealsúnacht Oideachais an Mhonsignor Eiric’ ag Nollaig Ó Gadhra. I Lios Maine, i bparóiste Chluain Tuaiscirt agus in aice le Míleac, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 8 Márta 1895; foilsíodh léacht a thug sé ar a áit dhúchais faoin teideal Mílic, 1943. Is mar seo a bhí an teaghlach (Lios Maine, Cluain Tuaiscirt) i nDaonáireamh 1901: Robert Fair (33); a bhean Mary (32); Eric (6); Ivan (2). Níor tagraíodh don Ghaeilge. I nGaeilge a líonadh foirm 1911: bhí an lánúin pósta le 21 bliain agus den seisear a rugadh dóibh bhí cúigear beo; sa teach bhí Niall (7); Julia (5); Eithne (3). Bhí Gaeilge ag beirt den triúr a bhí ar aimsir acu agus ba bhuime ó Chiarraí duine den bheirt. Dochtúir ba ea a athair Roibeard Cathmhaoileach Mac Fhinn (Fair) [B5 lch 288]; Caitliceach a mháthair sin agus Protastúnach a athair (Campbell Fair, dochtúir in Uachtar Ard) agus ina Chaitliceach a tógadh é. Chuir Roibeard spéis sa Ghaeilge agus ba é a roghnaigh Mac Fhinn mar shloinne; is inspéise go raibh scéal i gcló in An Claidheamh Soluis 18 Meitheamh 1910 faoin ainm ‘Eric Mac Féir’ ach faoi 27 Lúnasa na bliana sin gur mar ‘Pádraig Eric Mac Fhinn’ a bhí sé ag scríobh. Ba í Máire Nig Ulghairg a mháthair. Bhí beirt deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. Bhí sé ar scoil ag mná rialta La Sainte Union i mBaile Átha Luain agus ina dhiaidh sin ag na hÍosánaigh i gColáiste Choill Chluana Gabhann. Nuair a bhí sé ag fágáil an choláiste sin i 1911 thug a athair leis é go Coláiste Thuar Mhic Éadaigh chun cur lena eolas ar an nGaeilge. Bhí an Ghaeilge ar cheann dá ábhair don BA sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhain sé amach céim MA sa bhfealsúnacht agus i 1915 chuaigh sé chun na Róimhe a dhéanamh staidéir le haghaidh céim dochtúra. Oirníodh sa Róimh é i 1919 tar éis tamaill i gCluain Life agus i gColáiste na nGael sa Róimh. Bhuaigh sé duais Oireachtais i 1921 ar aiste i dtaobh cúrsaí tionscail agus feabhsú shaol an phobail. Chaith sé tamall ag múineadh i gcoláiste deoiseach Chluain Fearta sa Gharbhaile (Coláiste Naomh Seosamh). Ba í Máire Ní Raghallaigh a mhol dó ag pointe éigin dul go Garmna le slacht a chur ar a raibh foghlamtha aige den Ghaeilge. Nuair a d’fhill sé ar an Róimh d’iarr uachtarán Choláiste na nGael air taighde a dhéanamh i gCartlann na Vatacáine ar stair na heaglaise agus ar mhairtírigh na hÉireann. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris bhliantúil An Róimh agus d’fhaigheadh fógraí ó Iodáiligh le cur i nGaeilge san iris. I 1922 fuair sé teastas mar scripteolaí agus cartlannaí. Agus é ag tagairt don bhliain 1928 deir an Flathartach ‘gur mhó. . . a chuid eolais an uair sin ar stair mheánaoiseach na hEaglaise’ ná ag aon Éireannach eile dá raibh thuas.

Bhí sé ag múineadh arís sa Gharbhaile ó 1926 go 1931. Ba é an díograiseoir Gaeilge ba mhó ann é lena linn. Fraincis, Béarla, stair agus geograif a mhúineadh sé agus deirtí go múineadh sé Béarla fiú trí mheán na Gaeilge. Bhunaigh sé Fo-ghasra den Fháinne ann. I 1927 bhunaigh sé an iris Gearrbhaile; dhá iris eile a d’fhoilsigh sé ar a chostas féin ba ea Tús a’ Phota i 1930 agus Lic an Teallaigh an bhliain dár gcionn. Ceapadh é ina Léachtóir le hOideachas i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe i 1931; deir Ó Gadhra: ‘Nuair a ghlac rialtas an tSaorstáit. . . le moltaí Earnáin de Blaghd , chun Coláiste na hOllscoile a dhátheangú, b’é an tAthair Eiric an chéad léachtóir trí mheán na Gaeilge a ceapadh san áit. . . . Sa mhéid sin tá a áit féin aige i stair na tíre, agus i stair an oideachais in Éirinn.’ Bhí sé ar dhuine de na moltóirí liteartha ag Oireachtas 1939 (Oireachtas na Gaeilge 1897-1997, 1997, in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa). Bhí sé tamall de na 1940idí ina chathaoirleach ar Choimisiún Béaloideasa Éireann agus tamall eile ina chathaoirleach ar an gCoimisiún Logainmneacha. Bhí sé ar feadh 1950-60 ina bhall den Chomhairle Oideachais; chuir sé tuarascáil mhionlaigh le Tuarascáil na Comhairle Oideachais: Curaclam na Meánscoile, 1960. D’éirigh sé as a phost san ollscoil i 1965. Rinne Préaláid Tí de i 1967 le teideal Moinsíneoir i ngeall ar a shaothar ar son an oideachais.

D’fhoilsigh sé Scéim agus ceistiúchán le haghaidh Stair Pharóiste, 1929. Nuair a bhunaigh Liam Ó BuachallaAr Aghaidh i 1931 thosaigh sé ag scríobh ann um Meán Fómhair leis an aiste ‘Mussolini agus an Pápa’. Tar éis tamaill bhí sé ina eagarthóir air agus lean air sa phost gur cuireadh deireadh leis an iris i 1970; cuireann Ó Gadhra béim ar an tionchar a bhí ag an iris sin ar Chonamara. Ó 1910 amach bhíodh aistí aige in irisí mar An Claidheamh Soluis, An Branar, An Síoladóir, An Stoc, Irisleabhar Mhá Nuad, Galway Historical and Archaeological Society Journal, Irish Book Lover, An t-Éireannach. . . . Líon a thuairisc Ghaeilge ar an ábhar a bhain le hÉirinn i gCartlann na Vatacáine 280 leathanach de Analecta Hibernica, 1946; bhí cúpla samhradh i 1938-39 caite aige ag obair arís i gCartlann na Vatacáine ar mhaithe le Coimisiún na Lámhscríbhinní. Scríobh sé An tAthair Micheál P.Ó hIceadha, 1974; b’fhéidir go raibh an aois ag cur air um an dtaca seo agus meastar an bheathaisnéis sin a bheith easnamhach. Chaith sé tamall timpeall 1981-82 in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, agus na blianta deireanacha in Ospidéal Portiuncula i mBéal Átha na Sluaighe. Bhí teipthe ar a chuimhne le tamall. D’fhág sé a leabhair, a pháipéir agus a bhailiúchán ealaíne ag an gcoláiste i nGarbhaile agus ainmníodh an leabharlann ansin ina onóir. Bhronn Ardeaspag Dheoise Chluain Fearta béaloideas a bhailigh sé agus roinnt páipéar eile dá chuid ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. D’éag sé 25 Meitheamh 1987 agus tá sé curtha i Míleac.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú