Tá tagairt ag Ruth Dudley Edwards in Patrick Pearse: the Triumph of Failure, 1977 do Mhairéad: ‘Of his [Pearse’s] first female colleagues, Norma Borthwick was fractious, even venomous by nature. Mary [sic] O’Reilly, who lived with her, was unhinged, and died in a lunatic asylum’. Níor chuimhin léi cá bhfuair sí an t-eolas sin. Bhí labhartha aici le Síle Bairéad, iníon le Stiofán, agus b’fhéidir gur uaithi a chuala sí é; shíl Síle gur caitheadh go dona lena hathair agus níor thógtha uirthi má labhraíodh sí go searbh i dtaobh lucht aitheantais an athar. Is lena thaispeáint nach raibh an Piarsach in ann, más fíor, caidreamh a dhéanamh le gnáthbhean dá aois féin a luann Edwards Mairéad.

Rugadh Mairéad Ní Raghallaigh ar 30 Meitheamh 1866 sa Bháinseach, Co. Thiobraid Árann. Deirfiúr ba ea í le hÁine Ní Raghallaigh . Ba é William Reilly, ceannchonstábla i gConstáblacht Ríoga na hÉireann, an t-athair, agus ba í Mary Anne Coakley an mháthair. Deir sí go bhfuair a hathair bás ar 23 Iúil 1893.

In Oifig an Phoist a bhí sí ag obair mar státseirbhíseach. ‘Woman Clerk’ an grád a bhí aici. B’fhéidir gur phost neamhbhunaithe a bhí ann. Ar 5 Márta 1886, cuireadh ag obair i Londain í (‘in the Treasurer’s and Accountant General’s Office’). Tugann sí cuntas ar na mná a raibh sí in aontíos leo thall; Preispitéireach ó Luimneach duine díobh, ball de Bhráithreachas Phlymouth duine eile agus ball de Chumann na gCarad duine eile. Cé is moite de Norma Borthwick agus Tadhg Mac Suibhne, ní luann sí aon bhall aitheanta de chuid Chonradh na Gaeilge i Londain ná in Éirinn. Aistríodh í go dtí Oifig an Chuntasóra, Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath, um Nollaig 1895. Is dóigh gurbh ann a casadh P.J. Keawell uirthi den chéad uair. Chuaigh sí chun cónaithe ar dtús le Miss Coates ar Bhóthar Bhaile Phib. Nuair a chuir a deartháir faoi i mBaile Átha Cliath bhí siad ar lóistín i dteach Mrs Wicklow, Ascaill Windsor, Fionnradharc. Tá sé intuigthe b’fhéidir óna cairdeas le P.J. Keawell agus Norma Borthwick gur bhain sí leis an eite bheag nár ghlac go hiomlán le polasaí neamhsheicteach an Chonartha. Nuair a fuair An Claidheamh Soluis mar locht ar thréadlitir an Chairdinéil Ó Maolmhaodhóg gur mó a bhí le rá aige i dtaobh tíortha thar lear ná i dtaobh na hÉireann theastaigh uaithi go ngabhfaidís a leithscéal leis. Ball tábhachtach go maith de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ba ea Mairéad. Bhí sí féin agus Stiofán Bairéad ar an gcoiste a ceapadh in 1896 chun an chéad Oireachtas a eagrú. Toghadh d’aonghuth í ina rúnaí ar an Ard-Chraobh (An Claidheamh Soluis 24 Meitheamh 1899). Is thar ceann Chraobh Ráth Maonais a bhí sí sa láthair nuair a bunaíodh Craobh Dhroim Conrach (idem 17 Márta 1900). Thugadh sí léachtaí sna craobhacha: ceann faoin Seicis sa Bhóithéim (idem 9 Nollaig 1899) ag Craobh an Athar Eoghan Ó Gramhnaigh; i gCraobh Mhichíl Uí Dhuibhir, ba é teideal a páipéir ‘A Gaelic Leaguer’s impression of Paris’ (22 Meán Fómhair 1900). Faoi 1904, bhí sí ina rúnaí ag an ‘Anti-Emigration Society’. Tá nóta ag Micheál Ó Maoláin in Ar Aghaidh, Feabhra 1955 go raibh tacaíocht á tabhairt aici do D.P. Moran nuair a bhí an Leader á thosú aige. Bíonn tagairtí di ag Shán Ó Cuív san aiste atá aige in Eoin Mac Néill: scholar revolutionary, 1973 i dtaobh an aighnis idir an tAthair Peadar agus Mac Néill. Bhunaigh sí féin agus Borthwick ‘The Irish Book Company’ i 1901 agus ba iad feasta a d’fhoilseodh leabhair an Athar Peadar. Is faoi ainm Mhairéad a d’fhoilsigh an comhlacht sin na paimfléid ag cur in aghaidh leabhair an Athar Peadar a bheith á gcoimeád amach as cúrsaí oideachais: The Exclusion of Fr Peter O’Leary from Irish education, 1907; A statement of the position of modern Irish in the National University,1911 (ráiteas a raibh lámh ag an Athair Peadar féin ann agus ar chabhraigh sé lena dhréachtadh); Supplement to a statement..., 1911; Summary of statements regarding the position..., 1912. ‘When I resigned on pension at the Post Office in June (?) 1907, I took up the management of the Irish Book Company (the 31 August 1907). The Irish Book Company, having to a great extent accomplished its work, ceased on the 16th March 1916. By that time it had become worn down to me practically, and on 21 December 1917, with the concurrence of Miss Borthwick and Canon O’Leary, I transferred the charge of Canon O’Leary’s books and writings and that of the books and writings of Miss Borthwick etc, etc to Father Fleming of Westland Row. As my sister Annie [Áine Ní Raghallaigh B5] appears to have taken offence with me, because, as far as I can make out, I cannot sympathise with the Sinn Féin policy, although I am friendly with the Sinn Féin people that I know, I think it well to put these few sentences together regarding my life since I left home nearly thirty two years ago. My life in Dublin has been so busy that I never made many intimate friends.’

Fuair Margaret O’Reilly, bean singil agus státseirbhíseach ar scor, darb aois 77, bás in Ospidéal Meabharghalrach Ghráinseach Uí Ghormáin ar 8 Iúil 1945 agus cuireadh í i nGlas Naíon ar 12 Iúil. Bheadh an aois sin ag teacht le haois dheirfiúracha Uí Raghallaigh Mhaigh Chromtha. Níor fhág an bhean seo uacht agus is chuig a neacht Kathleen Herley (sic), bean singil, 4 Ardán Rockcliffe, An Dúcharraig, Corcaigh, a tháinig a maoin, £869. Tá fíorbheagán de mhuintir Uí Iarlaithe a bhfuil an leagan Béarla sin den sloinne orthu. Bhí neacht dar sloinne Ní Iarlaithe ina cónaí in aontíos le hÁine i 1901. Féach gurbh fhiú leis an neacht seo fógra báis a chur in Cork Examiner. Ansin, agus in Scéala Éireann, dúradh gur 78 bliana d’aois a bhí ag Mairéad. Nuair nár fhág sí uacht, b’éigean fiosrú i dtaobh deartháireacha agus deirfiúracha agus ní raibh aon duine díobh ina bheatha. Is ríchosúil gurbh í Mairéad Mhaigh Chromtha í agus gurbh í an duine deireanach de theaghlach Mhaigh Chromtha í. Ar 18 Eanáir 1918, scríobh sí nótaí uirthi féin ina teach Burrow Cottage, Cill Fhionntain; bhraith sí an bás a bheith i ngar di agus theastaigh uaithi beagán eolais ar a saol a thabhairt don Athair Richard Fleming (‘Since the 29th July last, I have had a recurring presentiment of death which has caused me to write this little memorandum and to put my affairs in order’). Táimid buíoch den Ollamh Dáibhí Ó Cróinín a d’aimsigh an litir i measc pháipéir a athar (Donnchadh Ó Cróinín). Síleann Dáibhí gurbh ón Athair Seán Ó Cuív a fuair Donnchadh í. Ag ‘Burrow Cottage’, Cill Fhionntain, a bhí cónaí uirthi roimh dhul isteach san ospidéal di. Ag Teach Loreto, Binn Éadair, a bhí sí ag cur fúithi níos luaithe ina saol (Freeman’s Journal 14 Aibreán 1916).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú