Ó CON CHEANAINN, Tomás (1921–2015)

Ollamh le Gaeilge Chlasaiceach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, eagarthóir ar an iris léinn, Éigse, agus ball d’Acadamh Ríoga na hÉireann. Fear ciúin séimh a raibh móraigeantacht agus uaisleacht ar leith ag baint leis. Sárscoláire agus duine a bhí thar a bheith fial lena chuid eolais.

Ar an Meall Mór, Baile an tSagairt, an Spidéal, Co. na Gaillimhe, a rugadh Tomás ar an 9 Márta 1921, do Shéamus Tom Shadhbha Ó Concheanainn agus Neain (Ní Chualáin roimh phósadh di), ón Teach Mór, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

Bhí Tomás ar an duine ba shine de cheathrar clainne. Beirt deartháireacha, Máirtín agus Seosamh, agus deirfiúr amháin, Máire, a bhí aige. Bhí a mhuintir lonnaithe i mBaile an tSagairt ó thús an naoú haois déag agus gabháltas talún á shaothrú acu ann. Tuigtear gurbh ó Bhaile an Logáin i gCor na Rón, Indreabhán, a bhog cuid den sliocht, soir go Baile an tSagairt.

I Scoil Éinde ar an Spidéal a fuair sé bunscolaíocht. Fuair sé scoláireachtaí le dul ar Choláiste Mhuire i nGaillimh agus in 1940 le freastal ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh. Rinne sé céim sa Ghaeilge agus sna Clasaicí agus scríobh sé tráchtas máistreachta ar théacs sa Leabhar Breac a bhain leis an naomhsheanchas.

Post ag múineadh Gaeilge i gColáiste Dhún Chéirí, mar a n-oiltí cailíní le bheith ina mbunmhúinteoirí, a thug Tomás go Baile Átha Cliath in 1952. Ceapadh ina léachtóir sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, é in 1964, agus ó 1969 go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 1986, bhí sé ina Ollamh le Gaeilge Chlasaiceach agus le Nua-Ghaeilge. Ó 1975–86 a bhí sé ina eagarthóir ar Éigse: A Journal of Irish Studies.

Bhí sé ina eagarthóir ar Nua-dhuanaire III (1978) agus ina chomheagarthóir (le Breandán Ó Buachalla agus le Pádraig de Brún) ar Nua-dhuanaire I (1971). Sna 1960idí thosaigh sé ag foilsiú ar mhóramhráin agus ar mhórdhánta na Gaeilge. Rinne sé obair éachtach ar lámhscríbhinní móra Chonnacht agus ar lucht a scríofa. Foilsíodh torthaí a thráchtais PhD sa Journal of Celtic Studies (1981–2), obair thar a bheith suntasach ar na leaganacha éagsúla de Dhinnseanchas Éireann.

Thaispeáin sé (Ériu, 1983) an tábhacht atá leis an gcuid sin de Leabhar Buí Leacáin a bhreac Giolla Íosa Mór Mac Fhir Bhisigh, c. 1392–99 bileog ina bhfuil fáil ar chuid de na téacsanna liteartha is tábhachtaí ón tSean- agus ón Meán-Ghaeilge, ina measc an chóip is iomláine de Leagan I de Tháin Bó Cuailgne.

Tharraing sé conspóid air féin nuair a rinne sé iarracht a chruthú gurbh é Giolla Íosa féin a rinne leasuithe a léirigh máistreacht ar an tseanteanga. Cé nár ghlac scoláirí eile lena chuid argóintí, mhaolaíodar ina bhfreagraí air ar an mbinb ba dhual dóibh.

Scrúdaigh sé (Ériu, 1974) saothar an cheathrar scríobhaithe a bhreac Leabhar Mór Leacáin idir c. 1397 agus 1418; Giolla Íosa Mór Mac Fhir Bhisigh, an príomhscríobhaí agus chruthaigh sé gurb é a aonmhac Tomás Cam Mac Fhir Bhisigh an ceathrú duine acu. Scríobh sé alt údarásach ar Chlann Fhir Bhisigh (Celtica, 1987). Tharraing sé aird (Léachtaí Cholm Cille, 1994) ar an tábhacht a bhain le dán fada a chum Giolla Íosa Mór in 1417, lán d’eolas ar chúrsaí ginealais agus logainmneacha.

Bhí eolas gan chomórtas ag Tomás ar chomhthéacs liteartha agus staire na lámhscríbhinní, ach bhí scil eile aige, go raibh sé géarshúileach. Mar a dúradh i gcuntas iarbháis ar an Irish Times, 6 Iúil 2015:

Long before digital imagery and databases, he showed a capacity to recall and associate such features in manuscripts from different collections, and to fix an identity previously unrecognised. He mastered the art of describing styles of handwriting with clarity and exactness, regardless of whether he was writing in English or, as he did almost exclusively in later years, in Irish.

Ón bpeannaireacht, d’aithin Tomás (Ériu, 1973), gurbh é Murchadh Riabhach Ó Cuinnlis ó Bhaile Locha Deacair, Co. na Gaillimhe, duine de cheathrar scríobhaithe Leabhar Buí Leacáin, a scríobh an lámhscríbhinn ar a dtugtar An Leabhar Breac 1408–11, an lámhscríbhinn is toirtiúla dár bhreac aon scríobhaí amháin ar mheamram.

San alt is cuimsithí fós (Celtica, 1981) ar Leabhar Bhaile an Mhóta, léirigh sé, cé gur i gCo. Shligigh a breacadh an chuid is mó di, gur breacadh cuid mhaith di i gCo. Thiobraid Árann. Chomh maith leis sin, chinntigh sé na codanna den lámhscríbhinn a bhreac na scríobhaithe Maghnus Ó Duibhgeannáin, Solamh Ó Droma agus Roibeartus Mac Síthigh.

D’fhoilsigh sé ailt bhreátha ar oidhreacht liteartha Chonnacht bunaithe ar théacsanna ó Chín Dromma Snechtai go Leabhar na hUidhre (Cambridge Medieval Celtic Studies 16, 1988) agus ar ghnéithe de thraidisiún liteartha Ros Comáin ó Ghiolla Comáin Ó Conghallain go Cathal Óg (Comhdháil an Chraoibhín, 1994).

Rinne sé iniúchadh (Éigse, 2002, 2010) ar an lámhscríbhinn leighis Leabhar Mhuintir Laidhe, agus ar na scéalta idir fhírinne agus bhréaga a bhain leis an gclann úd. Naoi mbliana agus ceithre scór a bhí Tomás nuair a foilsíodh an dara ceann acu sin, mar aon le halt eile ar Éigse ar leaganacha an tsloinne Conaola/Conghaile, agus alt eile fós (Celtica, 2010) inar léirigh sé an mháistreacht ar na foinsí ba dhual dó. Siar míle bliain rianaigh sé tús clann Uí Dhiarmada Ua Con Cheanainn ina dhiaidh sin.

Bhí féith an mhórtais pobail agus an ómóis áite le rianú go láidir ina thiomantas iniúchadh a dhéanamh ar shainábhair a bhain lena cheantar féin, mar a fheictear sa mhionscagadh a rinne sé ar bhunús logainmneacha a bhaile dhúchais, ‘Leathbhaile Fearainn i gCois Fharraige’ (Dinnseanchas IV 1970–71).

Scríobh Tomás sraith alt fíorthábhachtach (Éigse, 1973–4, 1975, 1984, 1996, 1997) ar Leabhar na hUidhre, an lámhscríbhinn lán-Ghaeilge is sine ar marthain. Ba é a thiomsaigh an t-imleabhar deiridh (iml. 28) de Clár lámhscríbhinní Acadamh Ríoga na hÉireann (1970).

Rinne sé obair thábhachtach ar an scéal Meán-Ghaeilge Caithréim Cellaig, téacs arbh í a mhúinteoir i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, an tOllamh Caitlín Ní Mhaolchróin a chuir in eagar. D’fhoilsigh sé alt cuimsitheach ar chóras briathartha ‘Betha Cellaigh’ (Éigse, 1961) agus nótaí éagsúla ar an téacs ina dhiaidh sin.

Léiríonn cuntas ar mhúinteoir eile leis, Maighréad Ní Éimhigh, ‘Ma Heavey’ mar a thugadh na mic léinn uirthi (Bliainiris, 2004), a cheanúla a bhí sé ar a alma mater. Ar an mballa sa bhaile bhíodh pictiúr ar crochadh aige a tógadh i nGaillimh i dtús na 1940idí, ina raibh sé féin agus ceathrar de lucht a chomhaimsire sa choláiste: Seán Mac Réamoinn, Siobhán Nic Cionnaith, Breandán Mac Giolla Choille agus Pádraic Ó Raghallaigh.

Mar léachtóir labhraíodh Tomás sách íseal agus gan an tuin chainte a athrú mórán, ach fiú don mhac léinn gan spéis ar leith san ábhar ba phléisiúr i gcónaí a chuid Gaeilge. Ní raibh riamh aige ach an focal moltach, an focal misnigh. Mar a scríobh an tOllamh Gearóid Denvir i nóta iarbháis ar Biseach 2015:

Go fiú agus praiseach déanta ag duine de phíosa scríbhneoireachta, ní déarfadh sé ach ‘meastú arbh fhearr é a rá ar an gcaoi seo?’ Nó dá mbainfeadh duine mí-bhrí ar fad as líne nó rann, ‘Meastú nach é seo a bhí i gceist ag an bhfile?’ Chuir sé leis an oiliúint chiúin chineálta sin agus mé mar chomghleacaí óg aige, oiliúint a lean sna litreacha lán eolais a chuireadh sé chugam le moltaí fiúntacha an fhíorscoláire.

Bhí Tomás ina eagarthóir ar cheithre leabhar: Aenéis IX (1956); Catalogue of Irish manuscripts in the Royal Irish Academy, fasc. XXVII (1970); Aistriúchán ar Virgil: Aeinéid IX (1974); Nua-dhuanaire III (1978) agus ina chomheagarthóir ar Nua-dhuanaire I (1972); ina eagarthóir ar shé imleabhar den iris Éigse (1975–1986); bhí alt aige sa leabhar Town and gown (1984) agus i sé fhéilscríbhinn; d’fhoilsigh sé 77 alt in irisí éagsúla, Dinnseanchas, Ériu, Celtica, Journal of Celtic Studies, Journal of Cambridge Medieval Celtic Studies, Léachtaí Cholm Cille, Comhdháil an Chraoibhín, Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, agus 48 acu in Éigse. Dhá bhliain déag agus ceithre scór a bhí Tomás nuair a foilsíodh an t-alt deiridh dá chuid.

In 1952 phós Tomás Caitlín Ní Ghoinnte, múinteoir ó Cho. Shligigh ó dhúchas. Ina mic léinn a chas siad ar a chéile. Chuir siad fúthu i Stigh Lorgan, Baile Átha Cliath, agus thóg siad cúigear clainne. Agus é fós sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, bhásaigh a bhean agus ar dhul ar scor do Thomás d’aistrigh sé go Deilgne, Co. Chill Mhantáin, cóngarach dá chlann agus dá gharchlann mar ar lean sé air ag scríobh agus ag roinnt a chuid eolais go fial. Lasmuigh den léann bhíodh sé breá sásta labhairt faoi chlár teilifíse a chonaic sé nó clár raidió a chuala sé (agus na botúin ghramadaí nó foghraíochta a cheartú!) nó cluiche peile a phlé go mion agus go heolasach. Bhásaigh sé ar an 13 Meitheamh 2015.

Táthar go mór faoi chomaoin ag an Dr Nollaig Ó Muraíle faoin eolas ar shaothar Thomáis.

Éilis Ní Anluain

Ailt