Scríobh Uilleog de Búrca scéal a bheatha sna himleabhair thosaigh de Irisleabhar na Gaedhilge (1882-86) agus in An Gaodhal (1883-). Maítear gurbh í chéad bheathaisnéis ré na hathbheochana í agus cuireadh leagan Béarla amach in 1882. I Nua-Eabhrac a foilsíodh John McHale, Archbishop of Tuam, his life . . ., 1890 (2 iml.) le Bernard O’Reilly. Tugtar de ghradam do Mhac Héil de ghnáth gurbh é crann taca na Gaeilge lena linn é. Níl sé furasta fáthanna an ghradaim sin a mhíniú go lánsásúil. Níl amhras ach gur mhisnigh sé daoine ina dheoise, agus go háirithe i gColáiste Iarlatha, chun an teanga a shaothrú—Uilleog de Búrca, Peter Yorke , Seán Maolmhuire Ó Raghallaigh, Seán Mac Fhlainn, Micheál Ó Lócháin; gur spéis leis dánta agus prós Gaeilge a scríobh; agus gan amhras gurbh é an t-aon duine de cheannasaithe na heaglaise Caitilicí Rómhánaí a rinne aon dícheall ar son na teanga. In Mise agus an Connradh, 1937, agus é ag tagairt do mheath na teanga sa 19ú céad, deir Dubhghlas de hÍde: ‘Ní fheicim go raibh acht aon duine clúúil amháin ar ghoill an mí-ádh seo air; ba é sin an tArdeaspag Mac Héil, agus fairíor! níor fhág sé aon oidhre ina dhiaidh.’ Deirtear go coitianta go raibh sé in aghaidh na scoileanna náisiúnta i ngeall ar an dochar a dhéanfaidís don Ghaeilge ach is léir ar chuntas de Búrca gur fáthanna creidimh ar fad a bhí lena naimhdeas ar dtús; níor phléigh easpaig na deoise staid na teanga iontu go dtí sionad a tionóladh in 1858. In Mo scéal féin, 1920 is dó a thug Peadar Ó Laoghaire an chreidiúint i dtaobh gur cuireadh é féin i dtreo na Gaeilge. Is léir ar Uilleog de Búrca: Athair na hAthbheochana, 1981 le Proinsias Ó Maolmhuaidh gurbh é ceapachán an Bhúrcaigh ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Iarlatha, Tuaim, agus ina rúnaí ag Mac Héil, ar chol ceathar leis é, a chuir tús le pairtnéireacht thorthúil agus a dheimhnigh go raibh Tuaim ina lárionad Gaeilge ar feadh na tréimhse 1851-76. Chuireadh Mac Héil leaganacha Gaeilge dá thréadlitreacha ar fáil; bhí sé ina riail aige go dtabharfaí seanmóir Ghaeilge Aoine an Chéasta i ngach paróiste; i nGaeilge a bhí na scríbhinní ar Thuras na Croise san Ardeaglais. Agus, ar ndóigh, bhí sé ina éarlamh ag Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge.

I dTobar na bhFiann, i gceantar Thír Amhghlaigh, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 6 Márta 1791. Ba é an cúigiú mac é ag Pádraic Mac Héil, tábhairneoir, agus Máire Ní Mhaolchiaráin; deichniúr clann a bhí acu. Is mar seo a thugann Uilleog de Búrca a líne ghinealaigh: Seán mac Phádraic, mac Mhaolmhuire, mac Shéamuis, mac Riocaird, mac Shearuin, mac Mhaolmhuire. Ba é an tAthair Aindrias Ó Maolchonaire a bhaist é agus ba mhinic a d’fhriotháladh sé aifreann dó. Crochadh an sagart sin i 1798. Chuaigh sé go scoil scairte i Leathardán ar dtús. Mhaíodh sé go raibh air bata scóir a chaitheamh. Bhí uncail leis ina shagart paróiste in Ardachadh agus cinneadh Seán a chur le sagartacht. D’fhoghlaim sé Laidin i Scoil Phádraig Standún i gCaisleán an Bharraigh roimh dhul dó go Maigh Nuad in 1807. Oirníodh é um Meitheamh 1814 agus an bhliain chéanna sin ceapadh é ina léachtóir le diagacht i Maigh Nuad. Tugadh aird ar a shraith litreacha faoin ainm ‘Hierophilus’ inar thug sé faoin eaglais bhunaithe agus na deachúna agus inar labhair sé in aghaidh aon iarracht a dhéanfadh an stát córas neamhsheicteach oideachais a chur chun cinn. Ceapadh é ina easpag cúnta ar Chill Ala in 1825. In 1834 nuair a bhí easpagóideacht Thuama folamh theastaigh ó rialtas na Breataine gurbh é Brian de Búrca, sagart paróiste Chathair na Mart, a cheapfaí ach chinn an Róimh an post a thabhairt do Mhac Héil. Thacaigh sé go tréan le Domhnall Ó Conaill i ngluaiseacht Reipéil agus ba é Ó Conaill a thug an teideal ‘The Lion of the fold of Judah’ air. Bhí sé in aghaidh na nÉireannach Óga de bhrí go raibh siad ar son an oideachais neamhsheictigh agus bhí sé in aghaidh cheapachán John Henry Newman mar Reachtaire ar an Ollscoil Chaitliceach. Agus é ag plé na bhfáthanna a bhí le bunú chathaoir na Ceiltise i gCorcaigh in 1849, cuireann Neil Buttimer (The Irish Review, geimhreadh 1995) an cheist: ‘Ar theastaigh ó Rialtas na linne baill áirithe den gcliarlathas Caitliceach ar nós Sheáin Mhic Héil, ardeaspag Thuama, a mhealladh? Easpaig iad san a raibh báidh acu le traidisiún na Gaeilge ach a bhí míshásta leis an bpleanáil nua treas-leibhéil ar chúiseanna eile.’

B’fhéidir a rá go raibh sé i gcoinne ghluaiseacht an Athar Maitiú in aghaidh an ólacháin sa mhéid nár réitigh an pleids leis. In 1870 ag an gComhairle Vatacánach bhí sé in aghaidh Do-earráideacht Phápúil mar dhogma. Géilltear go ndearna sé gach iarracht chun fóirithint ar a phobal cibé uair a raibh gorta agus gátar ag bagairt orthu agus go háirithe i rith an Ghorta Mhóir. Bhí an naimdeas idir é agus a chomharba John MacEvilly ar cheann de na scannail eaglasta ba mhó sa 19ú haois in Éirinn. Scéal casta is ea é agus suimíonn Liam Bane mar seo é in The Bishop in Politics: Life and career of John MacEvilly: ‘It epitomised the struggle between the independent national church position, as represented by MacHale, and the centralised Roman church of Cullen and his disciple MacEvilly . . . and the fact that MacHale was able to sustain his opposition to the very end is due, not to the strength of his cause, but more to the force of his personality and the appeal of his uncompromising nationalism as contrasted in the popular mind with the suspect “castle” mentality of Cullen and MacEvilly.’ Ní raibh Mac an Mhíleadh fabhrach don Ghaeilge agus meastar, nuair a tháinig sé i gcumhacht, go ndearna sé géarleanúint ar chairde agus ghaolta Mhic Héil; an chuid díobh a raibh paróistí acu chuireadh sé chucu curáidigh nár theastaigh uathu! D’éag Mac Héil 7 Samhain 1881 agus cuireadh é i dTuaim.

Is é a thugann Proinsias Ó Maolmhuaidh le tuiscint gur ar chúnamh Uilleog de Búrca a bhí sé ag brath chun a shaothar liteartha a scríobh, nár fhoghlaim sé scríobh na Gaeilge go raibh sé os cionn caoga. In Leon an Iarthair: aistí ar Sheán Mac Héil..., 1983, in eagar ag Áine Ní Cheanainn, níl an tAthair Edward MacHale ag aontú leis sin agus tagraíonn do lámhscríbhinn Mhic Héil i Maigh Nuad ina bhfuil dáta timpeall 1820 lena aistriúcháin. D’aistrigh sé Iliad Hóiméir go Gaeilge in ocht n-imleabhar agus foilsíodh iad idir 1844 agus 1871. In 1841, d’fhoilsigh sé roinnt aistriúchán ar amhráin le Thomas Moore (eagrán nua in 1871 agus in 1899 chuir Tomás Ó Néill Ruiséal eagar ar A selection of the most national and popular of Moore’s Melodies with translations in Irish by the Most Rev. John MacHale). Leabhair eile is ea: An teagasg críosdaighe de réir chomhairle Ard-Easboig Thuama agus Easbog na Cúige sin, 1839; Toras na croiche, 1854 (aistriú ar shaothar le St Alfonso Liguori); An Irish translation of the Holy Bible, from the Latin Vulgate, with a corresponding English version, chiefly from the Douay... Vol. 1. Genesis to Josue, 1861; Craobh Urnaighe Craibhthighe, 1866. Foilsíodh beathaisnéis: Lion of the west: a biography of John MacHale, 2001 le Hilary Andrews.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú