Áit thábhachtach i dtús an chéid ba ea Dún Dealgan, príomhchathair Oirialla: Gaeltacht agus coláiste samhraidh gar dó; seanchainteoirí Gaeilge ó Ard Mhacha, Muineachán agus féin ina gcónaí ann; baill cháiliúla tuaithe agus cósta sa cheantar—Ó Méith Mara, Cuailgne, Mullach Bán, An Bábhún, Cairlinn, Inis Caoin. B’fhiú leis an gConradhArd-Fheis thábhachtach 1915 a thabhairt ann.

Ar feadh 70 bliain ba é Peadar Ó Dubhda ionadaí pearsanta na Gaeilge i nDún Dealgan. I gCros an Mhaoir, Co. Lú, a saolaíodh é ar 29 Meitheamh 1881. B’as an áit sin dá mháthair Mary Quigley. Tharla a athair Risteard sa Chonstáblacht Ríoga ann gur éirigh sé as gan mhoill ar phinsean beag. Bhí dúil aige san ól agus síbín ar bun aige taobh thiar de shiopa beag a mhná agus gar go leor do bheairic na bpílear. Chaith Peadar tamaill i gcúig scoil náisiúnta sa cheantar, an ceann deireanach díobh i nDún Dealgan. Ba i Scoil Inis Caoin a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh an cheoil. Nuair a bhí ceithre bliana déag d’aois aige chuaigh sé ag obair i siopa búistéara, ansin i siopa bróg. Céim suas sa tsaol post giollaíochta le Leverett & Frye ar chúig scilling sa tseachtain. Ar an gcuma sin a chuir sé aithne ar an oiread sin de sheandaoine an bhaile ar chainteoirí dúchais Gaeilge iad.

Ní raibh puinn eolais aige i dtaobh na teanga gur bunaíodh Craobh Dhún Dealgan de Chonradh na Gaeilge ar 19 Meán Fómhair 1899. D’fhoghlaim sé Gaeilge Oirialla chomh maith sin ó chainteoir dúchais, Aindrias Ó Marcaigh, go raibh sé ag múineadh sa chraobh faoi 1903. Dhá bhliain ina dhiaidhsean ceapadh ina mhúinteoir taistil é agus an bhliain dár gcionn i gCloch Cheannfhaola thug Pádraig Mac Piarais teastas Gaeilge bliana dó, an t-aon teastas dá bhfuair sé riamh. Ó 1912 bhí sé ina ollamh i gColáiste Bhríde, Ó Méith, agus nuair a aistríodh an coláiste go Rann na Feirste bhí bunrang aige ann. I 1915 nuair a tugadh post múinteora i gColáiste Mhuire, Dún Dealgan, dó d’éirigh sé as post an Chonartha. Ó ghiolla go múinteoir meánscoile, tabhair dul chun cinn sa tsaol air sin! Seacht mbliana déag a chaith sé sa choláiste agus ag deireadh na tréimhse sin caitheadh é féin agus tuataí eile as a bpoist. Bhí farasbarr sagart le fostú ag an am. Taobh amuigh de chorrthamall múinteoireachta bheadh sé taobh feasta leis an scríbhneoireacht agus ‘Cogar a Leanaí’.

Bhí spéis aige sa cheol riamh, é ag seinm an choirnéid i mbanna práis, ag múineadh amhránaíochta agus rince. Bhí cumas aige ar an veidhlín, ar an bpianó agus ar an bhfliúit. Ach is beag an t-éacht iad le hais an cheoil a chuir sé le ‘Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte’ an dán is caoinbhinne sa teanga. Ag Oireachtas 1907 ghnóthaigh sé an dara háit leis. ‘Éiníní’ an Athar Tomás Ó Ceallaigh a bhí sa chéad áit. Tharla bheith i gCraobh na hÉireann sa pheil i 1950 chuir sé ceol máirseála le ‘Iomáil Léana an Bhábhúin’ le hómós don ócáid. Ba mhinic é féin ag comhrá le sean-Ghaeilgeoirí an Bhábhúin. Agus ba é Peadar a bhunaigh an chéad chlub iomána i nDún Dealgan. Bhíodh sé féin ag imirt go raibh sé 38.

Ar an obair a dhéanadh sé le páistí is mó a bheidh cuimhne, b’fhéidir. I 1912 bhunaigh sé Éire Óg do pháistí Dhún Dealgan. Lean sé go dtí na 1920idí luatha. Na rannta agus na hamhráin a bheadh aige ar ball sa chlár raidió ‘Cogar a Leanaí’ is d’Éire Óg a chum sé iad i dtosach. Is beag clár raidió a mhair chomh fada leis—beagnach 30 bliain.

Creideadh ó aimsir Mhic Héil gurbh iad na sagairt amháin a shábhálfadh an Ghaeilge. Teoiric gaolmhar leis-sean go bhfuinfeadh an athbheochan don chreideamh. Idée fixe ag Peadar an ceangal sin. Ní bhíodh á iarraidh aige dáiríre ach go ndéarfaí na paidreacha i ndiaidh an Aifrinn i nGaeilge agus go mbeadh an teanga ag na sagairt a cheapfaí sa Ghaeltacht. D’éirigh sé an-searbh le Maigh Nuad nuair nach raibh toradh á thabhairt ar a éilimh. Lucht na Gaeilge féin bhí siad patuar. Beartas sa chogadh 30 bliain seo aige an Bíobla a chur i nGaeilge. Ó 1943 go 1955 bhí sé ag gabháil dó agus bhronn sé an saothar críochnaithe ar an Taoiseach ar 13 Iúil 1955. Bhí dúil sa líníocht agus i maisiú lámhscríbhinní aige. Níorbh aistriúchán amháin é mar sin. Saothar ealaíne a bheadh siombalach agus dúshlánach a bhí i gceist.

Ar nós bhunáite a chomhghleacaithe chuaigh Peadar i mbun pinn. Bhí aiste in Irisleabhar na Gaedhilge aige chomh luath le 1909. Scríobhadh sé do An Claidheamh Soluis, Sinn Féin, An tUltach, Misneach, The Leader, An Sguab, Fáinne an Lae, Catholic Bulletin, Dundalk Democrat agus go leor eile irisí agus nuachtán.

Scríobh sé idir dhrámaí, scéalta agus rannta go raidhsiúil don aos óg. Seo liosta a leabhar: Páidín Ó Ceallaigh maille le Sgéaltaí agus agallmha, [g.d.]; Ar lorg an tseanchaidhe ..., 1915; An seanchaidhe (cuid a haon), 1920; Rannta naoidheanán, 1923; Lá na cúirte (agus dhá eachtra eile), [1924]; Cáith agus gráin, 1929; Rannta, ceoil agus rinncí (i gcóir na bpáisdí), 1936; Thríd an fhuinneoig, 1936; Brian, 1937; An t-Ógánach ceann-órdha agus sgéalta eile, 1939; Brighidín, [1940]; Stair na craoibhe: Dún Dealgan (1899-1939), 1940; Teagasc Chríostuidhe na Gaeilge, 1941; An labhrann tú go soiléir? Ealadha na hurlabhra, 1941; Maynooth and our national language: some startling reports from the Gaeltacht, [1944?]; Tomhaiseanna agus ceisteanna grinn don aos óg, 1948; Siamsa cois teineadh, 1951-2; Óméith. Omeath, Co. Louth. Comprising history and folklore of the parishes of Carlingford and Omeath with selections from ... Gaelic poets, etc, 1951-2 (i gcomhar le Lorcán Ó Muireadhaigh); Cleasa na ceirde, 1958; Nua-ranna ceoil, 1959. Bhí sé ag scríobh a dhírbheathaisnéise i 1956.

Níor caitheadh mar ba cheart le Peadar. Ó 1933 amach ba bheag ar fad an teacht isteach a bhí aige. Nuair a bhí fonn air pósadh níorbh acmhainn dó é. Ach b’fhíor a rá freisin gur thug muintir Dhún Dealgan aitheantas mór dó. Cúig bliana as a chéile toghadh ina chathaoirleach é ar Chomhairle Baile-cheantair Dhún Dealgan. Tugadh aitheantas dá shaothar freisin nuair a toghadh ina Uachtarán ar an Oireachtas i 1953 é. D’éag sé ar 26 Bealtaine 1971 agus i 1981 cuireadh ar siúl Éigse Uí Dhubhda. Rinneadh iarracht mhaith lena linn ar urraim na hÉireann dá chuimhne a thaispeáint. I 1981 foilsíodh leabhrán le Pádraig Ó Néill, Peadar Ó Dubhda, ‘The Forgotten Man’, agus leabhar le Aodh Ó Cearra agus Séamas Céitinn, Peadar Ó Dubhda: a shaol agus a shaothar. Chomh maith le sleachta as a shaothar tá sa leabhar sin na foinn is aitheanta dár chum sé agus aiste ag Liam P. Ó Caithnia i dtaobh cheol ‘Úr-chnoc Chéin Mhic Cáinte’ a ndeireann sé faoi: ‘Pósadh foirfe feilmeanta ... idir fonn agus friotal’. In A hidden Ulster: people, songs and traditions of Oriel, 2003 deir Pádraigín Ní Uallacháin: ‘His talent lay in photography and for it he will be mainly remembered. Many of the photographs that appeared in Lorcán Ó Muirí’s publications were by Ó Dubhda. A number of his photographs appeared in various journals in the early decades of the twentieth century including An tUltach, An Claidheamh Soluis, Tempest’s Annual and the Catholic Bulletin.’

Bhí aon rud amháin a rinne Peadar i Samhain 1913 a dheighleann amach é ó fhormhór a chineáil féin. Thug sé léacht uaidh in aghaidh an fhoréigin mar bheartas agus thairngir gur mheasaide sinn é.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú